‘Ní ghlacfar le gealltanas in áit an chúlstop’ – teachtaireacht Varadkar do Johnson

Ag labhairt dó i mBaile Átha Cliath ar maidin, dúirt Boris Johnson gur ‘teip a mbeimis go léir freagrach aisti’ a bheadh i mBreatimeacht gan mhargadh

‘Ní ghlacfar le gealltanas in áit an chúlstop’ – teachtaireacht Varadkar do Johnson

Tá ráite ag an Taoiseach le Príomh-Aire na Breataine nach nglacfar le “gealltanas” in áit “barántais dlí” an chúlstop.

B’ionann Breatimeacht gan cúlstop agus Breatimeacht gan mhargadh, a dúirt Leo Varadkar roimh a chruinniú le Boris Johnson i mBaile Átha Cliath ar maidin.

Ag labhairt dó ag preasócáid in éineacht le Johnson, dúirt Leo Varadkar go raibh Príomh-Aire na Breataine tagtha ar cuairt chun na hÉireann ag am “cinniúnach” i stair na tíre.

Dúirt Johnson gurbh é an teachtaireacht a bhí aige ná go raibh fonn air go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe faoi Shamhain agus margadh déanta. “Táim ag iarraidh teacht ar mhargadh, táim ag iarraidh margadh a fháil,” a dúírt sé.

Dúirt sé go bhféadfaí déileáil le Breatimeacht gan mhargadh ach gur “teip a bheadh ann ó thaobh na státaireachta, teip a mbeimis go léir freagrach aisti”.

Dúirt Johnson go gcuirfí “smaointe eile” ar fáil faoi conas dul i ngleic le ceist theorainn na na hÉireann. Bhí “go leor leor moltaí” aige i dtaobh conas déileáil le ceist na teorann d’uireasa cúlstop, a dúirt sé.

Cé nár dúradh céard iad na moltaí sin, dúirt Johnson go bhféadfaí a chinntiú nach mbeadh seiceálacha ag an teorainn agus go gcosnófaí Comhaontú Aoine an Chéasta agus aontas eacnamaíochta na hÉireann.

Dúirt an Taoiseach nach mbeadh a leithéid de rud ann agus Breatimeacht le briseadh glan, bíodh margadh déanta nó ná bíodh.

Más Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann caithfidh an Ríocht Aontaithe caidreamh nua a shocrú leis an AE agus má dhéantar margadh beidh conradh trádála le haontú.

Dúirt Johnson nár mhaith leis go mbeadh daoine ag súil leis an iomarca ón lá inniu agus óna chruinniú leis an Taoiseach. Níor tharla aon mhór-dhul chun cinn inniu, a dúirt sé. Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Varadkar nár cheart é a chur as an áireamh go dtarlódh a leithéid amach anseo.

Fág freagra ar '‘Ní ghlacfar le gealltanas in áit an chúlstop’ – teachtaireacht Varadkar do Johnson'

  • An Teanga Bheo

    Stair na héireann arist againn leis an cúl stop seo agus cainteanna iad ar fad cosuil le 1921.
    comhréiteach is dóigh liom agus ní margadh ?