‘Ní ghlacfar go deo le Branda Nuachta Gaeilge do TG4 amháin’ – RTÉ

AR SON NA CÚISE: Tá lucht an stáisiúin leath-Ghaeilge ag éileamh Branda Nuachta Gaeilge do TG4 amháin, ach tá RTÉ ag iarraidh aitheantas do ghnéithe éagsúla de chultúr na Gaeilge i Montrose

‘Ní ghlacfar go deo le Branda Nuachta Gaeilge do TG4 amháin’ – RTÉ

Ní ghlacfar go deo le Branda Nuachta Gaeilge do TG4 amháin, a deir Dee Forbes, ceannasaí RTÉ le Ar Son na Cúise agus le Ar son na Cúise amháin.

Measadh le cúpla lá go raibh RTÉ agus TG4 tagtha ar réiteach maidir leis an tsáinn nuachta atá ann le 13 mí anuas, ach is léir anois nach dtiocfaidh tuar faoin tairngreacht an taobh seo den samhradh.

Is é éileamh TG4 ar Bhranda Nuachta Gaeilge do TG4 amháin an dris chosáin is mó sna cainteanna i gcónaí.

Ar an dtaobh eile den scéal, tá RTÉ ag iarraidh Branda Nuachta Gaeilge a thabharfadh aitheantas do ghnéithe éagsúla de chultúr na Gaeilge i Montrose, ag áireamh an traidisiún seanda gurb ionann an nuacht i gcéad theanga oifigiúil na tíre agus nuacht an Bhéarla athráite i nGaeilge shnasta shnoite.

Tá TG4 ag iarraidh Branda Nuachta Gaeilge a thabharfadh aitheantas do chearta an ‘Súil Eile’ amháin agus don chur chuige nuachta gur ionann aige an t-uasal agus an t-íseal, an mór agus an beag, an t-aighneas pleanála lár tíre agus bás na Gaeilge sa Ghaeltacht… ag brath ar an lá agus cé atá thart.

Chuaigh na cainteanna idir an stáisiún lán-Bhéarla agus an stáisiún leath-Ghaeilge in aimhréidh ar fad tamall ó shin nuair a bhagair RTÉ go ndéanfaí a bhfeasachán Gaeilge a réamhthaifeadadh, ach tuigtear do Ar Son na Cúise gur thángthas ar chomhréiteach maidir leis an easaontas áirithe sin.

Ba é an socrú a rinneadh ná nach mbeadh aon fhadhb ag TG4 ‘i bprionsabal’ le réamhthaifeadadh na nuachta fad is go mbeadh cead acu féin an nuacht réamhthaifeadta a athchraoladh roimh The Weakest Link lá arna mhárach.

Tá sé ina raic idir an dá stáisiún ó chuir feidhmeannach sinsearach de chuid RTÉ lucht TG4 i gcomórtas le ‘caoirigh bradacha a d’imigh thar claí ach a bhíonn fós ag iarraidh go dtabharfaí aire agus corrphlaic le n-ithe dóibh’.

Mar fhreagra ar an gcaint dhíspeagúil sin agus ar mhaithe lena léiriú go bhféadfadh gur ‘sionnach i gcraiceann na caorach bradaí’ a bhí i TG4, bhagair lucht an stáisiúin leath-Ghaeilge nach mbeadh aon chead ag RTÉ stiúideo nua Bhaile na hAbhann a úsáid feasta don nuacht.

Níor chuir TG4 leis an mbagairt sin nuair a taibhsíodh dóibh nach raibh aon chúram eile acu don stiúideo nua.

Fág freagra ar '‘Ní ghlacfar go deo le Branda Nuachta Gaeilge do TG4 amháin’ – RTÉ'

  • Bridog

    Ní branda ‘Nuacht -?nà níl ‘sùil eile’ ag Nuacht !!!!!!!
    Tà dualgas eagarthòireachta/ seorbhís craoltòireachta piublí ag RTE nuacht a chur ar fàil do lucht feachanna RTÈ -ar RTÈ
    (
    Tà de reir dlí ar RTÈ uair a chloig àbhar a sholàthar do TG 4 in aghaigh an lae as ciste RTÈ -bhfuil RTÈ à fhàil sa disn faoi làthair ???
    baineann solàthar nuacht arTG4 leis seo agus an fhoireann faoi chonrafh fostaiochta agus coinniolavha oibre RTÈ !