Ní foláir go bhfuil an teanga in umar na haimléise ar fad nuair nach mbacann an Taoiseach leis an mbéalghrá féin…

Ní foláir go bhfuil an teanga in umar na haimléise ar fad nuair nach mbacann an Taoiseach leis an mbéalghrá féin…

23/01/2016. 78th Fine Gael Ard Fheis. Pictured An Taoiseach Enda Kenny TD making his final speech to delegates at the 78th Fine Gael Ard Fheis in City West Hotel in Dublin this evening. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie 
An Taoiseach Enda Kenny TD ag Ard-Fheis Fhine Gael aréir Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

All I want is to see you smile,

If it takes just a little while,

I know you don’t believe that it’s true,

I never meant any harm to you.

Agus Don’t Stop le Fleetwood Mac á dtionlacan bhailigh slua caithréimeach timpeall ar Enda Kenny i ndiaidh a óráide ag Ard-Fheis Fhine Gaeil (Fine Gael Ard Fheis, RTÉ 1, aréir). Cad é bús, bulcáil agus baothchaint. Gan de dhifríocht idir é agus cadráil Fhianna Fáil ach dathanna agus dream amháin a bheith sa Rialtas agus dream eile a bheith sáinnithe i measc an fhreasúra.

Gan amhras b’éigean cúpla sleais a chaitheamh leis na sean-namhaid. Ina dhiaidh sin féin táthar ann a thuarann go mbeidh an dá pháirtí, de bharr na bhfigiúirí, ag dul i mbun chomhrialtas lena chéile tar éis an toghcháin,

Pé acu scéal ba é dea-dhealramh a chur ar dhroch-ghnó príomhsprioc na hóráide ag Enda beagfhoclach. Luadh an cliseadh eacnamaíocha arís agus arís eile (níor deineadh aon tagairt don arm a bheith ag na meaisíní ATM), agus gan amhras dhein Enda an téarnamh eacnamaíochta a thréaslú leis féin agus a pháirtí. Maíodh go gcuirfí an USC de dhroim seoil ach b’shin an t-aon rud nithiúil a dúirt sé.

Deineadh an-iarracht gan a bheith róuaibhreach agus rith amach ón gcairt ar fad. Chuige sin luadh i ngach dara abairt nach mór ‘the people’ agus an chreidiúint a bhí ag dul dóibh.

Níorbh aon ábhar iontais é, ach b’ábhar díomá mar sin féin é nár deineadh aon tagairt don Ghaeilge. Ní foláir go bhfuil an teanga in umar na haimléise ar fad nuair nach mbactar leis an mbéalghrá féin. Agus seachas ‘fáilte romhaibh’, ‘go raibh maith agaibh’ agus ‘slán go fóill’ ní raibh focal Gaeilge ann i gcaint an Taoisigh. Níor chuir sin aon lagmhisneach ar Aire na Gaeltachta Joe McHugh agus é i measc na ndaoine ba thúisce ar an ardán do na pictiúir tar éis na hóráide.

Taibhsítear dom go minic nach bhfuil Ray D’Arcy nó Ryan Tubridy compordach i mbun a gcúraimí láithreoireachta (The Late, Late Show, RTÉ1, Dé  hAoine agus The Ray D’Arcy Show, RTÉ1, aréir). Tugadh íde na muc agus na madraí do Ray tamall siar nuair a dhein sé cluais mhuice d’agallamh le Pamela Anderson agus aréir ní raibh sé róshlacthmhar lena chuid ceistiúcháin ar Dean Strang duine díobh siúd atá lárnach sa tsraith faisnéise Making a Murderer, an feiniméan teilifíse sin a bhfuil a theoiricí féin ag gach dara duine faoi.

In amanna  b’amhlaidh go raibh D’Arcy ag tabhairt achoimre ar an tsraith seachas díriú ar an aoi a bhí os a chomhair. Ábhar díomá óir go raibh gaisce déanta a réalta idirnáisiúnta a fháil fad is atá a cháil in airde láin.

Ba é an dála céanna ag Tubridy é. Bhí aíonna suimiúla aige siúd chomh maith: Ice Cube, James Nesbitt agus an draíodóir Dynamo ina measc.  Cé go raibh cleasanna an draíodóra go maith ní raibh Tubs os cionn a bhuille agus bhí an chuma ar Nesbitt gur theastaigh uaidh an bóthar a bhualadh. Rud a dhein sara dtáinig an chéad aoi eile amach. Ní hé sin a tharraing an cáineadh an babhta seo ach nuair a taispeánadh fearas le huain a chlibeáil. Cé a bheadh ina láithreoir? De réir a chéile is mó mo mheas ar Gay Byrne agus Graham Norton.

Fág freagra ar 'Ní foláir go bhfuil an teanga in umar na haimléise ar fad nuair nach mbacann an Taoiseach leis an mbéalghrá féin…'

  • Brendan Keane

    more teachers! níos mó muinteorií ! All Irish can rally around imploring the government to meet demand and fulfill the right of an Irish person to an Irish-medium education. No more waiting lists! Críoch liostaí feithimh ar Gaelscoileanna. 1,000,000 Gael scolaithe anois. Cuir freastal ar an t-éileamh Ghaeilscoileanna. Is ceart Éireannach í. Ach faigh go léir againn: béalghrá & plámás. The Irish language activists have become compartmentalized into minority special interest. Their survival, and the survival of the Gaeltachta depends on a reawakening of affinity between Irish vocabulary awareness and Irish speakers — defeating snobbery — and realizing that Irish claims to Ireland in the context of an Ireland=NAMA debt will only be guaranteed in the future by a language-based ethnic affinity. Without this, Ireland and “the Irish” are whoever owns its debt. Period.

  • alan

    níos mó múinteoirí le Gailge mhaith, bhfuil said ar fail?