Ní féidir torthaí an tSuirbhé Náisiúnta Bunscoile, a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais inné, a úsáid leis an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge ná ar an oideachas lán-Ghaeilge a léiriú, dar le Conradh na Gaeilge.
B’fhearr le 87% de thuismitheoirí a bhfuil a ngasúir i scoileanna lán-Bhéarla an teanga sin a choinneáil mar “phríomhtheanga theagaisc”, de réir na dtorthaí ar an suirbhé a rinneadh anuraidh.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc nár chuir torthaí an tsuirbhé “iontas” ar an eagraíocht teanga agus go raibh an suirbhé féin “lochtach ón tús”.
“Ní chuireann an toradh aon iontas orainn. Bhí an suirbhé lochtach ón tús, mar a dúradh arís agus arís eile leis an Roinn Oideachais. Níor tugadh aon chomhthéacs do na tuismitheoirí sa cheist faoin nGaeilge. Bhí [an Roinn] ag iarraidh ar na tuismitheoirí cinneadh a dhéanamh faoina scoil féin, an scoil a bhfuil a ngasúir ann anois, atá ag feidhmiú trí Bhéarla cheana féin.
“Níor tugadh aon eolas ná comhthéacs leis an gceist agus ní raibh aon seans ann go mbeadh figiúr ard ann. Ní chuireann sé iontas orainn go bhfuil an figiúr seo an-íseal, ach níl sé ag teacht leis an eolas atá faighte againn i suirbhé i ndiaidh suirbhé ar cheist na teanga scoile roimhe seo. Tá éileamh suas go 49% ar an oideachas lán-Ghaeilge,” a dúirt de Spáinn.
Dúirt sé go ndearna Conradh na Gaeilge iarracht a chur ina luí ar an Roinn Oideachais go raibh an cur chuige don suirbhé agus an fhoclaíocht sa cheist féin “lochtach” ach nár tugadh cluas éisteachta don eagraíocht.
Mhaígh sé gur locht mór eile a bhí ann nárbh fhéidir an suirbhé a chomhlánú gan na trí cheist ar fad a bhí ar an gceistneoir a fhreagairt. Dúirt de Spáinn gur fhág an cur chuige sin go raibh daoine ag freagairt na ceiste faoin nGaeilge ar chuma leo i ndáiríre faoin gceist. Mhaígh sé dá mbeadh rogha ann gan ceist a fhreagairt mura raibh spéis ag tuismitheoir ann go mb’fhéidir go mbeadh toradh difriúil ar an suirbhé.
“An locht eile a bhí sa suirbhé ná go raibh ort na trí cheist a fhreagairt. Cuid mhaith de na daoine, ní bheadh spéis acu bealach amháin nó bealach eile, ach bheadh orthu an cheist sin a fhreagairt. Dhiúltaigh mé féin an suirbhé a fhreagairt ar an mbonn gur cuma liom faoi cheist an chreidimh ach bheadh orm freagra éigin a thabhairt ar an gceist sin agus na torthaí a chur ó mhaith.
“Cé mhéad tuismitheoir a thug freagra gan machnamh ar cheist na teanga teagaisc mar gheall go raibh orthu freagra éigin a thabhairt leis an suirbhé a chomhlánú?” a dúirt de Spáinn.
Níl briseadh síos tugtha ag an Roinn Oideachais go fóill faoi na scoileanna aonair, rud atá geallta do mhí na Bealtaine. Dúirt de Spáinn go raibh Conradh na Gaeilge ag súil leis na tuairiscí atá á réiteach faoi na scoileanna go bhfeicfidh siad an raibh aon scoil ann sa tír inar theastaigh ó na tuismitheoirí an teanga theagaisc a athrú ó Bhéarla go Gaeilge.
Tá fáilte curtha ag an bhForas Pátrúnachta roimh thorthaí an tsuirbhé ach dúirt gur chuir an cheist a cuireadh ar na tuismitheoirí “srian” orthu oideachas lán-Ghaeilge a roghnú.
“Cé go léiríonn [an suirbhé] éileamh suntasach, athdhearbhaímid ár n-imní faoi fhoclaíocht na ceiste sa suirbhé maidir le hoideachas lán-Ghaeilge, ceist a chuir srian ar thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a roghnú mar go raibh níos mó le tabhairt san áireamh acu ar nós meon na scoile i dtreo na Gaeilge, caighdeán Gaeilge na múinteoirí reatha agus araile.
“In ainneoin na foclaíochta seo, léiríonn an figiúr de 13% go soiléir go bhfuil éileamh nach bhfuil á shásamh i gceantair áitiúla ar fud na tíre. Is fiú a chur san áireamh nach gcuimsíonn an figiúr de 13%, an 7% de pháistí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge faoi láthair. Fágann sé sin go mba chóir go mbeadh bunscoil amháin ar a laghad as gach cúig bhunscoil ina scoil lan-Ghaeilge,” a dúradh i ráiteas a d’fhoilsigh an Foras Pátrúnachta.
Ainneoin a míshástachta faoi fhoclaíocht na ceiste sa suirbhé, tá an Foras Pátrúnachta den tuairim go gcuireann na torthaí a fuarthas sna freagraí “in éineacht le taighde níos leithne ar cheist na Gaeilge” deis ar fáil chun “soláthar lán-Ghaeilge a leathnú agus freastal níos fearr” ar dhaoine atá ag iarraidh go bhfaigheadh a ngasúir a gcuid scolaíochta trí Ghaeilge.
“Is cruthúnas é go bhfuil athrú ag teastáil san oideachas bunscoile go roghnódh 13% de thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge agus 41% oideachas ilchreidmheach.
“Tá an Foras Pátrúnachta ag súil oibriú leis an Roinn chun an t-athrú seo a chur i bhfeidhm, go háirithe trí níos mó scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha a bhunú,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta.
Fág freagra ar 'Ní féidir torthaí shuirbhé na Roinne Oideachais a úsáid le héileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge a léiriú – Conradh na Gaeilge'