Ní féidir éalú ó scáth Bucha agus na hÚcráine 

Nach aoibhinn dúinn go bhfuilimid in ann cuid den lá a chaitheamh ar ár suaimhneas, gan scáth ná faitíos?

Ní féidir éalú ó scáth Bucha agus na hÚcráine 

Le faoiseamh beag a fháil ó na scéalta uafáis a bhí ag teacht chugainn i gcaitheamh an lae, thug mé sciuird ar an leabharlann áitiúil. Beidh sé deas ciúin, a dúirt mé liom féin.

Tá an Lexicon, leabharlann mhór Dhún Laoghaire ar cheann de na leabharlanna is mó sa tír déarfainn. Bhí sé ina ábhar mór conspóide é féin, nuair a tógadh ar dtús é, toisc go raibh an foirgneamh chomh neamhghnách agus chomh mór agus é ag gobadh amach ar shuíomh in aice an tsean-óstáin, an Royal Marine.

Ach nuair a shiúlann duine isteach ann, is léir ar an toirt gur taobh istigh atá na radharcanna is deise – ag faire amach ar an gcuan agus ar gach a bhfuil ag tarlú thíos uait ar an bhfarraige.

Níor smaoinigh mé ar chor ar bith ar leabhar a fháil ar iasacht. Bhí an oiread sin rudaí ar siúl thart orm, gur gearr go raibh mé ag léamh fógraí, ag caitheamh súil ar shaothair ealaíne, ag éisteacht le scéalaíocht do pháistí agus ag cur suime i dtaispeántais ar leith.

Faoiseamh intinne a bhí ann cinnte agus ní fhéadfadh duine ach smaoineamh ar aon fhocal amháin istigh ann – ‘síocháin.’

Nach aoibhinn dúinn go bhfuilimid in ann cuid den lá a chaitheamh ar ár suaimhneas, gan scáth ná faitíos, ag baint taitnimh as rudaí simplí mar sin, agus an t-aon torann ard a chloisfeas muid ná slám ‘Ladybirds,’ ag titim ar an urlár sa ‘chúinne chiúin’ nó páiste ag caoineadh toisc nach bhfuil Peppa Pig ann.

Ag féachaint ar na páistí óga, cuid díobh ag rith thart, cuid eile leath ag éisteacht leis an scéal, ní fhéadfainn dearmad a dhéanamh ar an bpictiúr a chonaic mé ar maidin ón Úcráin: páistín óg, gan air ach an clúidín agus uimhir theileafóin a mhamaí agus cúpla rud eile scríofa le ‘biro’ ar a dhroim, le go mbeifí in ann ainm a chur leis dá marófaí a Mhama sa gcogadh.

Thug mé faoi deara go raibh páistí eile a bhí níos sine, scoláirí dara leibhéal b’fhéidir, i mbun saothar ealaíne. Bhí scata maith acu ann – seastáin ealaíne socraithe anseo is ansiúd acu idir na leabhragáin agus iad ag péinteáil nó ag tarraingt pictiúr bunaithe ar an méid a bhí le feiceáil amach trí fhuinneoga breátha an Lexicon.

Dhá thaispeántas a bhí ar siúl ann an tseachtain seo – ceann acu bunaithe ar na grianghraif is fearr ó na nuachtáin in 2021. Spreag sé cuimhní ar imeachtaí na bliana i gcúrsaí spóirt, sa pholaitíocht agus in imeachtaí an tsaoil.

Chonaic mé pictiúir de pháistí ag spraoi ar thránna, ag spraoi amuigh sna páirceanna, ag cluichí peile agus tuilleadh. Ansin go tobann chonaic mé pictiúr d’fhear agus é ag cur fola go tréan, ag iompar páiste óg. Thug sé an Úcráin chun cuimhne ar an bpointe. 

Ach ní raibh ann ach pictiúr d’imreoir peile a gortaíodh le linn an chluiche agus a bhí ag imeacht den pháirc ag a dheireadh, lena pháiste óg ina bhaclainn. Nach mór idir muid agus ár gcomh-Eorpaigh roinnt mílte ciliméadar uainn? Nach beag ábhar casaoide atá againn, i ndáiríre?

Pictiúr eile a ghnóthaigh duais ná an pictiúr a glacadh den Taoiseach Micheál Martin agus é sa scuaine don vacsaín in aghaidh CoVid-19 i gCorcaigh. Cé mhéad ceannaire polaitíochta san Eoraip a dhéanfadh a leithéid? Cé mhéad tír ina bhfuil saoirse den saghas sin, ní hé amháin ag gnáthdhaoine ach ag ceannairí polaitíochta, imeacht thart gan bac ná clampar?

Thug duine de na scoláirí ealaíne cead dom pictiúr a ghlacadh dá saothar ar an seastán. Bhí sí i mbun oibre ar shaothar bunaithe ar an radharc amach tríd an fhuinneog. Rud atá coitianta go maith sa gceantar seo anois a bhí le feiceáil aici – bloc árasán.

Tráth amháin, baile beag cois trá ina raibh idir ghnáth-thithe agus tithe móra galánta a bhí i nDún Laoghaire. 

Thiar sna seascaidí is dócha a thosaigh muintir na hÉireann ag leagan tithe agus ag fáil réidh le sráideanna a raibh cuma an tseansaoil orthu agus ag fáiltiú go fonnmhar roimh an choincréit agus an ghloine.

Bhí Peter Pearson ina lead óg nuair a thosaigh sé ag cur suime sna seantithe agus sna seanfhoirgnimh thart sa cheantar seo. Thosaigh sé ag tarraingt pictiúr agus ag déanamh taifid ar na gnéithe éagsúla den tseanailtireacht sula n-imeodh sí ar fad.

Ní hé amháin sin, ach thosaigh sé ag bailiú sean-iarsmaí a raibh baint acu leis an tógáil agus an ailtireacht sin. Rudaí nach dtabharfadh an gnáthdhuine faoi deara – geataí iarainn, boscaí litreach, cnagairí doirse, ráillí staighre agus a leithéidí.

Bhain sé cáil amach mar ealaíontóir agus mar choimeádaí staire. Sa leabharlann i nDún Laoghaire, tá cuid dá shaothar le feiceáil i dtaispeántas speisialta a bheas ar taispeáint ansin go deireadh an Aibreáin.

B’fhéidir go ndéarfadh duine nach aon dochar ar chor ar bith é go bhfuilimid ag glanadh an chuid sin dár stair ón tírdhreach áitiúil? B’fhéidir go ndéarfadh duine gur fearr i bhfad blocanna móra árasán a thógáil san áit go raibh teach mór galánta tráth?

Chuimhnigh mé ar an ngiota beag de phíosa raidió a thaifead m’iarchomhghleacaí in RTÉ Jim Fahy tráth, go ndéana Dia grásta air. Chuala mé é ag an deireadh seachtaine. An deireadh seachtaine céanna ar thosaigh na pictiúir agus na scéalta ag sileadh amach as baile truamhéalach Bucha.

Níl na focail agam díreach mar a taifeadadh iad ach bhí fear ag caint le Jim faoin oíche ar dódh an Teach Mór go talamh le linn na dtrioblóidí, sna fichidí is dócha.

‘Tháinig siad chugainn agus scaip siad an t-ábhar a lasfadh an teach agus ordaíodh dúinn imeacht go sciobtha as,’ a dúirt sé.

Bhí bean taobh amuigh dá teach scriosta i mBucha ag rá mórán mór an rud céanna ar ghiota nuachta ar Twitter ar maidin. Bhí a fear, a caitheadh sa gcloigeann i rith an ionsaithe, á iompar ón láthair i mála plaisteach.

Níorbh fhéidir éalú ó na smaointe dorcha, na cuimhní, na híomhánna – fiú amháin sa leabharlann agus gáire na bpáistí óga sa gcúinne léitheoireachta in aice liom. 

Mairimid tríd an stair, arís agus arís eile. 

Fág freagra ar 'Ní féidir éalú ó scáth Bucha agus na hÚcráine '