Ní fágtha againn ar Chlog Lá an Bhreithiúnais ach 100 soicind mura n-athróidh muid béasa

Tuaiplis núicléach, cibearchogaíocht faisnéise, biteicneolaíocht, intleacht shaorga agus athrú aeráide na bagairtí is mó atá ag déanamh imní do lucht faire an chloig

Ní fágtha againn ar Chlog Lá an Bhreithiúnais ach 100 soicind mura n-athróidh muid béasa

Is minic Lá an Luain nó Lá an Bhreithiúnais á lua againn agus gan aon chuimhneamh againn go bhfeicfear go deo na ndeor é agus is beag imní a chuireann an breithiúnas a thabharfar ar ár saol agus ár saothar orainn dá réir.

Nach tráthúil mar sin agus an domhan féin agus gangaid na gcinnirí polaitiúla ag téamh go sciobtha go bhfuil Clog Lá an Bhreithiúnais amhail stoc na cille ag fógairt orainn nach bhfuil fágtha anois againn ach 100 soicind go dtabharfar breith an bháis orainne a raibh cúram na cruinne seo orainn le tamaillín gearr.

Eolaithe adamhacha a chuir tús leis an gclog meafarach seo 75 bliain ó shin agus an dara cogadh mór díreach thart. Dream deonach iad seo ar mhian leo a mheabhrú don domhan go raibh contúirt ag baint le cead a gcinn a scaoileadh leis an teicneolaíocht agus na heolaíochtaí agus go bhféadfadh an ainriantacht sin an cine daonna a chur i mbaol ó thubaistí núicléacha agus téamh an domhain.

Coinníonn na heolaithe sin súil ar aon nuálaíocht a d’fhéadfadh dochar doleigheasta a dhéanamh don duine.

Nuair a tosaíodh ar an gclog meafarach seo i 1947, measadh go raibh seacht nóiméad ag an gcine daonna sula ndíothóimis muid féin agus an saol mar atá.

Is iomaí siar is aniar déanta ag an gclog ó shin agus i 1991 ab fhearr a bhí an chosúlacht nuair a measadh 17 nóiméad a bheith fágtha againn le leorghníomh a dhéanamh.   Is cosúil gur in olcas a chuaigh rudaí ó shin agus níl againn anois, a deir na heolaithe agus na Seanóirí linn, ach 100 soicind mura n-athraí muid béasa go haibéil.

Tuaiplis núicléach, cibearchogaíocht faisnéise, biteicneolaíocht, intleacht shaorga agus athrú aeráide na bagairtí is mó atá ag déanamh imní do lucht faire an chloig faoi láthair mar, a deir siad, “go ndearna cinnirí an domhain creimeadh ar na heagraíochtaí a d’fhéadfadh déileáil leis na bagairtí idirnáisiúnta sin”.

Dúirt iar-uachtarán na hÉireann Mary Robinson, Cathaoirleach na Seanóirí, grúpa saineolaithe a bhunaigh Nelson Mandela in 2007, gur fainic ‘shollúnta’ a bhí sa bhfógra deireanach seo agus d’iarr sí ar cheannairí an domhain cuidiú leo leis an ngéarchéim seo sa domhan a mhaolú agus an cine daonna a tharraingt siar ‘ó bhruach na haibhéise’.

“Tá Clog Lá an Bhreithiúnais 100 soicind ó mheán oíche agus seo an gátar is mó a raibh an duine riamh ann. Caithfimid tarraingt le chéile – comhaontú agus gníomh a dhéanamh,” a dúirt Mary Robinson, Cathaoirleach na Seanóirí.

Sa tír seo tá go leor cainte faoi bhorradh a bheith faoi Chomhaontas Glas sa bhfeachtas toghcháin seo agus cúrsaí comhshaoil á dtarraingt anuas chuig iarrthóirí na bpáirtithe ar fad, go háirithe ag an nglúin óg.

Ar ndóigh beidh siad ann a déarfaidh nach bhfuil ann ach cearc an phrompa eile agus scéal chailleach an uafáis aici ach is diabhaltaí scéiniúil í an aibhéis freisin.

Fág freagra ar 'Ní fágtha againn ar Chlog Lá an Bhreithiúnais ach 100 soicind mura n-athróidh muid béasa'