Ní fada uainn tús oifigiúil fheachtas na huachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Ó 1972 áirítear Caucus Iowa ar an gcéad choimhlint sa tír agus roghnaíonn pobal an Stáit dhá scór toscaire le seoladh chuig coinbhinsiún náisiúnta an pháirtí

Ní fada uainn tús oifigiúil fheachtas na huachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá

 

 

Máirín Ní Ghadhra

Ceithre seachtainí ó amárach, reáchtálfar an chéad réamhthoghchán sna Stát Aontaithe do thoghchán uachtaránachta na bliana seo chugainn. Seo an chéad uair a mbeidh seans dáiríre léamh a fháil ar mhianta an phobail i dtaobh iarrthóir na bpoblachtach.

Ó 1972 áirítear Caucus Iowa ar an gcéad choimhlint sa tír agus roghnaíonn pobal an Stáit dhá scór toscaire le seoladh chuig coinbhinsiún náisiúnta an pháirtí i samhradh na bliana seo chugainn. Stát dearg é Iowa a thacaíonn go láidir le Poblachtaigh agus a bhfuil tuairimí coimeádacha ar cheisteanna sóisialta go mór sa treis ann. Go dtí seo, is ag Ron de Santis is mó atá tacaíocht faighte ó pholaiteoirí sa Stát sin, ina measc an gobharnóir Kim Reynolds.

Tá na hiarrthóirí ar fad ag caitheamh go leor ama in Iowa agus tá Trump ag caint go leor faoi ‘Bidenomics’ ag a chuid slógaí.  Tá sé fós go mór chun cinn sna pobalbhreitheanna ach is léir go bhfuil sé tábhachtach don fheachtas go mbeadh an bua aige. Tá sé ag impí le roinnt seachtainí ar phobal Iowa dul amach agus vóta a chaitheamh. Aithníonn feachtas Trump go bhfuil Nikki Haley ag neartú agus go bhfuil Ron de Santis láidir freisin.

An tábhacht is mó a bhaineann le bua mór in Iowa do Donald Trump go bhfuil siad ag iarraidh go n-éireodh leithéidí Haley agus de Santis as an bhfeachtas. Má éiríonn le Trump déanamh go maith in Iowa agus ina dhiaidh sin i New Hampshire beidh an ghaoth ina chuid seolta agus beidh súil aige go n-éireoidh cuid de na hiarrthóirí eile as an bhfeachtas ar fad. Beidh Haley cinnte fós san iomaíocht go dtí tar éis South Carolina agus Super Tuesday sa Márta.

Dea-scéal do Trump an tseachtain seo go bhféadfadh moill a bheith lena thriail in Georgia faoi thorthaí an toghcháin in 2020 a chur as a riocht mar thoradh ar iarratais atá déanta ag dlíodóirí Trump i gcúirt in Washington go bhfuil díolúine aige mar iar-uachtarán as a bheith ós comhair cúirte. Tá iarrtha ag an abhcóide speisialta Jack Smyth ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe breithiúnas a thabhairt air sin ach d’fhéadfadh an scéal ar fad an triail a bhí le tosú sa Márta a chur siar agus cá bhfios faoin tráth sin nach mbeadh Trump ina iarrthóir cheana féin?

Ceann de na cúiseanna imní is mó atá ag Daonlathaigh faoin bhfeachtas as seo go Samhain an dlús atá curtha ag an gComhdháil leis an bhfiosrúchán táinsimh faoin Uachtarán Biden le laethanta anuas. Cé go n-admhaíonn cuid de na polaiteoirí nach bhfuil aon fhianaise ann fós faoi ollchoireanna, cuirfidh an fiosrúchán amhras faoi Biden agus faoina theaghlach i lár gach scéal polaitiúil sa tír. Aontóidh sé Poblachtaigh ina bhfeachtas in aghaidh Biden agus meallfaidh sé roinnt le fanacht sa mbaile seachas vótáil do cheachtar iarrthóir.

Tá imní ar Trump nach dtiocfaidh daoine amach ag vótáil dó féin, tá imní ar Dhaonlathaigh go bhfanfaidh daoine sa mbaile ceal suime i gceachtar iarrthóir agus cuirfidh imeachtaí na míosa seo chugainn tús oifigiúil leis an bpróiseas ar fad.

Fág freagra ar 'Ní fada uainn tús oifigiúil fheachtas na huachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá'