Ní dhearnadh aon dochar do thalamh, foirgnimh, ná clianchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta le linn tine mhór Chonamara an tseachtain seo.
Lasadh na mílte acra talún i gConamara le seachtain sa tine ba mhó le céad bliain anuas agus meastar go mbeidh ar a laghad scór blianta ann sula mbeidh an choill ar an gClochbhaile, arbh í an choill ba mhó in Éirinn í roimh scrios na seachtaine seo, mar a bhí.
Bhí imní ann go ndéanfaí dochar do roinnt cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta mar gheall ar an loscadh, idir dhamáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh do na foirgnimh agus an talamh atá i seilbh an Údaráis, agus an dochar eacnamaíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh do chomhlachtaí a bhíonn ag brath ar adhmad dá dtionscadal.
Thug urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo, áfach, nach ndearnadh aon dochar do ghabháltas na heagraíochta agus nach baol dá clianchomhlachtaí mar go mbíonn na comhlachtaí sin atá ag brath ar adhmad dá gcuid oibríochtaí á fháil ó chúpla áit éagsúla.
Mar sin féin, dúirt an tÚdarás gur “tubaiste” a bhí i dtine na seachtaine seo don chomhlacht Coillte, go n-aithníonn siad “an dochar a rinneadh do thalamh agus do ghnó an chomhlachta sin” agus gur “trua le [ÚnaG] cás Coillte”.
Thréaslaigh an tÚdarás leis an “obair iontach” a rinne na seirbhísí éigeandála leis an tine a chur faoi smacht chomh maith le “dúthracht phobal na Gaeltachta” a chabhraigh leis na hiarrachtaí an tine a cheansú.
“Murach an obair iontach a rinne oibrithe Coillte, Briogáid Dóiteáin na Gaillimhe, an tAerchór, na Gardaí agus pobal na Gaeltachta féin d’fhéadfadh an scéal a bheith i bhfad níos measa. Molann an tÚdarás an obair sin agus tréaslaíonn go háirithe le muintir na Gaeltachta a chabhraigh lena gcomharsana,” a dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta.
Cuireadh an tine mhór faoi smacht ar deireadh tar éis cúig lá. Loisceadh aon trian den choill ar an gClochbhaile, an choill ba mhó in Éirinn. Tá os cionn 3,500 heicteár coillte agus talamh portaigh scriosta ag an tine, a scaip taobh amuigh de thalamh Coillte Dé Máirt.
Cuireadh tús inné le hiniúchadh ar na ceantair a dódh. Táthar ag iarraidh ar an bpobal gan dul chuig na háiteanna sin a dódh a fhad is atá an obair iniúchta ar bun agus a fhad is atá baol ann go dtosódh na tinte arís.
Bhí roinnt tithe i gceantar Sheanadh Phéistín i mbaol Dé Luain agus Dé Máirt ach d’éirigh leis an seirbhísí éigeandála an tine a cheansú agus ar deireadh thiar, níorbh éigean do mhuintir na háite a dtithe a fhágáil.
Bhí trí héileacaptar ag scairdeadh uisce anuas ar an tine an tseachtain seo. Caitheadh na mílte lítear uisce ar an tine ag iarraidh í a chur faoi smacht.
Bhí Páirc Ghaoithe na Gaillimhe, a bheidh ar an bhfeirm ghaoithe is mó sa tír nuair a bheidh sí críochnaithe ar fad, i mbaol a scriosta i gcaitheamh na seachtaine freisin, ach d’éirigh le Briogáid Dóiteáin na Gaillimhe an áit a chosaint ar na lasracha a bhí 20m ar airde agus i ngiorracht 40m do na tuirbíní gaoithe.
Tá Coillte den tuairim gur tine a lasadh d’aon ghnó ba shiocair leis an loscadh mór millteach cé nach bhfuil údar na tine deimhnithe fós.
caoin
na tinte sin, cad is féidir a rá fúthu? cén chaoi a fhéadfadh aon duine beo a bheith chomh barbartha? tá an ‘pyromania’ sin ann, an ngéilltear dá leithéid in aon chor anois? nó an cladhaireacht éaguimseach é? caithfear breith ar na bastairtí sin.