Ní dhéanfar aon eisceacht do RnaG ná Nuacht RTÉ agus ciorruithe á gcur i bhfeidhm

Bhí cruinnithe ag lucht bainistíochta RTÉ le lucht bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta le deireanas ag ar pléadh cuid de na ciorruithe a bheidh le cur i bhfeidhm ag RTÉ

Ní dhéanfar aon eisceacht do RnaG ná Nuacht RTÉ agus ciorruithe á gcur i bhfeidhm

Níl sé i gceist ag RTÉ aon eisceacht a dhéanamh do RTÉ Raidió na Gaeltachta ná do Nuacht RTÉ/TG4 agus ciorruithe á gcur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta.

Bhí cruinnithe ag lucht bainistíochta RTÉ le lucht bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta le deireanas ag ar pléadh cuid de na ciorruithe a bheidh le cur i bhfeidhm ag RTÉ “tríd an eagraíocht ar fad”.

Thug urlabhraí de chuid RTÉ le fios do Tuairisc nach bhfuil sé i gceist ag RTÉ aon eisceacht a dhéanamh do RTÉ Raidió na Gaeltachta ná do Nuacht RTÉ, seirbhísí a bhfuil acmhainní teoranta acu mar atá, agus na ciorruithe seo á dtabhairt isteach.

Dúradh go mbeidh “athruithe léiriúcháin ar fud RTÉ” agus go bhfuil an t-athrú sin “leanúnach agus riachtanach” le go mbeadh an eagraíocht in ann “freastal níos fearr a dhéanamh” ar riachtanais an lucht féachana agus an lucht éisteachta.

Maíodh go raibh RTÉ “tiomanta” don Ghaeilge agus go mbaineann na “hathruithe” a bheidh le déanamh tríd an eagraíocht le plean RTÉ “seirbhís phoiblí atá láidir agus neamhspleách a sholáthar”.

“Bíonn bainistíocht RTÉ i dteagmháil le foirne ar fud na heagraíochta go rialta, lena n-áirítear ár gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta. Tá ár bpleananna do thodhchaí RTÉ leagtha amach i straitéis cúig bliana RTÉ.

“Baineann an straitéis seo le todhchaí RTÉ agus leis an tábhacht a bhaineann le RTÉ a bhfuil athrú déanta air. Baineann sí le seirbhís phoiblí atá láidir agus neamhspleách a sholáthar, seirbhís a bheidh ar fáil do chách. Tá tiomantas don Ghaeilge san áireamh anseo,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.

Nuair a seoladh straitéis cúig bliana RTÉ 2025-2029 anuraidh, luadh go raibh sé i gceist ag an gcraoltóir náisiúnta foireann a bheadh “níos lú agus níos lúfaire” a bheith acu.

Fág freagra ar 'Ní dhéanfar aon eisceacht do RnaG ná Nuacht RTÉ agus ciorruithe á gcur i bhfeidhm'