‘Gné bhunúsach de chultúr náisiúnta ar bith atá i dteanga’ – Ambasadóir na Palaistíne ar cuairt ar an nGaeltacht

Bhí an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine chun an fhéile Dorn san Aer a sheoladh

‘Gné bhunúsach de chultúr náisiúnta ar bith atá i dteanga’ – Ambasadóir na Palaistíne ar cuairt ar an nGaeltacht

Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn, an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid

Chuir Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn béim ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga don chultúr náisiúnta agus í ar cuairt ar an nGaeltacht.

Bhí an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine chun an fhéile Dorn san Aer a sheoladh.

Agus í ar stáitse in Amharclann Ghaoth Dobhair, dúirt an Dr. Wahba Abdalmajid go raibh “stair fhada de streachailt in éadan an choilíneachais” sa gceantar agus go raibh an teanga iontach tábhachtach i dtaobh na hoidhreachta.

Dúirt an Dr. Wahba Abdalmajid, a bhí ag labhairt in Araibis, gur thuig sí go maith an dúshlán a bhaineann le do theanga a thabhairt don chéad ghlúin eile ach gur fiú é.

“Gné bhunúsach de chultúr náisiúnta ar bith atá i dteanga. Láidríonn an teanga féiniúlacht an phobail agus caomhnaíonn sí an stair agus an oidhreacht do na glúnta atá le teacht.

“D’fhoghlaim mise seo ó bheith ag caomhnú mo theanga féin, agus rinne mé sáriarracht í a thabhairt do mo chuid páistí, nuair a bhí siad i bhfad ó bhaile ón Phalaistín. Bhí rún daingean agam i gcónaí mo chlann a thabhairt liom ar ais abhaile agus mé ar cuairt chuig mo mhuintir sa Phalaistín.

“Bhí seo uilig dian agus deacair orm leo ag an tús. Ach tá a fhios againn, le líofacht a bhaint amach i dteanga, gur gá cónaí a dhéanamh i measc an phobail a bhfuil sí ina teanga laethúil acu.”

Dúirt an Dr. Wahba Abdalmajid nár thaitin sé lena páistí go raibh orthu obair bhreise a dhéanamh i ndiaidh na scoile chun an Araibis a fhoghlaim ach, agus an teanga ar a dtoil acu anois, go dtuigeann siad anois chomh tábhachtach is atá sí.

“Tá bród orm as mo theanga dhúchais, an Araibis, agus as a bheith ábalta í a thabhairt do mo chlann. Mholfainn do chách go múinfí teanga do pháistí agus iad óg, mar go mbíonn sé i bhfad níos deacra í a shealbhú agus iad fásta.

“Is í an teanga ár mbaile. Ná caillimis í.”

Bunaíodh an fhéile Dorn san Aer in ómós don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí, a d’imigh ar shlí na fírinne in 2023, agus dúirt an Dr Wahba Abdalmajid go raibh “a oidhreacht agus an lorg a d’fhág sé oraibh” le brath. “Mothaím an grá atá ag an phobal seo dó.”

Thug Mac Aodha Bhuí an-tacaíocht do mhuintir na Palaistíne le linn a shaoil agus ghabh an Dr. Wahba Abdalmajid buíochas leo siúd uile a bhfuil tacaíocht léirithe acu.

“Neartaíonn sé go mór muid,” a dúirt sí. “Tá aithne ag gach Palaistíneach ar Éirinn.”

Reáchtáladh imeachtaí ceoil agus cultúir ar fud Ghaoth Dobhair i rith an deireadh seachtaine mar chuid d’fhéile Dorn san Aer 2025.

Fág freagra ar '‘Gné bhunúsach de chultúr náisiúnta ar bith atá i dteanga’ – Ambasadóir na Palaistíne ar cuairt ar an nGaeltacht'