Ní cruinn na tuairiscí nach bhfuil ‘tacaíocht na nGearmánach’ ag Ursula von der Leyen

Tá an éiginnteacht i gcúrsaí polaitíochta ar fud na hEorpa ag cur leis an gcorraíl sa Bhruiséil

Ní cruinn na tuairiscí nach bhfuil ‘tacaíocht na nGearmánach’ ag Ursula von der Leyen

Tá sé á thuairisciú go forleathan sna meáin Bhéarla nach bhfuil ‘na Gearmánaigh’ ag tacú le Ursula von der Leyen ina hiarracht Uachtaránacht an Choimisiúin a bhaint amach. Is fíor gur staon Angela Merkel ó vóta na Comhairle ach ní raibh aon rogha aici, mar tá easaontas sa Chomhaireacht mhór.

Ní le hUrsula von der Leyen amháin a bhaineann an t-easaontas seo, cé go bhfuil fadhbanna ar leith aici de bharr scata scannal a bhain le trealamh an airm agus costais comhairleoirí. Tá iniúchadh parlaiminte ar bun faoi sin.

Ach chruthaigh sí go maith agus í in aireacht an teaghlaigh agus san aireacht saothair roimhe sin. Is le huacht a fuair sí go leor de na fadhbanna atá anois aici. 

Ach tá fadhbanna móra dá gcuid féin ag an SPD. Tháinig Martin Schulz ar ais ón mBruiséil agus d’fhógair sé go raibh sé chun an bua a fháil ar Merkel. Theip go tubaisteach air agus chaill sé an cheannaireacht. Shíl an SPD iad féin a atógáil sa bhfreasúra ach nuair a theip ar na cainteanna idir an CDU, na Liobrálaigh agus na Glasaigh, ghlac siad páirt sa rialtas faoi cheannaire nua.

Tá an ceannaire nua sin, Andrea Nahles, tar éis éirí as ní hamháin an cheannaireacht ach as an bpolaitíocht ar fad. An síor-aighneas inmheánach sa bpáirtí a údar.

Bhí na feisirí i bParlaimint na hEorpa meáite de gur duine de na Spitzenkandidaten, is é sin ceannaire ar cheann de na páirtithe Eorpacha, ba cheart a roghnú mar uachtarán. Sin a tharla an uair dheireanach, nuair a sheas Juncker ar son an EPP. Bhí ceannairí rialtais sásta leis sin de bhrí go raibh taithí rialtais aige féin. Agus idir an EPP agus na Sóisialaigh, bhí móramh acu a d’fhág go bhféadfaí an socrú a sheoladh tríd an bParlaimint.

Ní hamhlaidh an cás an uair seo. Chruthaigh an EPP agus na Sóisialaigh go dona, rud a chuir le fadhbanna na bpáirtithe, sa Ghearmáin go háirithe. Is beag aithne atá ar Manfred Weber, ionadaí an EPP agus níl aon taithí rialtais aige. Bhí an nimh san fheoil ag ceannairí na Stát Visegrad in Oirthear na hEorpa do Franz Timmerman, de bhrí go mbíodh de chúram air siúd rialacha na hEorpa a chur i bhfeidhm orthu. Tá an Ungáir agus an Pholainn go háirithe in achrann leis an gCoimisiún faoi neamhspleáchas na gcúirteanna agus cúrsaí eile.

Tá na Glasaigh sa pharlaimint Eorpach, agus sa Ghearmáin níos láidre anois. Níl fonn orthu siúd rud a dhéanamh ar an EPP agus tá sé ráite ag ceannasaí dá gcuid, Reinhard Bütikofer, leis an Taz (nuachtán ar an eite chlé) gur mithid don Pharlaimint a neart a léiriú do Comhairle na nAirí.

Ach tá nuachtáin choimeádacha fearacht an Faz ag tacú le Von der Leyen ainneoin nach bhfuil siad tógtha leis an bpróiseas a d’eascair as laigí na bpáirtithe sa pharlaimint agus sna rialtais. 

Tá ráite ag Wolfgang Schäuble, CDU, leis an Augsburger Allgemeine gur cheart don SPD anois seasamh le rogha na Comhairle seachas a bheith ag cur as don rialtas.

Ach tuairiscítear sa Tagesspiegel i mBeirlín go bhfuil an t-easaontas sa chomhrialtas ag dul in olcas agus agus toghadh von der Leyen idir dhá cheann na meá. Scaip Jens Geier, ceannaire na Sóisialaigh Gearmánacha sa pharlaimint Eorpach, bileog as Béarla ar na sóisialaigh eile roimh a gcruinniú le von der Leyen. Liosta líomhaintí ina coinne a bhí ann, ina measc líomhain a bréagnaíodh go ndearna sí bradaíl ina tráchtas dochtúireachta. Tharraing an bhileog sin clamhsán ó Angela Merkel faoi lucht ceannais an SPD. 

Mar sin, níl sé cruinn a mhaíomh nach bhfuil tacaíocht na ‘nGearmánach’ ag Von der Leyen.

Is amhlaidh go bhfuil an éiginnteacht i gcúrsaí polaitíochta ar fud na hEorpa ar fad, agus go háirithe sa Ghearmáin, ag cur leis an gcorraíl sa Bhruiséil. 

Fág freagra ar 'Ní cruinn na tuairiscí nach bhfuil ‘tacaíocht na nGearmánach’ ag Ursula von der Leyen'