Ní cosúil go mbainfidh Boris bogadh ná sá as an AE

Má tá cur chuige eile ag Boris Johnson seachas na cluichí agus an chleasaíocht atá ar siúl aige ó ceapadh é, níl mórán ama fágtha aige insint dúinn faoi

Ní cosúil go mbainfidh Boris bogadh ná sá as an AE

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

An é seo an deireadh seachtaine a bhfaighidh muid tuiscint i gceart ar an gcur chuige atá ag Príomh-Aire nua na Breataine, Boris Johnson i leith an Bhreatimeachta? An cur chuige atá aige dáiríre seachas na cluichí agus an chleasaíocht atá ar siúl aige ó ceapadh é. Bheadh duine ag súil – nach mbeadh? – go dtuigeann sé faoin tráth seo gur beag fáilte atá roimh an teachtaireacht atá aige faoin gcúlstop?

Beidh sé ag cruinniú mullaigh an G7 in Biarritz na Fraince (24-26 Lúnasa) i dteannta cuid de na ceannairí is cumhachtaí san Eoraip agus sa domhan mór. Ar chuid acu sin a bheidh sé ag brath go mór orthu sa gcás agus go n-imíonn an Ríocht Aontaithe as an Aontas gan mhargadh faoi cheann dhá mhí. Tá cuid eile acu lárnach i ngnóthaí na hEorpa, ina dtíortha féin agus i struchtúr cumhachta an Aontais.

Tá leidí soiléire faighte againn le seachtain go bhfuil fonn níos mó ar Johnson labhairt leis an Eoraip ná mar a thug sé le fios go dtí seo. Ní shin le rá go raibh tada nua le rá aige sna cainteanna leis an Taoiseach, ina litir chuig Donald Tusk ná ag na cruinnithe i bPáras agus i mBeirlín. Ní raibh aon tairiscintí nua aige ach an oiread seachas go gcaithfear fáil réidh leis an gcúlstop, atá ‘frithdhaonlathach’, dar leis.  Cúlstop is ea é nach mbeidh aon ghlacadh leis ag an bParlaimint in Westminster, a deir sé.

Ach ar an drochuair, cúlstop é nach bhfuil an Eoraip sásta a athrú, mar a dúirt Merkel agus Macron arís an tseachtain seo.

Tá sé soiléir nach bhfuil sé i gceist ag an Eoraip an seasamh sin a athrú. Léirigh an cháipéis a sceitheadh as Roinn Airgeadais na Gearmáine le gairid nach bhfuil aon athrú meoin tagtha ag leibhéal na hEorpa mar thoradh ar bhagairtí Johnson go n-imeodh an Bhreatain Oíche Shamhna, beag beann ar an tionchar a bheadh aige sin orthu féin ná ar an bhallstát eile. Is ionann an seasamh oifigiúil agus an seasamh oifigiúil, mar a dúirt oifigeach amháin sa Ghearmáin.

Beidh Johnson mí i Sráid Downing an deireadh seachtaine seo. Tá sé diongbháilte de go bhfuil iar-airí rialtais ag obair ina aghaidh leis an mBreatimeacht a threascairt. Tá taidhleoirí Eorpacha ag súil go mbeidh an-tionchar ag cruinniú an G7 an deireadh seachtaine seo air agus go dtuigfidh sé a thábhachtaí agus atá sé socrú a dhéanamh. Beidh seisean ag iarraidh brú a chur ar na ceannairí in Biarritz aontú lena dhearcadh féin. Tá tábhacht ar leith leis go mbeadh ionadaithe na hEorpa ar aon fhocal.

Más aon leide a bhfuil tarlaithe go dtí seo, is féidir glacadh leis go mbeidh.

Céard a déarfaidh Donald Trump le Boris Johnson ag an gcéad chruinniú eatarthu? Is críonna an té a déarfadh. Bí cinnte go mbeidh Johnson ag maíomh go bhfuil lántacaíocht aige ó Washington dá chur chuige, ainneoin ceannairí Theach na Comhdhála thall a bheith san amhras agus imní orthu go ndéanfaí dochar do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Is minic cúrsaí trádála le Ceanada luaite mar eiseamláir do na socruithe a bheidh i bhfeidhm don Bhreatain amach anseo.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh claonadh sna ceannairí ar fad (seachas Trump, is dóigh) glacadh le comhairle an Aontais Eorpaigh agus a chuid ionadaithe faoin gcur chuige is fearr ó thaobh an Bhreatimeachta.

Sin an socrú a rinne Theresa May, an cúlstop san áireamh. Cá bhfágfaidh sin argóint Johnson?

Lá níos gaire don Bhreatimeacht gan mhargadh, a déarfainn.

Fág freagra ar 'Ní cosúil go mbainfidh Boris bogadh ná sá as an AE'

  • Eoin O Murchu

    Ní dóigh liom go bhfuil sé ag déanamh aon rud ach cur i gcéill. Tuigeann sé go maith nach féidir aon rud a bhaint ón AE go dtí go mbeidh Breatimeacht fein déanta. Ansin …
    An jab atá aige ná fanacht in oifig chómh fada, más féidir, go mbeidh Breatimeacht curtha i gcrích faoi lá na toghchain.

  • Proinsias

    Tá Boris ag brath go mór ar chonradh trádála idir an US agus an UK air a nglaofar USuk, amach anseo.

  • Conall Ó Maolaoí

    Brexit is ea brexit, a chara, sláin leat Boris. EU ABÚÚÚÚÚ