‘Ní briste atá tú, níl ann ach tús le ré nua’ –ón bhféinamhras go dtí an fhéinmhuinín

Tá an chóitseáil saoil agus cleachtais bheaga laethúla iontach le teacht ar an bhféinmhuinín

‘Ní briste atá tú, níl ann ach tús le ré nua’ –ón bhféinamhras go dtí an fhéinmhuinín

Bíonn tráthanna den saol ina dtéann muid ar strae uainn féin agus braithimid scoite amach, traochta, nó gafa ag an bhféinamhras. Ón taobh amuigh, d’fhéadfadh go mbeadh an chuma ar an saol go bhfuil gach rud ceart go leor, ach istigh ionainn féin cloiseann muid an cheist chiúin ag cogarnaíl: ‘An é seo mar atá an saol i ndáiríre?’ 

Tá taithí mhaith agam ar a bheith sa riocht sin. Ar feadh na mblianta, bhínn ag cur brú orm féin leanúint ar aghaidh, ag obair go dian, ag tabhairt aire do dhaoine eile agus ag déanamh na rudaí ‘cearta’. Ach is í fírinne an scéil ná go raibh mé ag cur bac orm féin. 

Bhí mé imníoch, traochta agus ar strae ón bhfíor-mé-fhéin. Go minic, bhíodh eagla orm oiread agus céim a thógáil amach as an ‘áit’ a raibh mé ar mo chompord san, go háirithe nuair a d’fhág mé saol na múinteoireachta.  

An rud a bhí ag teastáil uaim ná nasc a dhéanamh liom féin arís, soiléireacht a aimsiú, muinín a bheith agam i mo ghuth féin agus teacht ar bhrí níos doimhne i mo shaol. Thug an chóitseáil saoil rud dom nár thuig mé a bhí uaim – spás.  

Thug sé spás dom sos a ghlacadh, muinín a bheith agam as an turas, agus a bheith fíormhacánta liom féin. Agus mé ar chúrsa cóitseála, thuig mé nach raibh ‘briste’ a bhí mé ach réidh le tús nua.  Leis an gcóitseáil tháinig cleachtais bheaga isteach i mo shaol, ar nós dialann a scríobh, teorainneacha a leagan síos, stop a chur le bheith ag iarraidh daoine a shásamh i gcónaí, agus athnascadh le rudaí a chuir áthas orm, mar shampla, an snámh, rud a thosaigh mé a dhéanamh go rialta.  

D’athraigh na cleachtais sin na teorainneacha a bhí agam i mo shaol de réir a chéile. D’fhoghlaim mé conas diúltú do rudaí nach raibh mé ag iarraidh a dhéanamh agus le himeacht ama, mhothaigh mé níos éadroime, níos fuinniúla, agus níos sona. 

Bronntanas a fuair mé mar thoradh ar an gcóitseáil ná an féinghrá agus ba é an frása ‘Tá fiúntas ionam’ an mana a threoraigh mé.  

Céard a tharlaíonn i seisiún cóitseála?  

Ní bhaineann cóitseáil le comhairle a thabhairt do dhuine, baineann sé le bheith leat ag éisteacht go domhain, ag cur ceisteanna a osclaíonn do léargas, agus ag coinneáil spás sábháilte duit féin le tuiscint a fháil ort féin agus le nasc a chruthú leat féin. Tugann gach seisiún deis duit athcheangal leat féin agus uirlisí praiticiúla a thabhairt leat don saol laethúil.  

Leis an gcóitseálaí fiosraítear ceisteanna ar nós:  

Céard atá fíorthábhachtach duit anois? 

Cén áit i do shaol ina bhfuil tú ag cur bac ort féin? 

Céard a d’athródh dá mbeadh níos mó muiníne agat asat féin? 

An corp agus an intinn ag obair le chéile 

D’fhoghlaim mé nach dtagann soiléireacht ón intinn amháin, ach ón gcorp freisin. Nuair atáimid faoi strus nó faoi imní, bíonn sé deacair smaoineamh go soiléir. Sin é an fáth go gcuirim obair anála agus cleachtais scíthe san áireamh leis an gcóitseáil. Ní gá ach cúpla nóiméad d’obair anála aireach chun teannas sa gcorp a scaoileadh, suaimhneas a mhothú, agus spás úr a oscailt i do shaol le léargais nua a ligean isteach. 

Thug mé roinnt leideanna anseo maidir le bealaí le tús a chur le cleachtas anála. 

Má bhraitheann tú an fhéinamhras a bheith ort nó scoite amach nó traochta, cuimhnigh: níl tú briste, cuimhnigh gur duine luachmhar atá ionat. Bíodh muinín agat asat féin, coinnigh ort ag gluaiseacht ar aghaidh, agus bain triail as na huirlisí seo le tú a threorú. 

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: www.thrivewithmarian.com 

Fág freagra ar '‘Ní briste atá tú, níl ann ach tús le ré nua’ –ón bhféinamhras go dtí an fhéinmhuinín'