Ní bhuailfidh tada an bonn uile-Éireann!

Is deas a bheith ag plé na ngradam aonair, ach níl faic inchurtha le bonn uile-Éireann agus na cuimhní cinn ar an turas stairiúil go barr an tsléibhe

Ní bhuailfidh tada an bonn uile-Éireann!

Darragh O'Donovan ag ceiliúradh le Corn Mhic Chárthaigh i ndiaidh chluiche ceannais iomána na hÉireann 2018. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ní túisce an pháirc fágtha ag na himreoirí corn luachmhar Mhic Cárthaigh ina seilbh acu go dtosaíonn an chaint faoi laoch na himeartha. Chomh maith leis sin, le blianta beaga anuas bíonn ‘foireann na bliana’ á roghnú ag lucht an Sunday Game oíche an chluiche ceannais. An mhaidin dar gcionn roghnaíonn lucht na meán eile a bhfoirne féin. 

Dar ndóigh bhí tráth ann nuair nach mbíodh mórán cainte ina aon chor  faoi fhoireann na bliana go dtí an tseachtain a mbíodh dinnéar bliantúil an CLG ar siúl, an ócáid ag a mbronntaí na gradaim a mbíodh ardmheas orthu. 

Bhí blianta ann freisin nuair a phioc imreoirí an GPA a bhfoireann féinig agus bhronntaí  na gradaim sin ag an dinnéar bliantúil a bhíodh acusan. Ach sa lá atá inniu ann foireann amháin a roghnaítear faoi bhrat an CLG agus an GPA. Bíonn easaontas, argóintí agus cur agus cúiteamh go leor i gcónaí faoi dhéantús na foirne. Cad ina thaobh ná beadh agus sinn chomh dílis dár gcontaetha féin!

Ach tá sé thar a bheith soiléir go bhfaigheann an fhoireann a bhuann craobh na hÉireann an chuid is mó de na hainmniúcháin All-Stars seo (tá cúigear déag ag Luimneach i mbliana).

De ghnáth, is iad na tánaistí sa chluiche ceannais a fhaigheann formhór na ngradam eile. Ansin, de ghnáth, tugtar gradam nó dhó d’imreoirí na bhfoirne a chailleann an cluiche leathcheannais ceann nó dhó. 

I mbliana bhí lucht anailíse na meán go léir ar aon intinn cuid mhór faoi dhéantús na foirne. Seacht n-áit a bhí ag na seaimpíní ar fhoireann an Sunday Game, triúr a bhí ag na tánaistí as Gaillimh, péire an taobh a bhí ag na foirne a díbríodh sna babhtaí leathcheannais, an Clár agus Corcaigh, agus duine amháin a bhí ag seaimpíní na sraithe, Cill Chainnigh. Feicfimid linn conas a bheidh nuair a ainmneofar an fhoireann oifigiúil mí na Samhna.

Chomh maith leis bhí cuid mhaith díospóireachta ann freisin, mar a bhíonn gach bliain, faoin gradam ‘Imreoir na bliana’ agus cé air a mbronnfar an gradam sin in 2018. 

Ó cuireadh tús leis an ngradam d’imreoir na bliana i 1958 (Tony Wall Thiobraid Árann a bhuaigh an chéad cheann agus é urraithe ag Texaco), is annamh nárbh as an gcontae a bhuaigh an cluiche ceannais an bhliain sin a tháinig an buaiteoir. Bhí eisceacht mhór amháin ann nuair a bronnadh an gradam ar Brian Whelahan Uíbh Fhailí i 1994 agus gan é ar fhoireann na Réaltaí in aon chor.

Henry Shefflin atá ar bharr liosta na laochra sin agus trí ghradam ‘Imreoir na Bliana’ aige. Bhuaigh DJ Carey, Brian Corcoran agus Brian Whelahan dhá ghradam an duine.

Tá na hiriseoirí ar aon intinn go bhfuil an-seans ag duine de bheirt Ghaillimheach ar an ngradam i mbliana, Joe Canning agus Pádraig Mannion. Bhí Cian Lynch, Graham Mulcahy, Declan Hannon, Aaron Gillane agus John Conlon á lua chomh maith, ach is é Lynch atá ainmnithe ar ghearrliosta an choiste. Anuraidh, ba é Joe Canning a fuair an duais agus cé go bhfuil an-mheas agam air, cheapas féin go raibh an t-ádh leis an uair sin. I mbliana sheas sé amach mar cheannaire agus é ag imirt ar fud na páirce agus bheinn ag ceapadh gurb eisean an t-imreoir is mó a bhfuil gradam na bliana seo tuillte aige.

Mar sin féin, aithním go raibh Pádraig Mannion ina laoch ag Gaillimh i measc na gcúlaithe ar feadh na bliana go léir cé nach raibh sé chomh maith is a bhíonn de ghnáth sa chluiche ceannais. Aithním freisin an tionchar a bhí ag Cian Lynch ar fheachtas Luimnigh. Is iad na himreoirí idirchontae a vótálfaidh don ghradam seo agus cé a déarfadh nach mbeadh duais amháin eile ag dul go Luimneach? Neosfaidh an aimsir. 

Is bónas sa bhreis iad na duaiseanna aonair agus bíonn meas ag na himreoirí orthu ach ag deireadh an lae níl faic inchurtha le bonn uile-Éireann agus na cuimhní cinn ar an turas stairiúil go barr an tsléibhe.

Fág freagra ar 'Ní bhuailfidh tada an bonn uile-Éireann!'