Ba é Ros Muc an t-aon bhaile Gaeltachta i gConamara a fuair maoiniú faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte a seoladh i mí Iúil seo caite.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil an tseachtain seo go ndearna Comhairle Chontae na Gaillimhe iarratas ar mhaoiniú do ocht mbaile faoin scéim agus gurbh é Ros Muc t-aon bhaile a fuair maoiniú faoin scéim.
Ní mó ná sásta a bhí an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly leis an scéala nach raibh aon bhaile Gaeltachta eile san áireamh sa mhaoiniú a ceadaíodh faoin scéim go dtí seo.
“Ros Muc an t-aon áit i gConamara a fuair cabhair an bhliain seo caite – an chéad bhliain den scéim seo. An bhfuil treoirlínte nó rialacháin i gceist don chóras áitiúil maidir le bailte i gcroílár na Gaeltachta?
“Cén chaoi ar tharla sé nach raibh i gceist i gConamara ach baile beag amháin? Cad mar gheall ar an Cheathrú Rua, Carna agus an Spidéal? An raibh iarratais ó na bailte sin? An bhfuil treoirlínte ann ó thaobh cothromaíochta de agus ó thaobh na teanga de? Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil ceist na teanga agus fostaíocht fite fuaite ina chéile sa Ghaeltacht,” a dúirt Catherine Connolly atá ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.
Ceadaíodh maoiniú de €42,000 faoin scéim athnuachana do Ros Muc chun cosán ar thaobh an R340, ó Ionad an Phiarsaigh go talamh an Chumainn Lúthchleas Gael, a chríochnú.
Mar fhreagra ar an Teachta Dála Connolly, thagair an tAire do sheoladh na scéime athnuachana bailte agus sráidbhailte do 2017, atá mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
“Faoin scéim seo déanfar €20 milliún a infheistiú i mbailte agus sráidbhailte ar fud cheantar tuaithe na hÉireann sna 15 mí amach romhainn,” a dúirt an tAire Stáit.
Dúirt an tAire Stáit Kyne go mbainfeadh suas le 300 baile agus sráidbhaile “tairbhe” as an maoiniú seo atá dírithe ar bhailte agus sráidbhailte faoin tuath a bhfuil daonra níos lú ná 10,000 iontu.
“Tá an Comhairle Contae lárnach sa phróiseas seo agus an chéad rud a theastaíonn ná iarratas ón bpobal tríd an gcomhairle contae. Tá a fhios agam go bhfuair a lán ceantair eile – Carna, Cill Chiaráin agus an Mám ina measc – airgead tríd an scéim CLÁR,” a dúirt an tAire Stáit.
Fág freagra ar 'Ní bhfuair ach baile Gaeltachta amháin maoiniú faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte'