Níl sé i gceist ag an Taoiseach Micheál Martin lá ná tréimhse náisiúnta dobróin a fhógairt mar gheall ar bhás an Phápa Proinsias. Fógraíodh a leithéid in 2005 nuair a bhásaigh an Pápa Naomh Eoin Pól II.
Dúirt urlabhraí de chuid Roinn an Taoisigh le Tuairisc gur iarr an Roinn go gcuirfí an bhratach náisiúnta ar leathchrann ar fhoirgnimh phoiblí ar an 21 Aibreán, an lá ar bhásaigh an Pápa Proinsias, agus go n-iarrfaí a leithéid arís nuair a bheidh sochraid an Phápa ar siúl Dé Sathairn.
“D’iarr Roinn an Taoisigh go gcrochfaí an Bhratach Náisiúnta ar leathchrann ar fhoirgnimh phoiblí Dé Luain, 21 Aibreán 2025, mar chomhartha ómóis i ndiaidh bhás an Phápa Proinsias. Déanfar iarratas mar seo arís don Satharn, 26 Aibreán, le haghaidh sochraid an Phápa Proinsias nach maireann,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.
Nuair a bhásaigh an Pápa Naomh Eoin Pól II i mí Aibreáin na bliana 2005, d’fhógair Taoiseach na linne Bertie Ahern go mbeadh “tréimhse oifigiúil dobróin” ann in Éirinn in ómós don phápa.
Tugadh cead do scoileanna dúnadh lá a shochraide agus bhí cead ag státseirbhísigh am a thógáil saor ón obair le breathnú ar an tsochraid ar an teilifís nó freastal ar Aifrinn a bhí ar siúl ag an am céanna in Éirinn.
Tá laethanta agus tréimhse dobróin fógartha ag tíortha eile san Eoraip an tseachtain seo in ómós an Phápa Proinsias. Tá tréimhse dobróin trí lá ar siúl sa Spáinn ó bhí inné ann agus tá cúig lá fógartha san Iodáil. Tá seachtain dobróin fógartha ag tír dhúchais an Phápa Proinsias, an Airgintín.
Fág freagra ar 'Ní bheidh aon lá náisiúnta dobróin don Phápa'