Naoi nós simplí le do mheabhairshláinte a neartú gach lá

Nósanna beaga cumhachtacha gur fiú am a thabhairt dóibh gach lá... 

Naoi nós simplí le do mheabhairshláinte a neartú gach lá

I saol gnóthach an lae inniu, is furasta ligean don strus agus imní muid a fhágáil ag aireachtáil scoite amach óna bhfuil ag tarlú inár saol. Ach mar chóitseálaí saoil agus áisitheoir análaithe, feicim arís is arís eile cé chomh cumhachtach is atá sé nósanna beaga, ach fíorluachmhar, a bheith againn le haire a thabhairt don intinn.

Seo thíos naoi nós simplí is féidir leat a chur i bhfeidhm lá ar bith.

  1. Tóg nóiméad le bheith leat féin

Cuir cúpla nóiméad ar leataobh gach lá –ar maidin nó tráthnóna – le fáil amach cén chaoi a bhfuil tú. Cuir ceist ort féin: ‘Conas atáim anois?’ Nó scríobh cuntas beag ar do mhothúcháin. Sa tost is minice a chloiseann muid an fhírinne istigh ionainn.

  1. Tarraing anáil mhór

Tarraing anáil mhór dhomhain sula dtosaíonn an raic. Cuidíonn sí leat tabhairt faoi deara, táim beo, táim anseo. Ní gá ach anáil amháin le do chroí a mhoilliú agus d’intinn a shuaimhniú.

  1. Bog do chorp, fiú beagán

Ní gá a bheith i do lúthchleasaí, damhsaigh sa chistin, gabh ar shiúlóid ghearr, nó déan síneadh simplí. Bogann tú an fuinneamh sa gcorp, scaoileann tú leis an teannas, agus is minic go gcuireann sé ag gáire thú. Ní gá go mbeadh sé foirfe, bíodh sé spraíúil!

  1. Abair ‘níl’ ach abair le grá é

Tá sé ceart go leor teorainn a leagan síos. Nuair a deir tú ‘níl’ le rud nach ar do leas é, tá tú ag rá ‘tá’ le do shláinte agus do shuaimhneas féin. Cosain do chuid fuinnimh agus cruthaigh spás don rud a thugann sólás duit.

  1. Am amuigh faoin aer

Fiú cúpla nóiméad sa ngairdín nó cois trá, athraíonn sé gach rud. Glanann sé an intinn, laghdaíonn sé strus, agus tugann sé fuinneamh úr duit. Tá draíocht sa gcoill, sa ngaoth, agus i bhfuaim na farraige.

  1. Labhair le daoine eile

Ná hiompair do chuid buarthaí leat féin. Labhair le cara, ball teaghlaigh nó cóitseálaí. Nuair a roinneann tú an t-ualach éiríonn sé níos éasca é a iompar, laghdú gach anró é a roinnt.

  1. Sos ón scáileán

Leag uait an fón, beidh sé ansin i gcónaí. Téigh ag siúl, déan cupán tae, nó suigh síos ag comhrá. Tá an fíorshaol lán le cuimhní cinn, ní ar na scáileáin ach thart timpeall orainn ar fad.

  1. Téigh a chodladh

Níl aon rud cosúil le codladh maith. Cabhraíonn sé leis an inchinn scíth a ligean, mothúcháin a chothromú, agus tú a ullmhú don lá amach romhat. Cruthaigh áit suaimhneach agus coinnigh an seomra ciúin, dorcha agus compordach.

  1. Bí buíoch as na rudaí beaga

Bí buíoch as na rudaí beaga, an ghrian ag éirí, boladh an chaife, nó meangadh gáire a rinneadh leat. Nuair a thugaimid faoi deara agus a léirímid ár mbuíochas as na rudaí beaga, athraíonn sé ár ndearcadh ar an saol. Scríobh síos na rudaí beaga a thug sonas duit inniu, is cleachtas simplí é a chuireann críoch shíochánta leis an lá.

Mar fhocal scoir, tosaigh le céim bheag inniu. Roghnaigh nós amháin, lean ort leis, agus tabhair aire duit féin. Le himeacht ama, tabharfaidh tú faoi deara níos mó síochána agus solais i do shaol laethúil.

Tabhair aire duit féin – is fiú go leor thú.

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com nó glaoch ar 086 8533397

Fág freagra ar 'Naoi nós simplí le do mheabhairshláinte a neartú gach lá'

  • Bertie Ó hAinmhire

    Moltaí sármhaith, simplí ach ciallmhar. GRMA