NACH DEAS É?: Tá sé ag tógáil sláinte…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É?: Tá sé ag tógáil sláinte…

Sin é a deirtí faoi dhuine a théadh ag siúl nó ag spaisteoireacht le haer agus anáil a fháil. Tá neart de ar bun faoi láthair cé nach bhfuil cead ag daoine a dhul rófhada ón teach ar fhaitíos go dtolgfaidís an víreas contúirteach sin.

Is iomaí leagan cainte eile ann faoin tsláinte. Seo cuid acu:

Sláinte an bhradáin, croí folláin agus gob fliuch.

Is fíor gur fearr an tsláinte mhór ná na táinte bó amuigh ar féar.

Sláinte agus saol chugat.

Tá dreach na sláinte air.

Bláth na sláinte.

Is mór an bua do dhuine sláinte.

Tosach sláinte codladh, deireadh sláinte osna.

Caithfear deachú na sláinte a íoc – íocfaidh chuile dhuine airgead dochtúra am eicínt in imeacht a saoil.

I gcosa duine a bhíos an tsláinte – gur maith an tsláinte do dhuine bróga maithe.

Ní raibh mórán le cois na sláinte agam—ní raibh mórán airgid ar iompar agam.

Is milis an féirín í an tsláinte agus is searbh a bheith gan í.

Tá sé ag tógáil sláinte. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Tá sé ag tógáil sláinte…'

  • Pól Ó Braoin

    An-deas a Sheosaimh. Tágann tú aníos leo i gcónaí. Bainim an-spórt go deo as a bheith ag léamh do chuid scríbhneoireachta in aimsir seo an chuibhrithe, na déine, an scartha shóisialta. Coinnigh suas é, a mhac; agus coinneoidh tú suas mé féin in éindigh leat… agus dalladh eile cheapfainn.