Shílfeá gur le píce a caitheadh air an t-éadach a déarfaí faoi dhuine gioblach, ceamach, cifleogach, ceirteach. Bheadh a chóta chomh giobach nach gcuirfeá ag ruaigeadh na bpréachán é. Níor bhréag ar bith a rá go mbeadh a cheirteacha stróicthe. Liobrachán amach is amach a bheadh ann.
Ruacán caillí a thugtaí ar sheanbhean a mbeadh giobail éadaigh uirthi. Éadach sraoilleach a bheadh uirthi. Bíonn sraoill mná agus sraoill fir ann.
Cuireadh i leith fir uair amháin gur drochéadach a bhí air. ‘Cén dochar,’ a dúirt sé, ‘tá aithne ag chuile dhuine orm thart anseo agus ní thugann siad aon suntas dó. Nuair a bhím as baile ní bhíonn aithne ag duine ar bith orm agus is cuma faoi.’
Shílfeá gur le píce a caitheadh air an t-éadach. Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Shílfeá gur le píce a caitheadh air an t-éadach…'