Nach deas é? Má bhíonn long is lón agat gheobhaidh tú cóir uair éigin

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Má bhíonn long is lón agat gheobhaidh tú cóir uair éigin

Má bhíonn long is lón agat gheobhaidh tú cóir uair éigin. Ciallaíonn sin go mb’fhearr duit foighid a bheith agat agus go n-éireoidh leat sa deireadh.

Is iomaí caoi ar féidir úsáid a bhaint as an bhfocal uair. Bíonn an uair ghéibheannach ann. Bheifeá idir long is lamairne an uair sin. Bheadh cúrsaí idir dhá cheann na meá.

Tá uair na faille ann, uair na hanachana, uair na cinniúna agus uair na hachainí.

Maidir le huair na hachainí bhí scéal barrúil ag Stiofán Ó hEalaoire, an seanchaí iontach as Co. an Chláir, faoin achainí sin.

Lánúin bhocht a bhí ann fadó, a dúirt sé, a chuala trácht go mbíonn uair na hachainí ann. Shocraigh an fear é sin a thástáil. Rug sé ar mhála agus leag sé ar thaobh de é, agus rug ar mhála eile agus leag sé ar an taobh eile é.

‘An mála seo,’ a dúirt sé, ‘lán le hór agus an mála seo lán le hairgead! An mála seo lán le hór agus an mála seo lán le hairgead!’

Bhí sé mar sin ar feadh na huaire a’ chloig nó gar dó. Bhí a bhean sáraithe ó bheith ag éisteacht leis.

‘Maise nár lige Dia dhúinn tú féin ná ‘an mála seo lán le hór’ agus ‘an mála seo lán le hairgead’, murar ort atá an díth céille agus fios agat nach bhfuil aon mhaith dhuit ann: agus éist feasta agus ná bodhraigh sinn!’

‘Go dtachta an Diabhal tusa!’ a dúirt sé.

Ní raibh ann níos mó. Fuair sé an achainí. Níor labhair an bhean bhocht aon fhocal ó shin.

‘Bhí sí ina crúnca mharbh aige,’ a dúirt Stiofán.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Má bhíonn long is lón agat gheobhaidh tú cóir uair éigin'