Nach Deas é? Is séimh a leagadh an plána uirthi…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach Deas é? Is séimh a leagadh an plána uirthi…

Is séimh a leagadh an plána uirthi…Leagan a d’úsáidtí coitianta le cur síos ar bhean bhreá ach ar ndóigh a d’fheilfeadh chomh réidh céanna d’fhear a bheadh breá ina dheilbh. Is deas mar a chuirtear an duine i gcosúlacht le saothar an cheardaí stuama a mbeadh fios a cheirde aige nó aici.

Ní mé an ndeirtí is deas an ruainnín é faoi fhear mar a deirtí faoi bhean?

Ar ndóigh, d’fhéadfaí an plána mín a chur ar scéal chomh maith nuair a theastódh ó dhuine leagan ar leith den scéal a insint nó an ghoimh a bhaint as scéal. B’fhearr gan an iomarca den phlánáil sin a dhéanamh mar nach deartháir den bhréag é an béal bán?

Is séimh a leagadh an plána uirthi! Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach Deas é? Is séimh a leagadh an plána uirthi…'

  • Éilís

    Is deas, a Mháire

  • Seosamh Ó Cuaig

    Nach breá an leath leapan í nó é. Tá na línte filíochta seo ann:
    “Is ní thiocfam abhaile go n-aimseod mo leannán
    is go bhfaighead mar leath leapan é.”

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn uilig; agus is maith liom an ceann atá tugtha ag Seosamh chomh maith.