NACH DEAS É? Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir…

Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir a bheadh ann nuair a bheadh cleas agat féin in aghaidh gach cleas a d’imreofaí ort.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal cor iontu:

D’éirigh cor don iníon is óige—cuireadh ó chrích í.

Cor féir—sraith féir.

Tá cor eile le cur ar an gcloich sin – socrú eile sa mballa.

Ní raibh cor ná cleas ann—duine socair, cneasta.

Níl sé ar a chor fhéin inniu—níl sé ag aireachtáil go maith.

Chuir sí cor ina srón chuige—í míshásta le rud a dúradh léi nó a rinneadh uirthi.

Cor fuinnimh a chur i slat.

Cor mairnéalach—cor áirithe iomrascála, a thosaítear leis na lámha a chur ar ghuaillí a chéile.

Bíonn cor na huillinne nó an cor spairníochta ann freisin – beirt a bheith ag seasamh amach óna chéile agus i ngreim i lámha a chéile.

Tugann siad cor coise dá chéile.

An craiceann a bhíonn thart ar an ionga má éiríonn sé suas go séidfidh an mhéar, tagann cor ionga ar dhuine. Gor ionga atá i gcuid de na scríbhinní. Scafach iongan ainm eile air.

Chuir sé cor fuinnimh ina bhéal—chuir sé strainc air féin.

Tá an cor bainte as an rópa agam—tá sé dírithe amach agam.

Tagann cor i mbainne, i.e. tosaíonn sé ag éirí géar. Tagann cor i bhfeoil, i.e. tosaíonn sí ag lobhadh.

Luigh mé cam sa leaba agus tá cor i mo mhuineál.

Tá cor sa bhfarraige inniu—sruth is gaoth in aghaidh a chéile.

Tá cor sa mbóthar.

Chuir tú cor bealaigh ort féin—chuaigh tú an bealach fada. Ghabh tú an timpeall. Chuir tú aistear ort féin.

Níl aon chor ina chroí gan fhios dom—tá a chuid cleasanna ar fad ar eolas agam.

Cor cainte—bealach le rud a rá.

Ag tabhairt na gcor—ag fáil bháis.

Tháinig sé de chor sa saol—tharla sé.

Cor éisc—gabháil éisc.

Cor beirte, cor ceathrair, cor ochtair, cor na sióg — damhsaí.

Cor na péiste—lúb sa gcniotáil.

Cor laidhre – gág idir na méaracha.

Is iomaí cor a chuireas an t-earrach dhe.

Is iomaí cor atá sa dlí.

Is díreach an ród gan cor—is beag rud nach bhfuil locht éigin air.

Is iomaí cor sa ngaoth ach ní lia ná sa saol.

Cor a bhaint as giorria—é a chasadh.

Trí bhua an ghiorria – cor gearr, léim ard, rith teann in aghaidh cnoic.

Cha minice cor ar an ngealach ná cor ar an intinn.

Is iomaí cor ag an mbás le baint as an duine.

Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an choir…'