Gné luaineach na polaitíochta. Sin leagan cainte a tháinig i mo cheann tar éis an olltoghcháin. Athraitheach agus guagach a chiallaíonn sé. Bíonn gaoth luaineach an oideachais ann, i.e. saol corrach an oideachais. D’fhéadfadh duine a bheith luaineach freisin. Tá sé saghas guagach mar dhuine a déarfaí: ní bheadh a fhios agat céard a dhéanfadh sé.
Tá dhá sheanfhocal ann a bhfuil an focal iontu: chomh luaineach le búistéara an tsléibhe agus chomh luaineach le bean bhocht ar aonach.
Is é an sionnach búistéara an tsléibhe.
Maidir leis an mbean bhocht ar aonach is dóichí gur ag dul ó dhuine go duine ag iarraidh déirce a bheadh sí.
Chomh luaineach le cearc a mbeadh ubh aici, a deirtí freisin.
Luainneach an litriú a bhí ar an bhfocal fadó ach luaineach atá anois ann. Míneoidh scoláire Gaeilge eicínt dhúinn cén fáth a ndearnadh an t-athrú.
Chomh luaineach le búistéara an tsléibhe. Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Chomh luaineach le búistéara an tsléibhe…'