Nach deas é? ‘Chomh fada uaidh is atá an réilthín ón Spáinn’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Chuala an ceann so timpeall le cúig mbliana is fiche ó shin i gCorca Dhuibhne. Scéal a bhí á insint dom fé eachtra a thit amach le linn don inseoir a bheith ag dul ar scoil.

Is amhlaidh a tugadh ceist éigin ana-chasta sa Mhata le réiteach don rang is gur cheap an múinteoir go mbeadh suaimhneas Dé aige ar feadh tamaillín. Cheap an buachaill óg, áfach, go raibh a chuid suimeanna déanta go cruinn agus go tapaidh aige is chuaigh chomh fada leis an múinteoir chun a chuid oibre a theaspáint dó tar éis cúpla neomat.

Dhealraigh sé ná raibh an ceart aige, ná aon dul air: ‘Tánn tú chomh fada uaidh is atá an réilthín ón Spáinn!’ an freagra a fuair sé ón múinteoir ná raibh sásta (i) go rabhthas ag cur isteach air agus (ii) go raibh an freagra neamhcheart, agus i bhfad ón gceart, is cosúil!

Is minic é in úsáid agam fhéin ó shin ach an bhféadfadh éinne a bhunús a mhíniú dhom? Seans, dar ndóigh, go mbaineann sé le lucht iascaigh agus farraige ach, faraoir, ní bhfuaireas riamh míniú ceart ar an nath álainn seo. Mar sin féin, is léir conas agus cathain is ceart é a úsáid .i. nuair a bhíonn duine i bhfad ón sprioc!

Chomh fada uaidh is atá an réilthín ón Spáinn – nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Chomh fada uaidh is atá an réilthín ón Spáinn’'