Na ‘seoda ba luachmhaire’ in Notre Dame sábháilte

Is í an chéad chloch ar phaidrín údaráis na Fraince anois aon laigí i struchtúr an fhoirgnimh ársa a chuaigh trí inné a aithint

Na ‘seoda ba luachmhaire’ in Notre Dame sábháilte

Dúirt Aire Cultúir na Fraince inniu gur éirigh leo na “seoda ba luachmhaire” a bhí in Notre Dame Pháras a thabhairt slán sábháilte ón tine san ardeagalais cháiliúil.

Dúirt an tAire Franck Riester go raibh an choróin dheilgneach a deirtear a bhí ar Íosa agus ionar Naomh Louis i measc na seoda a tugadh slán ón tine.

Dúirt sé go mbeadh saothair eile á n-aistriú as seomra stórais i Halla na Cathrach go dtí an Louvre inniu agus amárach. Cuirfear cóireáil orthu ansin chun an taise a bhaint astu agus iad a chosaint ionas go mbeifear ábalta athchóiriú a dhéanamh orthu amach anseo, a dúirt sé.

Tá sé i gceist ag póilíní agus seirbhísí dóiteáin na Fraince an dá lá seo chugainn a chaitheamh ag scrúdú “slándáil agus sábháilteacht” Ardeaglais Notre Dame tar éis na tine ansin tráthnóna Dé Luain.

Dúirt Laurent Nuñez, an tAire Sóisearach do Ghnóthaí Intíre gurb í an chéad chloch ar phaidrín údaráis na Fraince anois aon laigí i struchtúr an fhoirgnimh ársa a aithint.

Idir an dá linn, tá na céadta milliún euro geallta ag daoine leis an gcostas atógála a chlúdach. Dúirt an billiúnaí Francach Bernard Arnault Dé Máirt go dtabharfadh sé féin, a theaghlach agus an t-ilchomhlacht táirgí só, LVMH a bhfuil sé ina cheannas, €200 milliún le haghaidh na hatógála.

I ráiteas ón gcomhlacht dúradh “gur siombail den Fhrainc, dá hoidhreacht, dá stair agus dá haontas a bhí san ardeaglais iontach”.

Dúradh chomh maith go gcuirfí saineolaithe ailtireachta agus airgeadais an chomhlachta ar fáil do na húdaráis san obair chasta atógála.

Dúirt an Pápa Proinsias paidreacha inniu go mbeadh Ardeaglais Notre Dame, “seoid ailtireachta na comhchuimhne” ina “scrín arís don chreideamh Caitliceach, ina siombail do náisiún na Fraince agus ina tabhartas spioradálta agus ailtireachta ag an gcine daonna”.

Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, go raibh “brón air a bheith ag féachaint ar an gcuid seo dínn féin trí thine”, agus tamall ina dhiaidh sin aréir sheol sé tvuít ag rá go n-atógfaí an ardeaglais. D’fhógair sé freisin feachtas idirnáisiúnta bailithe airgid chun íoc as an atógáil sin.

Chuaigh Notre Dame, an ardeaglais ársa i lár Pháras na Fraince, trí thine tráthnóna inné, tine, a deir na póilíní, a thosaigh trí thimpiste le linn obair athchóirithe a bheith ar siúl ar an eaglais.

Tá an ardeaglais mheánaoiseach Ghotach ar bhruach an Seine ar cheann de na radharcanna is sainiúla agus is diamhaire i bpríomhchathair na Fraince agus í ar cheann de na foirgnimh is aitheanta ar domhan agus ar cheann de na láithreacha turasóireachta is mó san Eoraip.

Fág freagra ar 'Na ‘seoda ba luachmhaire’ in Notre Dame sábháilte'