Na mílte i mbaol san Úcráin de dheasca na tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’

Meastar go bhfuil 42,000 duine, ar dhá thaobh Abhainn an Dnipro i mbaol ó thuilte

Na mílte i mbaol san Úcráin de dheasca na tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’

Tá na mílte i mbaol de dheasca scrios damba i Nova Kakhovka san Úcráin, eachtra a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha chomh maith aici don timpeallacht agus d’infreastruchtúr fuinnimh na tíre.

Meastar go bhfuil 42,000 duine, ar dhá thaobh Abhainn an Dnipro i mbaol ó thuilte.

Dúirt leas-aire gnóthaí eachtracha na hÚcráine Andrij Melnyk gurb é scrios dhamba Nova Kakhovka “an tubaiste timpeallachta is measa san Eoraip ó Chernobyl”.

Bhí ar dhaoine áirithe sa cheantar an oíche a chaitheamh ar dhíonta a dtithe nó i gcrainn.

Go moch maidin Dé Máirt a tharla an tubaiste nuair a réab pléascanna trí dhamba mór hidrileictreach Nova Kakhovka i ndeisceart na hÚcráine.

Dúirt Martin Griffiths, fo-ard-rúnaí gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe go mbeadh impleachtaí “tromchúiseacha forleathana” ag scrios an damba do dhaoine ar cheachtar taobh den líne thosaigh.

Chaillfí tithe agus postanna agus bheadh uisce glan agus bia gann, arsa Griffiths.

“Is sna laethanta beaga amach romhainn a thuigfear i gceart cé chomh holc is atá an tubaiste,” ar sé.

Dúradh ar mheáin stáit na Rúise go raibh ar a laghad seachtar ar iarraidh sa cheantar.

Tá staid éigeandála fógartha sa chuid de cheantar Kherson atá gafa.

Chuir Uachtarán na hÚcráine Volodomyr Zelensky i leith na Rúise gur phléasc siad “buama timpeallachta ollscriosta”.

Mhaígh an Rúis gurb í an Úcráin féin a scrios an damba chun aird a tharraingt ó ‘theip’ a bhfrithionsaithe.

Dúirt Sergiy Kyslytsya, toscaire na hÚcráine chuig na Náisiúin Aontaithe, gurb é an rud is dual don Rúis a dhéanamh ná an milleán a chur ar an té atá buailte ag coireanna na Rúise féin.

Dúirt Kyslytsya go raibh an damba i seilbh na Rúise le bliain agus nach bhféadfaí é a scrios le hionsaí sliogán.

Dúirt Kyslytsya gurb amhlaidh go raibh an Rúis “ag streachailt arís in abar na n-éitheach”.

Fág freagra ar 'Na mílte i mbaol san Úcráin de dheasca na tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’'