Ná ligtear do Roinn na Mara dearmad a dhéanamh ar Ros a’ Mhíl

I dteannta a chéile is fearr polaiteoirí Ghaillimh Thiar má tá réiteach sásúil le fáil ar chás tábhachtach náisiúnta chalafort Ros a’ Mhíl

Ná ligtear do Roinn na Mara dearmad a dhéanamh ar Ros a’ Mhíl

Tá an t-am ag sleamhnú agus gan an mhaith á déanamh le calafort domhainmhara a dhéanamh de chalafort Ros a’ Mhíl. Tá cead pleanála ann leis an obair a chur chun cinn ach mura ndéantar beart go luath rachaidh an cead sin in éag.

I mí an Aibreáin 2023 a bheas an téarma istigh.

Ceann de na sé chalafort náisiúnta iascaireachta is ea calafort Ros a’ Mhíl. Tá airgead mór caite ag an stát ar chalafort na gCealla Beaga agus ar chalafort Bhaile Chaisleáin Bhéarra ach tá Ros a’Mhíl fágtha in áit na leithphingine acu.

Ní hé nach bhfuil an riachtanas atá le calafort maith ansin curtha ar a súile sách minic do lucht rialtais.

Tá Cathal Groonell ar dhuine de choiste an chalafoirt. Labhair sé go feargach ar Raidió na Gaeltachta an lá faoi dheireadh faoin leathchuma atá déanta orthu.

Thug sé daite é do pholaiteoirí Ghaillimh Thiar. Dúirt sé glan amach nach bhfuil siad ag cur a ndóthain brú ar an rialtas faoin scéal. 

Caitheadh roinnt airgid ar áiseanna farantóireachta a fheabhsú i Ros a’ Mhíl agus le muiríne a dhéanamh ann ach maidir le haitheantas ceart a thabhairt don chalafort níl sé ag tarlú.

 Go deimhin tá amhras ar Chathal go bhfuil sé de pholasaí faoi cheilt ag Roinn na Mara dearmad a dhéanamh ar Ros a’ Mhíl chomh fada agus is féidir leo.

Ceistíodh Éamon Ó Cuív ar Raidió na Gaeltachta faoin gcás. Mar is gnách leis mhol sé é féin go hard faoin méid atá déanta aigeasean. Tá sé ag cur an-bhrú ar Aire na Mara Charlie McConalogue le tamall faoi, a dúirt sé.

Tharraing Gormfhlaith Ní Thuairisg anuas chuig Ó Cuív an dearcadh a bhí ag Frank Fahey ar Ros a’ Mhíl lena linn. Ba léir don saol brách go raibh Fahey lándáiríre faoi chalafort domhainmhara a dhéanamh de.

 Cén bhrí ach bhí neart airgid ag an rialtas an uair sin, a dúirt Gormfhlaith.

 Sílim go dtuigeann Gormfhlaith go maith dá gcomhoibreodh Ó Cuív le Fahey ag an am go mbeadh calafort breá domhainmhara i Ros a’ Mhíl inniu. 

Ní gá a rá gur shleamhnaigh Éamon Ó Cuív go breá glic as an gceist a chuir Gormfhlaith air faoi Fahey. Tá sé ina mháistir ar an gceird sin.

Ní i gcomhair iascaireachta amháin a d’fheilfeadh calafort ceart i Ros a’ Mhíl. Tamall roimh an Nollaig, dúirt Údarás na Gaeltachta go raibh siad le comhlacht a fhostú a dhéanfadh meastachán ar an bhforbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh ar lárionad fuinnimh in-athnuaite mara a fhorbairt in aice leis an gcalafort. 

Tá stráice mór talún ag an Údarás ansin. Roinnt blianta ó shin bhí tionsclóir ag smaoineamh ar thionscal muilte gaoithe a bhunú ann. Bheadh air sciatháin i gcomhair na muilte gaoithe a thabhairt isteach as an Ollainn agus as áiteanna eile. 

Ar bhád a chaithfí iad a thabhairt i dtír ach aríst ní raibh an calafort sách mór le go bhféadfaí é a dhéanamh.

Idir an dá linn tá na húdaráis stáit agus lucht rialtais áitiúil ar a míle dícheall ag iarraidh calafort mór nua a dhéanamh de chalafort na Gaillimhe.

 Tá deacrachtaí móra pleanála ansin ach ní stopfaidh siad agus ní staonfaidh siad go gcuirfear na deacrachtaí ar fad de leataobh.

 Fiú amháin na laincisí a bhaineann le ceantair thimpeallachta tá siad ag aimsiú bealaí le theacht tharstu.

Níl a fhios agam an éireoidh le Mairéad Farrell, Sinn Féin, le Catherine Connolly, neamhspleách, nó le Seán Kyne, Fine Gael, aon iompú a bhaint as an rialtas faoi Ros a’ Mhíl. Tá siadsan freisin ag cur ceisteanna faoin bpráinn mhór a bhaineann leis an scéal anois.

 I dteannta a chéile is fearr polaiteoirí Ghaillimh Thiar má tá réiteach sásúil le fáil ar an gcás tábhachtach náisiúnta seo.

Fág freagra ar 'Ná ligtear do Roinn na Mara dearmad a dhéanamh ar Ros a’ Mhíl'