Ná géillimis do mheon duairc na nGael ná don ‘imní aeráide’

Bíonn cumhacht bheag chuile lá againn ó thaobh na timpeallachta agus tabharfaidh ár vóta an tseachtain seo chugainn cumhacht bhreise dúinn

Ná géillimis do mheon duairc na nGael ná don ‘imní aeráide’

Is minic a thagann lagmhisneach orm agus mé ag iarraidh an drochthionchar a bhíonn agam ar an gcomhshaol a laghdú. B’fhéidir go mbaineann sé le meon duairc na nGael a bheith ag díriú ar an anachain i gcónaí, ach is éasca a cheapadh go bhfuil chuile shórt a dhéanaim ag brostú dheireadh an domhain.

Ba mhór an t-údar faoisimh, mar sin, an méid a bhí le rá ag an gcraoltóir agus an gníomhaí comhshaoil Fionnuala Moran ag painéal cainte a reáchtáil an nuachtán The Journal i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite.

‘Climate Crisis, the EU, and You’ an t-ábhar a bhí idir chamáin ag Moran; an t-iriseoir Lauren Boland; an tOllamh Rory Monaghan; agus an feirmeoir bánbhia Sinéad Moran.

Chuaigh an cur is cúiteamh ar aghaidh ar feadh tuairim is dhá uair an chloig agus ceisteanna móra aeráide agus comhshaoil a bheidh le láimhseáil ag na feisirí nua Eorpacha a thoghfar an mhí seo chugainn á ngrinniú ag na cainteoirí.

Tháinig ceist ón urlár ag an deireadh faoin méid a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis ó dhuine atá faoi mhíchumas, agus thaitin freagra Fhionnuala Moran go mór liom. Dúirt sí nach mar a chéile an gníomhaíochas aeráide do chuile dhuine agus go gcaithfeadh chuile dhuine breathnú ar a shaol féin agus cinneadh a dhéanamh faoinar féidir leis a dhéanamh.

Mhínigh sí gur veigeán í féin agus go raibh sí ag labhairt faoin veigeánachas lena máthair, bean nach séanfadh an fheoil go brách, gan caint ar an mbainne, más fíor dá hiníon. “Ach níor cheannaigh mo mháthairse éadaí ar bith ó shiopa éadaí ar líne riamh, agus ní cheannóidh,” a dúirt Fionnuala, agus í ag admháil gur chaith sí féin go leor airgid ar an tsiopadóireacht ar líne sular thuig sí an dochar a bhain léi.

An rud is mó a chuireann ‘náire aeráide’ orm féin ná an míleáiste ar an gcarr. Tá cairrín beag díosail agam (1.5L) agus déanaim an-iarracht gan í a thiomáint nuair nach gá – siúlaim an 2km chuig an siopa, téim ar an mbus go cathair na Gaillimhe nuair a fheileann amchlár an 424 mé, agus bíonn mé ar an gcapall iarainn chomh minic agus is féidir. Fuair mé gluaisrothar sé mhí ó shin atá níos fearr don chomhshaol ná an carr, ainneoin an innill pheitril atá inti.

Ach i ndeireadh na dála, caithfidh mé a admháil go dtiomáinim an carr a dhá oiread níos mó ná mar a thiomáineann an gnáth-thiománaí Éireannach. De réir na staitisticí oifigiúla, tiomáineann an tÉireannach isteach is amach le 17,000km sa mbliain. Thiomáin mé féin 38,310km in 2023, agus tá os cionn 10,000km déanta agam i mbliana agus gan an cúigiú mí caite.

Is mar gheall ar an gcaitheamh aimsire atá agam agus an cineál oibre a dhéanaim a bhíonn an míleáiste chomh hard sin – is breá liom a bheith amuigh faoin aer ag cadhcáil, ag siúl sna cnoic, agus ag rothaíocht. Tugann na spórtanna sin deiseanna siamsaíochta agus fostaíochta dom ar fud na hÉireann agus is minic mé ag taisteal go farraigí Chorca Dhuibhne, sléibhte Thír Chonaill, agus bóithre crochta Chill Mhantáin ag an deireadh seachtaine.

Ach chuir caint Fhionnuala ar mo shuaimhneas mé. Agus an t-alt seo á scríobh agam tá mé ag caitheamh t-léine a cheannaigh m’athair dom in 2008 (ní déarfaidh mé libh cé chomh sean is atá an drár…). Cheannaigh mé cóta ón idirlíon den chéad uair riamh i mbliana agus tháinig sé sin ó chomhlacht eachtraíochta a dhéanann a dhícheall a bheith cineálta don chomhshaol.

Beidh an cóta agam go ceann deich mbliana nó níos mó. Agus mé ag sléibhteoireacht, tugaim liom bia a réitigh mé sa mbaile agus seachnaím na buidéil phlaisteacha agus nósanna eile atá go dona don chomhshaol.

Is éasca thú féin a bhá in ‘imní aeráide’ faoi láthair ach léirigh an chaint i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite go bhfuil cumhacht bheag chuile lá agat agus go gcaithfear a bheith an-chúramach leis an gcumhacht mhór a bheidh agam Dé hAoine seo chugainn agus vóta á chaitheamh i dtoghcháin na hEorpa agam.

Fág freagra ar 'Ná géillimis do mheon duairc na nGael ná don ‘imní aeráide’'