Na cúigí chun tosaigh agus leathshúil acu ar an gcomórtas sinsearach Eorpach

Den chéad uair tá ceithre chúige na hÉireann sa 6ú háit nó níos airde ar chlár thábla an Pro 12 agus ba cheart go mbeidís fós ann tar éis cluichí na deireadh seachtaine seo

John Muldoon with mascot Jason Qualter 1/3/2015
©INPHO/Mike Shaughnessy

 

Tá scíth eile ag an bhfoireann idirnáisiúnta an deireadh seachtaine seo, deis cneasaithe ag Johnny Sexton agus Seán O’Brien agus coicís ag Joe Schmidt le teacht ar phlean leis na Breathnaigh a chloí i gCaerdydd faoi cheann seachtaine.

Idir an dá linn, beidh deis eile ag na foirne cúige cur lena stádas sa bPro 12. Tá ceithre chúige na hÉireann sa 6ú háit nó níos airde ar chlár thábla an chomórtais seo. Seo é an chéad séasúr inar tharla a leithéid agus má fhanann cúrsaí mar atá, beidh spás sa gcomórtas sinsearach Eorpach i ndán dóibh ar feadh an chéad bhliain eile.

Is iad na Connachtaigh atá sa 6ú háit agus tá orthu dul as baile le tabhairt faoi Chaerdydd, foireann atá sa 9ú háit. Ach an oiread le Cúige Chonnacht, bhí bua iontach sa mbaile ag Caerdydd an Domhnach seo caite nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Dhún Éideann (21 – 15). Rinne Cúige Chonnacht slad ar Treviso (53- 5) ar an mBóthar Beag Dé Domhnaigh seo caite freisin agus má éiríonn leo bua a fháil sa gcluiche seo, beidh bearna deich bpointe idir iad féin agus na Scarlets, foireann atá sa 7ú háit faoi láthair.

Tá Scarlets sa mbaile i gcoinne na gcuradh, Cúige Laighean, an Satharn seo agus má bhíonn bua ag fír Átha Cliath, déanfaidh siad gar ollmhór do Chúige Chonnacht freisin. Is fiú a lua nár chaill na Scarlets cluiche agus iad ag imirt i bParc y Scarlets ó thug na hOspreys cuairt orthu Lá ‘le Stiofáin. Ach má imríonn Cúige Laighean mar a d’imir siad i gcoinne Ospreys an Aoine seo caite, cluiche a himríodh sa mBreatain Bheag freisin, is deacair bua a shamhlú dóibh. Fós féin, is iad Cúige Laighean atá sa 4ú háit ar an tábla agus mar a dúirt mé níos luaithe, is sa 7ú háit atá na Scarlets. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh buntáiste ar leith ag na Laighnigh.

Tá na Muimhnigh (barr an tábla) sa mBreatain Bheag an Satharn seo freisin acu, agus is i gcoinne na nOspreys (5ú háit ar an tábla) atá siad. In ainneoin gur sa mbaile bhí na hOspreys, bhí siad go dona i gcoinne Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo caite, rud a bheas uathu a cheartú. A mhalairt a tharla do na Muimhnigh sa gcluiche deiridh. Bhí siad thar barr ar fad i gcoinne Ghlaschú, foireann a bhí ar bharr an tábla nó gur chloígh Cúige Mumhan iad (22-10), ach is i gCorcaigh a bhí an cluiche sin. Má éiríonn leo an tsárimirt a chonaic muid uatha a dhéanamh arís an Satharn seo, beidh sé an-deacair an ceann is fearr a fháil ar na Muimhnigh.

Sa mBreatain Bheag a bheas na hUltaigh (3ú háit ar an tábla) i gcoinne Casnewydd (an Port Nua) (10ú háit ar an tábla) an Domhnach seo. Níor buaigh Casnewydd ach chluiche amháin as cúig chluiche agus mar bharr ar an mí-ádh, chaill siad i gcoinne Zebra agus Chúige Chonnacht. Is deacair aon athrú a fheiceáil ar an scéal sin agus iad i gcoinne Chúige Uladh sa gcluiche seo.

 

Fág freagra ar 'Na cúigí chun tosaigh agus leathshúil acu ar an gcomórtas sinsearach Eorpach'