Ná cailltear an deis forbairt a dhéanamh ar Ros an Mhíl nó beidh sí caillte go brách – Ó hÉanaigh

Deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé ríthábhachtach go mbainfí leas gan mhoill as an gcead pleanála atá ar fáil le haghaidh forbairt an chalafoirt i Ros an Mhíl ar eagla go gcaillfí deis iontach atá ag baint leis an bhfuinneamh in-athnuaite

Ná cailltear an deis forbairt a dhéanamh ar Ros an Mhíl nó beidh sí caillte go brách – Ó hÉanaigh

Ná cailltear an deis forbairt a dhéanamh ar Ros an Mhíl nó beidh sí caillte go brách.  Sin é an t-adhmad atá le baint as ráiteas atá tugtha do Tuairisc.ie ag Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus é ag trácht ar Chalafort Ros an Mhíl i gConamara.

Inné a foilsíodh tuairisc ar an mbliain 2021 ag Údarás na Gaeltachta, agus is léir go bhfuil an Príomhfheidhmeannach an-imníoch nach mbainfear mórán leasa as feilmeacha gaoithe ar chósta Chonamara agus an iarthair mura ndéanfaidh an Stát driopás.

Tháinig an t-ábhar seo go mór i gceist nuair a d’fhógair Green Investment Group go rabhadar leagtha ar thionscal mór gaoithe a fhorbairt thart ar charraigeacha na Sceirde, naoi míle siar ó chósta thiar Chonamara.

Tá an comhlacht seo, atá bainteach le comhlacht agus banc ollmhór san Astráil – MacQuarries – sa tóir ar chead forbartha do mhuilte gaoithe a chuirfeadh 450 Megawatt sa mbliain ar fáil ón láthair sin.

Beidh sí – má fhaightear cead ón mBord Pleanála – ar an gcéad fheilm mhór ghaoithe ariamh amach ó chósta thiar na hÉireann.

Is cosúil go mbeadh Green Investment Group sásta gur as Ros an Mhíl, den chuid is mó, a bheifí ag cur soláthar agus seirbhísí ar fáil an fhaid agus a bheadh an obair thógála agus forbartha ar bun sna Sceirde.  Leanfadh Ros an Mhíl ar aghaidh mar phríomhionad seirbhísí ina dhiaidh sin agus meastar go mbeadh rath – agus fostaíocht dá réir – ar Ros an Mhíl de bharr na bhfeilmeacha gaoithe.  Ach níl Ros an Mhíl réitithe le freastal ar a leithéid de thionscadal mór.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, go bhfuil sé “ríthábhachtach go mbainfí leas gan mhoill as an gcead pleanála atá ar fáil le haghaidh forbairt an chalafoirt i Ros a’ Mhíl”.   Ag cur leis sin dúirt an Príomhfheidhmeannach: “Mura ndéanfar an fhorbairt i Ros a’ Mhíl d’fhéadfadh an réigiún uilig a bheith ag cailleadh amach ar dheis iontach atá ag baint leis an bhfuinneamh in-athnuaite. Tá an fhorbairt seo a bhaineann leis an ngaoth, agus le foinsí eile, ag teacht go mór le pleananna agus straitéisí Údarás na Gaeltachta ó thaobh polasaí glas don Ghaeltacht,” a deir Ó hÉanaigh.

Tá cead pleanála do chalafort domhainmhara tugtha le haghaidh Chalafort Ros an Mhíl le tamall maith blianta ach níl socrú ar bith déanta fós i dtaobh na hoibre.  Is anseo atá an chruóg, a deir an dream atá fabhrach do Ros an Mhíl mar Ionad seirbhísí agus freastail ar na Sceirde.

Nuair a rinneadh meastachán ar an gcostas a bhainfeadh le forbairt an chalafoirt beagán blianta ó shin measadh go mbeadh costas idir €18 milliún agus €20 milliún, i gceist.  Ach de bharr a bhfuil d’ardú ar phraghsanna ó shin, chuile sheans go mbeadh idir €22 milliún agus €25 milliún i gceist anois.  Ach, measann go leor, Micheál Ó hÉanaigh ina measc, gur caiteachas a bheadh ann a bhfaighfí a luach ar ais ar feadh blianta fada amach anseo.

Díríonn Ó hÉanaigh aird ar an tuarascáil neamhspleách a rinneadh le gairid a léirigh go bhféadfadh 900 post a bheith bunaithe ar an obair forbartha a dhéanfaí ar Chalafort Ros an Mhíl; tá tionscal na gaoithe ina cuid di sin.

Ach tá uair na cinniúna in aice láthair.

Má fhaightear cead forbartha ar na Sceirde ní dhéanfaidh Green Investment Group aon mhoill ag tosú na hoibre.  Tá siadsan ag iarraidh a bheith tosaithe ansin in 2027, nó níos túisce.   Idir an dá linn, má éiríonn leo sa gcóras pleanála, caithfidh siad socruithe a dhéanamh faoin ionad/na hionaid a bheidh acu ar an mórthír.  Má tá Ros an Mhíl le bheith sa gcomhaireamh, níor mhór  go mbeadh gníomhaíocht láidir forbartha ar bun ansin sna blianta beaga seo romhainn amach.  Thógfadh sé tréimhse mhaith sula mbeadh bailchríoch ar an gcineál oibre atá le déanamh ar an gCalafort ansin.

Tuigtear go bhfuil spéis mhór ag Green Investment Energy lárionad mór a bheith acu i Ros an Mhíl agus go bhfuil siad ag súil go ndéanfar forbairt ar an gcalafort sin.   Ach tá an t-am ag éirí an-ghann.  Táthar den bharúil go dteastódh fógra forbartha i Ros an Mhíl as seo go ceann cúpla ráithe.

Braithfidh roinnt ar dhearcadh an Aire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, Eamon Ryan, TD,   Chuirfeadh a thacaíocht siúd le cás Ros an Mhíl, ach níl aon chor as fós. 

An fhaid agus atá an scéal ag dul ar aghaidh, táthar ag súil go mbeidh buachtáil [brabach] ag Calafort na Gaillimhe ar thionscal na gaoithe agus tá muintir na Fianaite i gCiarraí ag coinneáil súil ar an scéal freisin. Tuigeann siad uilig go mbeidh tábhacht lá níos faide anonn, agus farraigí níos faide amach, ag baint le scéal na Sceirde.

Meastar go bhfuil an cineál siúil agus an ropadh a bhíonn faoin ngaoth ar chósta thiar agus thiar thuaidh na hÉireann ar an aeráid is fearr san Eoraip le haghaidh tionscal na cumhachta.  Má cheadaítear feilm ghaoithe na Sceirde agus má bhíonn borradh fúithi, beidh dreamanna eile ag teannadh siar le buntáistí a bhaint as an ngaoth aniar.

Beidh tuilleadh seirbhísí ag teastáil ar an mórthír ach an cheist atá á cur cheana féin ná an gcaillfidh Ros an Mhíl an bád?

Fág freagra ar 'Ná cailltear an deis forbairt a dhéanamh ar Ros an Mhíl nó beidh sí caillte go brách – Ó hÉanaigh'