Na bronntanais a theastaíonn ó lucht spóirt i mbliana…

Tá an tráth sin de bhliain tagtha arís nuair atá sé in am tosaí ag achainí agus ag iarraidh ach is le focal buíochais a thosaíonn ár gcolúnaí spóirt a litir chuig Santa i mbliana…

brolly

A Santa a chara,

Tá eolas agat ar an seanfheiliméara caorach sin a bhíonn ag Specsavers ar an teilifís agus nach bhfuil amharc na súl go maith aige – is gearr eile go mbeidh a shaibhreas déanta aige de dá bharr.

Is fadó an lá a thug tú an deimheas sin chuige a bhíonn aige ag lomadh –  murach é, ní fheicfí ar an scáileán go deo é, a deir sé, ach sháraigh an bearrthóir gruaige a thug tú an t-am seo anuraidh aige aon bhronntanas a fuair sé ariamh.

I dtús an earraigh, tháinig peileadóir óg a imríonn peil do Luimneach, Stephen Lavin, chuige agus Philly McMahon Áth Cliath ina dhiaidh sin. Ach níor thuig sé go baileach cé chomh mór i bhfaisean a bhí a chuid ealaíona nó go ndearna sé an jab ar Ian Madigan.

Fuair lúthchleasaithe na Breataine agus na hEorpa léargas ar a stíl gearrtha ansin agus nach bhfuil cúpla siopa oscailte i gcéin aige anois – Ronaldo agus Neymar mar chustaiméirí aige sa Spáinn agus Mario Ballotelli ina ambasadóir aige san Iodáil.

Thug sé lomadh beag do Conor McGregor sular thug seisean aghaidh ar Las Vegas cúpla seachtain ó shin ach tá súil aige jab ceart a dhéanamh air san athbhliain.

B’fhéidir os ag caint ar an gcineál sin ruda é go dtabharfá uimhir ár gcara d’imreoir sacair Manchester United, Marouane Fellaini – mura bhfuil mórán eolais agat air – is é an ceann é a bhfuil an coca féir leagtha anuas ar a chloigeann.

Bhí sé ina pheileadóir chomh maith sin gur thug United £27.5 milliún air anuraidh, ach ar an drochuair níl cuma ná caoi fanta ar an gcréatúr ó shin agus tá sé ag fáil íde na muca is na madraí ón lucht leanta. Tá sé ag ceapadh dá bhfaigheadh sé lomadh maith nach mbeadh sé chomh héasca é a aithneachtáil.

Achainí bheag anseo agam ó John Delaney. Agus tú ar do chamchuairt feadh na hIodáile, na Sualainne agus na Beilge, b’fhéidir go gcuirfeá cogar i gcluasa Zlatan Ibrahomovic, Eden Hazard nó Claudio Marchisio. Ba mhór an chabhair don sacar sa tír seo dá bhféadfadh duine nó beirt féin acu beagán séitéireachta a dhéanamh agus iad ag imirt in aghaidh na hÉireann i gCraobhacha na hEorpa sa bhFrainc – an liathróid a chur san eangach lena lámh nó a leithéid. Fuair John agus an FAI €5 mhilliún cheana nuair a rinne Thierry Henry amhlaidh agus ní amú a thiocfadh slam eile. Sháródh sé an Lotto dá dtarlódh sé cúpla geábh.

Ós ag caint air sin é, an gcaithfeá leabhairín faoi fhuaimniú theanga na Fraincise i chuile theach in Éirinn agus tú faoi bhealach. I gceartlár shéasúr na turasóireachta anseo a bheas Craobh na hEorpa 2016 ar siúl agus beidh muid náirithe go deo má chloiseann na cuairteoirí a thiocfas chugainn daoine ag caint ar ‘Bore-ducks’, ‘Lions’, ‘Fountain-Blue’ agus a leithéidí.

Feicim freisin go bhfuil na siopaí bréagáin lán leis na scútair bheaga a bhíodh ag gasúir fadó – na cinn dhá roth sin ar a bhfágann tú cos ar phíosa caol adhmaid agus a thiomáineann tú chun cinn leis an gcos eile atá i gceist agam. Fág ceann acu le taobh chaon phosta ag príomhpháirceanna Chumann Lúthchleas Gael le do thoil.

Nuair a bheas sin déanta, éileoidh mé ar Chomhdháil Bhliantúil an Chumainn go gcaithfeadh leithéidí Stephen Cluxton agus Rory Beggan iad a úsáid agus iad ag dul suas an pháirc ag glacadh ciceanna saora. B’fhéidir go gcuirfeadh sin beagán de dheifir fúthu.

Ní fheicfidh muid oiread d’Éamon O’Shea an bhliain seo chugainn agus a chonaic muid anuraidh, ach b’fhéidir go dtabharfá seaicéad chuige. Is léir nach bhfuil a leithéid ag an gcréatúr mar, cuma cén saghas aimsire a bhíonn ann, ní bhíonn á chaitheamh ar an taobhlíne aige ach an t-léine beag éadrom siúd. Bí cinnte freisin go bhfuil pócaí ar an seaicéad mar is gearr eile go strumpóidh sé agus an dá lámh trasna a uchta aige.

Agus faoi dheireadh, déanfaidh tú soilíos dúinn ar fad ach péire nua spéaclóirí a thabhairt chuig Joe Brolly. Ní hamháin go bhfuil an seanphéire sin atá aige ag éirí caite agus ag síoraí ag sleamhnú anuas ar a shrón, ach is léir freisin anois nach bhfuil siad leath sách láidir mar ní hé an cluiche céanna a fheiceann Joe bocht agus a fheiceann 99% den chuid eile againn.

Go mbeire muid beo ar an am seo arís agus Nollaig shona dhuit fhéin agus dhaoibh uilig.

Le meas,

Mártan

P.S.  Má d’fhág Sepp Blatter nó Michel Platini aon chlúdach litreach donn le taobh na gcairéad duit le bliain nó dhó, tabhair ar ais láithreach é nó tharlódh gur ar fionraí a bheifeá féin an t-am seo arís.

Fág freagra ar 'Na bronntanais a theastaíonn ó lucht spóirt i mbliana…'