Blianta ó shin agus mé ar cuairt go Londain in éineacht le mo mháthair, chas muid le huncail a bhí ina chónaí i Reading. Agus an carr ag dul thar Chaisleán Windsor, thug sé faoi deara go raibh an bhratach ríoga ar foluain os a chionn, rud a dheimhnigh go raibh Sí Féin sa mbaile agus dúirt:
‘B’fhéidir go ndéanfaidh sí bolgam tae dúinn – agus ná bíodh aon leithscéal aici faoi mhóin thais!’
Bhí a shaol caite sa mBreatain aige agus cé go raibh post ardleibhéil aige i gcomhlacht ola, níor chaill sé riamh an ceangal leis an mbaile, ná féith an ghrinn nach dtuigfeadh ach Éireannaigh.
Dá mairfeadh sé, ní hé caighdeán na móna a bheadh ag déanamh tinnis dó, agus é ar thóir cupán tae nó caife anseo in Éirinn.
Agus níor ghá go mbeadh aon imní air faoi theocht an chaife, ach an oiread. Tá réiteach na bhfadhbanna sin go léir ag comhlachtaí seachadta a bhfuil ar a gcumas bia te a sholáthar duit sa mbaile taobh istigh de ‘thrí nóiméad,’ dar leo féin.
Comhlachtaí drón iad atá ag feidhmiú i gcathair Bhaile Átha Cliath (agus b’fhéidir i mbailte eile) le cúpla mí anuas. Is cosúil go bhfuil ceangal acu anois le comhlachtaí éagsúla ‘bia gasta’ agus an gnó ag méadú in aghaidh an lae.
Agus má cheapann éinne agaibh gur inné nó inniu a thosaigh muintir na hÉireann ag ithe bia gasta, tá dul amú oraibh. Chomh fada siar le 2014, léirigh tuarascáil ón Eoraip go raibh muide chun cinn ar 19 tír eile san Eoraip ó thaobh an méid bia den chineál sin a bhí á ithe againn.
Mar shampla, deich mbliana ó shin, cheannaigh na Gearmánaigh luach €134 an duine den bhia sin ach bhí muintir na hÉireann ar an meán, ag ceannach luach €322 – in aghaidh na bliana.
Agus cé go gcuirtear an locht ar leithéidí McDonald’s go minic, ba iad na comhlachtaí Éireannacha ar nós Musgraves (SuperValu, Centra agus a leithéidí) a bhí sa gcéad áit le 14.2% den mhargadh sa mbliain 2012.
Ar aon nós, is custaiméirí tábhachtacha iad na comhlachtaí bia Meiriceánacha – ceannaíonn siad riar mór táirgí bia Éireannacha gach seachtain. Agus má úsáidtear na táirgí bia sin sna rudaí gasta a thaitníonn le daoine, níl na feirmeoirí ná na hollsoláthróirí sa mhargadh seo ag dul ag clamhsán fúthu.
Agus níl aon dabht ach go dtaitníonn an bia gasta le daoine. Tá 103 bialann anois ag comhlacht Supermac’s a bunaíodh i mBéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe sa mbliain 1978.
Ach má ‘mhúineann gá seift’ (i gcás na ndrón) ní hin le rá nach gcruthaíonn seift fadhb eile.
Ní raibh caint ar bith ar sheirbhísí seachadta drón nuair a bhí Plean Forbartha Chomhairle Fhine Gall á dhréachtú. Ag a gcruinniú níos túisce an mhí seo, bhí comhairleoirí ag plé fadhb nach raibh súil ar bith acu léi – an torann a dhéanann na dróin agus iad i mbun bia ‘gasta’ a sheachadadh i gceantar Bhaile Átha Cliath 15, i bhFine Gall.
Bhí tuairisc os a gcomhair ag insint dóibh go raibh trí chomhlacht drón tosaithe i mbun oibre le mí anuas – péire i mBaile Brigín agus Baile Bhlainséir agus ceann eile i Lusca. Agus is cosúil go bhfuil na casaoidí tosaithe ag teacht isteach chuig an gComhairle cheana féin. An torann a dhéanann an meaisín eitilte an rud is mó a chuireann as do dhaoine.
Deir ceann de na comhlachtaí go bhfuil ar a gcumas suas le 150 seachadadh a dhéanamh in aghaidh an lae. Seans go bhfuil an figiúr sin méadaithe ó foilsíodh é. Ach beidh toradh eile nach raibh súil leis – céard a tharlóidh don líon mór rothaithe agus tiománaithe a bhíonn i mbun seachadta bia ar fud na cathrach ó dhubh go dubh?
Deir comhlacht bogearraí a sholáthraíonn teicneolaíocht don chomhlacht drón go bhfuil duine amháin ag oibriú riar mór drón in ann 20 seachadadh a dhéanamh taobh istigh d’uair an chloig. Sin 10 n-oiread níos mó ná seirbhís ar an mbóthar.
Agus má tá imní ort faoin timpeallacht – deir siad gur ‘bhain siad 45,000 ciliméadar den bhóthar’ i mBaile Átha Cliath 15 amháin, ó thosaigh siad i mbun oibre leis na dróin.
Dúirt bean amháin gur baineadh geit aisti nuair a chonaic sí drón den chéad uair. Chonaic sí na soilse agus an chéad rud eile leaindeáil rud ón spéir. ‘Agus in achar an-ghearr bhí na comharsana ar fad á n-úsáid le haghaidh bia gasta,’ dúirt sí. Ach luaigh sise an torann freisin.
Ach cé gur tháinig na clamhsáin faoin torann isteach go tréan chuig an gComhairle ní raibh siadsan in ann mórán a dhéanamh faoi, mura dtabharfaí reachtaíocht isteach a chuirfeadh srianta ar na dróin.
Tá cead ag an gComhairle rialú a dhéanamh má eitlíonn siad os cionn na bpáirceanna poiblí. Mar sin, mhol comhairleoir amháin go mb’fhéidir go laghdófaí ar an torann dá n-eitleodh na dróin os cionn na bpáirceanna poiblí seachas os cionn tithe príobháideacha.
Ach ar an toirt, chuir comhairleoir ón bPáirtí Glas ina choinne sin toisc go raibh seans ann go gcuirfí as don fhiadhúlra, dá gceadófaí dóibh eitilt os cionn na bpáirceanna poiblí.
Phléigh siad cosc a chur orthu le linn uaireanta áirithe, chun an torann a laghdú. Ach bhí freagra air sin ag na comhlachtaí drón.
‘Tá na huaireanta a mbímid i mbun oibre go hiomlán ag brath ar éileamh na gcustaiméirí i mBaile Átha Cliath 15 ar bhia atá ‘réitithe ar an toirt’.
Shílfeá go raibh innealtóir sinsearach na Comhairle ag éisteacht le m’uncail nuair a dúirt sé ‘Tuigim cén fáth a mealltar daoine leis an tseirbhís seo,’ arsa seisean. ‘Má fhaigheann tú bia seachadta ar rothar, gach seans go mbeidh sé fuar. Mar sin, cealaíonn sé (an drón) an fhadhb sin.’
Ná bíodh duine ar bith ag déanamh leithscéal feasta faoin móin a bheith tais – sásóidh comhlacht éigin eile an t-éileamh. Ar an toirt.
Imníoch
Go dtí na 1980daí ba rud neamhghnách meáchan an-mhór do bheith ar dhuine in Éirinn.
Tá meáchan mór ar sciar suntasach den phobail anois de bharr bia atá lan le saill, ola phailme, síoróip arbhair, siúcra srl.
Tá géarchéim diaibéitis i measc an óige ar fud an domhain “forbartha” ach níl eolas cruinn ar fáil faoin staid tír seo. Cuireann easpa clárlainne diaibéitis náisiúnta bac ar chumas na Roinne Sláinte pleanáil a dhéanamh don Diaibéiteas.