An ann níos mó don ghaol speisialta a bhí le fada idir Fianna Fáil agus pobal na Gaeilge?

Scrúdaíonn foilsitheoir agus scríbhneoir an gaol speisialta a bhí le fada idir Fianna Fáil agus pobal na Gaeilge agus fiafraíonn sé an ann dó níos mó

An ann níos mó don ghaol speisialta a bhí le fada idir Fianna Fáil agus pobal na Gaeilge?

Tá buiséad eile fógartha agus, arís eile, tá foilsitheoirí na Gaeilge fágtha ar an trá fholamh. Ach in áit a dteanga a chaitheamh leis an síorchlamhsán, b’fhéidir go bhfuil sé in am ag lucht na leabhar iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar a gcás.

Ar na dreamanna éagsúla a bhí páirteach sa ngluaiseacht agus sa gcogadh a bhain an stát nua amach dúinn i 1922, bhí lucht na Gaeilge go mór chun tosaigh. Dream iad a bhí gan dídean pholaitiúil sa tír le 300 bliain roimhe sin agus, dar ndóigh, bhí súil acu le cabhair agus cothú ón stát nua. Ó 1926 i leith, is ar pháirtí amháin sa stát, páirtí a sheas go poiblí ar son na Gaeilge agus ar son an traidisiúin Ghaelaigh, a bhí an dóchas sin ag brath. B’in iad Fianna Fáil. Páirtí iad sin a bhí fréamhaithe i gCumann Lúthchleas Gael agus sa nGaeilge agus a raibh fís náisiúnta nua-aoiseach don todhchaí acu.

Toradh amháin a bhí ar an mbraistint sin, nuair a bhí nead i gcluais Fhianna Fáil le fáil ag lucht na Gaeilge, d’airigh siad nach raibh gá leis an stocaireacht ar son na Gaeilge níos mó (agus ar an stocaireacht trí Bhéarla ach go háirithe). Agus níorbh iontas sin, mar i measc theachtaí an pháirtí sin, bhí cainteoirí maithe Gaeilge. Cuimhnítear ar George Colley agus ar Jim Tunney, agus lenár linn féin, ar Éamon Ó Cuív, agus ar Mhicheál Martin, gan trácht ar an aire stáit don Ghaeltacht Thomas Byrne.

Níl mé ag maíomh nach raibh Gaeilgeoirí i measc Fhine Gael nó Páirtí an Lucht Oibre. Bhí, agus tá (agus féach gur comhrialtas an dá pháirtí sin a chuir Teilifís na Gaeilge ar bun i 1996), ach ní raibh an t-aitheantas céanna ón bpobal acu mar pháirtí an náisiúnachais ná mar pháirtí a thacaigh leis an teanga náisiúnta, agus atá ag Fianna Fáil.

Ní déarfainn ach oiread gur ionann duine a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige agus duine a thacódh leis an nGaeilge. Go deimhin is minic a mhalairt fíor i measc ceannasaithe a ceapadh ar ranna rialtais, RTÉ, agus institiúidí cultúir an stáit.

Bíodh sin amhlaidh, bhí cáil na Gaeilge ar Fhianna Fáil agus, le fada, bhí lucht vótála Fhianna Fáil — bídís ina nGaeilgeoirí nó ina mBéarlóirí — ag súil go ndéanfadh an páirtí an “rud ceart” fad is a bhain sé leis an nGaeilge de, agus nach mbeadh gá aon imní a dhéanamh faoi thodhchaí an náisiúin fad a bhí a bpáirtí i gcumhacht. Agus, taobh amuigh de shaol na Gaeilge, níor tugadh faoi deara an titim a bhí ag teacht ar stádas na Gaeilge.

Ní hiontas ar bith é sin. Níor nós le lucht na Gaeilge aird a tharraingt ar a ndrochstaid féin agus níor mian leo ar chor ar bith é sin a dhéanamh trí Bhéarla. Ghlac siad leis go raibh “tuiscint chiúin” idir iad agus Fianna Fáil.

Le breis is fiche bliain anuas, tá sé ag éirí níos soiléire agus níos soiléire gur ar lucht na Gaeilge amháin atá an mhíthuiscint sin. Níl aon athrú tagtha ar bhriathra milse molta Fhianna Fáil ná ar gheallúintí (nach gcreideann aon Ghaeilgeoir ciallmhar iontu níos mó).

I gcultúr an lae inniu, leagtar béim ar an dearcadh dearfa agus ar an deilín dóchasach, agus faightear boladh bréan ar aon chaint dhiúltach. Bíonn ar an bhfoilsitheoir béim a leagan ar an soiscéal dearfa dóchasach — ar an bpobal láidir léitheoireachta atá ag fás, cuirim i gcás — agus gan an iomarca airde a tharraingt ar an doicheall a bhíonn romhainn i hallaí na cumhachta, ná ar an gcaoi a gcaitear go maslach linn in aimsir buiséid — rud nach ndéanann an rialtas iarracht rómhór a cheilt níos mó.

Ach is é an teachta Fianna Fáileach Éamon Ó Cuív féin a dúirt anuraidh, agus é ag trácht ar Roinn na Gaeltachta: “Má bhreathnaíonn muid ar bhuiséad na Roinne, tá méadú ollmhór ar an gcaiteachas atá ar an gComhairle Ealaíon, mar shampla, agus ar na healaíona ar fad,” ar sé, “agus ag an am céanna, thóg airí sinsearacha éagsúla cinneadh sa Roinn sin go bhfáiscfí an t-anam as foilsitheoireacht na Gaeilge.”

Ó thaobh na bhfigiúirí de, in 2008, faoi Rialtas Fhianna Fáil, bhí €1.8 milliún á chaitheamh ar Chlár na Leabhar Gaeilge. Fiú ansin, ní raibh dóthain sa méid sin chun obair na foilsitheoireachta Gaeilge a chur chun cinn go sásúil.

Tar éis tubaiste na bliana sin, thit an figiúr sin faoi bhun milliún le linn chomhrialtas Fhine Gael agus Fhianna Fáil. Ó shin, tá geilleagar na tíre ag teacht chuige féin, agus is beag rannóg stáit nach bhfuil a seanliúntas bainte amach arís aici. Níl sé sin fíor i gcás na Gaeilge. Beagáinín os cionn milliúin atá á chaitheamh anois ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Cuir é sin i gcomparáid leis an gComhairle Ealaíon. Buiséad os cionn €80 milliún a bhí ag an gComhairle Ealaíon in 2008. Thit sé sin go dtí €73 milliún in 2009, ach faoi 2024 bhí an méid sin faighte ar ais acu agus tuilleadh, €134 milliún ar fad. Agus an bhliain seo chugainn is €140 milliún a bheidh i mbuiséad na Comhairle Ealaíon.

Mar fhoilsitheoir, caithfidh mé an cheist a chur: cén fáth a bhfuiltear ag caitheamh go maslach leo siúd a bhfuil obair an stáit á déanamh acu — idir scríbhneoirí, eagarthóirí agus dáileoirí (gan trácht ar léitheoirí na Gaeilge, idir óg agus aosta)? Tá soláthar á dhéanamh ag foilsitheoirí ar leabhair Ghaeilge de réir pholasaí an stáit, tá páirt á glacadh acu i straitéis fhadtréimhseach an stáit i leith na Gaeilge, agus tá comhlíonadh á dhéanamh acu ar fhís náisiúnta an stáit.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne i láthair le linn na cainte sin a rinne Éamon Ó Cuív TD, ach fós sa nGiveaway Budget mór a fógraíodh an mhí seo, níor thug sé oiread is pingin rua ar ais d’fhoilsitheoirí na Gaeilge — ní áirím ardú.

Is dócha gur ag an bhfile Diarmuid Rua Mac Muireadhaigh (c. 1690) a bhí an freagra, “Ní hí an Ghaeilge a chuaigh ó chion / Ach an dream dar dual di dídean.” Ar láimh amháin, fad is a bhaineann sé le Fianna Fáil, tá an teanga náisiúnta ag imeacht ‘ó chion’, is léir, agus tá a ndroim á thabhairt ag an bpáirtí leis an bhfís náisiúnta. Ar an láimh eile, is léir ón dá thoghchán dheireanacha nach bhfuil an seasamh céanna ag Fianna Fáil sa bpobal agus go mb’fhéidir nach mbeidh sé ar a gcumas feasta ‘dídean’ a chur ar fáil don phobal Gaelach ná cur go héifeachtach ar son na Gaeilge i dtithe an Oireachtais, agus gur gá do Ghaeil seiftiú agus straitéisí nua a fhorbairt le cur ar a son féin trí Bhéarla i measc phobal na tíre.

Fág freagra ar 'An ann níos mó don ghaol speisialta a bhí le fada idir Fianna Fáil agus pobal na Gaeilge?'

  • Pól Ó Braoin

    Tá mé gan aon nuachtán nó páipéar nuachta ar bith clóite i nGaeilge is féidir liom ceannach sa siopa. Insíonn sé sin an scéal, cheapfainn…

  • Concubhar

    Gach Céadaoin bíonn Seachtain san Irish Independent gach Céadaoin.

  • Fergus na Foghraíochta

    An smaoineamh atá ag Darach Ó Scolaí “gur gá do Ghaeil seiftiú agus straitéisí nua a fhorbairt le cur ar a son féin trí Bhéarla i measc phobal na tíre.”
    An t-aon imní a bheadh ormsa ná go bhfuil taithí na nglúnta ag pobail na Gaeilge ar liosta fada clamhsán, bacanna agus teipeanna atá ina buanliodán againn faoin am seo. Ní mór a bheith glic agus béim a chur sna meáin Bhéarla ar na féidireachtaí agus deiseann atá ann faoi láthair seachas díriú ar na rudaí nár deineadh. Agus maidir le polaiteoirí ní mór moltaí dearfacha a dhéanamh as na clamhsáin síoraí faoi na deiseanna nár dtapaíodh.

    An raibh scéal ar bith ar na meáin Bhéarla faoin “lonnaíocht lánGhaeilge” atá á phlé ag an Oireachtas? Chuala mé go raibh pleananna dá leithéid á bplé ag Gaeilgeoirí BÁC comh fada siar leis na 1970daí ach go raibh an plé sin ag dul ar aghaidh i nganfhios do saol an Bhéarla. Seans go mbaineann an teip leanúnach maidie le “Gaeltacht BÁC” leis an easpa cumarsáde le Béarlóirí aonteangacha na cathrach go hairithe leo siúd go bhfuil saineolas acu agus a bheadh sásta tacú leis an togra.