Ná bí ag súil go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí in 2019…

Bhí scuainí fada, seaicéid bhuí, tinte foraoise, diúracáin Rúiseacha agus bean óg ó Thír na Sámach le feiceáil i liathróid feasa ár gcolúnaí

Ná bí ag súil go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí in 2019…

Mar is iondúil an t-am seo den bhliain, d’iarr Tuairisc.ie orm an smúit a ghlanadh de mo liathróid chriostail agus súil a chaitheamh ar a bhfuil i ndán dúinn ó thaobh rsaí nuachta idirnáisiúnta de sa bhliain atá romhainn. Seo linn.

Creid é nó ná creid, ach ní raibh mé ach tar éis na focail draíochta a rá a dhúisíonn an liathróid nó las an dáta 29-03-2019 inti, uimhreacha móra dearga nár stop ach ag splancadh. Bhí an rud ar fad chomh drámatúil sin gur shíl mé, ar feadh soicind, go raibh an liathróid ag iarraidh a rá liom go dtitfeadh an spéir an lá sin. Ach ansin, rith sé liom nach raibh ann ach an dáta atá luaite leis an mBreatimeacht.

Agus an t-alt seo á scríobh, tá Theresa May fós ag streachailt léi, ag iarraidh a chur ina luí ar an saol mór go bhfuil an margadh is fearr don Bhreatain á dhéanamh aici, nuair is léir don saol mór gurb é an margadh is fearr don Bhreatain ná fanacht san Aontas Eorpach. Ní bhíonn an liathróid an-chruinn maidir le himeachtaí a tharlóidh sa ghearrthréimhse, ach creidim go bhfaca mé daoine ag seasamh i scuaine fhada i gceann de na híomhánna a chonaic mé nuair a d’iarr mé tuilleadh tairngreachtaí uirthi faoin mBreatimeacht.

Toghchán mar sin? Reifreann nua? Nó muintir na Breataine ag iarraidh bia a cheannacht ar an 30 Márta?

Ina dhiaidh sin, thaispeáin an liathróid sraith íomhánna dom a tharla cheana féin, le bliain anuas. Bhain siad ar fad leis an Rúis: eitleáin chogaidh de chuid na tíre sin ag eitilt go híseal os cionn long chogaidh de chuid na Beilge i Muir Bhailt, ionradh á dhéanamh ar longa cogaidh de chuid na hÚcráine sa Mhuir Dhubh, diúracán nua á fhorbairt a sháródh Conradh INF a shínigh Reagan agus Gorbachev thiar sa bhliain 1987.

Shílfeá gurbh éard a bhí an liathróid ag iarraidh a rá liom ná go mbeidh Vladimir Putin ag iarraidh a thaispeáint don chuid eile den domhan nach gcuirfidh smachtbhannaí ná rabhaidh stop le pé plean atá á fhorbairt aige sa Chreimil le nach mór fiche bliain anuas.

Íomhánna as Meiriceá Theas a bhí le feiceáil sa liathróid ina dhiaidh sin: géarchéim na dteifeach as Veiniséala ag dul in olcas agus go leor agóidíochta sa Bhrasaíl, áit a mbeidh deacrachtaí praiticiúla ag an uachtarán nuathofa Jair Bolsonaro an chuid is conspóidí dá phleananna a chur i bhfeidhm. Sa Bholaiv, éireoidh leis an uachtarán reatha Evo Morales an ceathrú téarma a bhaint amach.

D’éirigh an liathróid an-te ansin agus b’éigean dom céim siar a thabhairt. Bhí lasracha buí agus go leor deataigh le feiceáil inti. Tine foraoise! Ní raibh i samhradh 2018, ar ndóigh, ach réamhbhlaiseadh dá bhfuil romhainn ó thaobh an athraithe aeráide de. Beidh comharthaí níos follasaí agus níos tromchúisí fós le feiceáil sa bhliain atá amach romhainn. Go dtí seo, ní raibh sé de mhisneach ag ceannairí an domhain na dianbheartais a chur i bhfeidhm a bhfuil gá leo chun stop a chur le téamh an domhain. An mbeidh sé de mhisneach againne ar cúis linn an timpeallacht sampla Greta Thunberg a leanúint agus na dianbheartais sin a éileamh? An éisteofar linn? Nó an oirfidh sé níos fearr do pholaiteoirí cluas a thabhairt do lucht na seaicéad buí, gluaiseacht a tháinig chun cinn sa Fhrainc, a scaip go dtí an Bheilg, an Ísiltír agus go deimhin go dtí an Iaráic, agus atá i gcoinne aon cháin bhreise ar bhreosla neamhinmharthana?

Go deimhin, bhí seaicéid bhuí á gcaitheamh ag roinnt mhaith vótóirí sna híomhánna a thaispeáin an liathróid de thoghchán Pharlaimint na hEorpa, a bheidh ar siúl ag deireadh mhí na Bealtaine. Thuig mé an teachtaireacht. Gluaiseacht pholaitiúil Eorpach – nó fiú dhomhanda – a bheidh sna seaicéid bhuí. Ach cé hiad na polaiteoirí a thiocfaidh i dtír ar fhearg an dreama seo?

Ar deireadh, rinne an liathróid tairngreacht a bhaineann le cúrsaí ceoil seachas cúrsaí reatha, ach a chuirfidh gliondar ar chroí léitheoirí a bhfuil spéis acu i dteangacha neamhfhorleathana.

Bainfidh Ella Marie Hætta Isaksen, amhránaí óg as Tír na Sámach, cáil dhomhanda amach le joik leictreonach, theangach a banna ISÁK.

Anseo a léigh tú ar dtús é.

Fág freagra ar 'Ná bí ag súil go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí in 2019…'

  • Gearóid Ó Laoi

    An-scríobhnóireacht. N’fheadar an bhfuil puinn taobh thiar den dream éide bhuí seachas bheith ag adhaint achrainn.

  • Seán Ó Floinn

    Tá dia beag déanta agat as Greta Thunberg – níl inti ach déágóir atá lán le clíchéanna agus í á chur chun cinn ar bhealach cliste ag reacairí an uafáis amhail is gur saineolaí