Ná bac ‘The Crown’ ach léigh scéal An Tiarna George Hill agus pobal Ghaoth Dobhair

Beidh tú sáite sa scéal atá le hinsint ag Cathal Póirtéir mar scéal é a bhfuil cor gan choinne ar chuile leathanach

Ná bac ‘The Crown’ ach léigh scéal An Tiarna George Hill agus pobal Ghaoth Dobhair

An Tiarna George Hill agus pobal Ghaoth Dobhair
Cathal Póirtéir
Cló Iar-Chonnacht
€20

Is ormsa a bhí an t-ádh gur casadh an leabhar iontach spéisiúil seo orm i ndúluachair na bliana nuair a bhí áiméar agus leithscéal agam lena threabhadh. Bhí beagán imní orm go mbeadh sé rólogánta do dhuine nach raibh ach eolas an turasóra dea-aimsire aici ar Ghaoth Dobhair ach ní hamhlaidh a bhí agus cóip den mhapa sa leabhar mar réalt eolais agam. Is lú fós a bhí ar eolas agam faoi George Hill seachas beagán faoi in Óstán na Cúirte a bhí imithe as mo chuimhne.

Nach mise a bhí saonta ag ceapadh go mbeadh duine de phiardaí na himpireachta logánta ná tíriúil – bheith istigh ag a dhream leis an ‘ciorcal ríoga’ agus a gcuid bálanna is rásaí. Sliocht is sinsir ag ceannach gradam san arm ríoga le múineadh a chur ar na tútacháin a bhí mar choilíneachtaí acu, tráth nach dtéadh an ghrian faoi ar an impireacht.

A Mhama agus a dheartháir ina n-úinéirí ar Caisleán Chromghlinne, nó Hillsborough Castle is dóigh a thabharfadh an t-úinéir reatha Rí Séarlas Shasana air. Mise á rá leat ní haon sans-culottes iad na Hills seo, gaol ag a Mhama le Napoleon agus iníon dearthár le Jane Austen a phós sé le gean seachas giní, faoi dhó ba chirte dom a rá mar phós a deirfiúr ar bhás a chéad seirce. Tá a fhios agam anois cá bhfuair Austen a cuid carachtar.

Ná bac The Crown ach léigh an scéal seo.

Seo fear ar cuireadh £5,000 isteach ina chuntas le ghabháil ar thuras na hEorpa in aois a ocht mbliana déag in 1822 – ar shín aon duine agaibhse €130,000 airgead fánaíochta ag an mac le gairid?

Seal sna Royal Irish Hussars, ardú céime a cheannach, feisire parlaiminte (a ‘cheannach’) i gCarraig Fhearghais, in aghaidh an Reipéil, balbh in Westminster srl srl

Cuairt ar thiarna talún eile a raibh talamh aige i nDún Lúiche agus thit sé i ngrá le Tír Chonaill agus de réir nós a chine bhuail fíbín é leis an talamh agus an pobal a thabhairt chun sibhialtachta. Cheannaigh leath de Ghaoth Dobhair nó 100,000 acra in 1838 – talamh a raibh £900 sa mbliain cíosa le saothrú air.

Is iontach go deo leabhar mar seo le stair na tíre seo agus an tionchar a bhí ag na himeachtaí, na dlíthe agus na tubaistí ar an ngáthphobal i gceantar faoi leith a thuiscint, a scéal siúd, scéal chách. Ní hamháin gur úsáid Cathal Póirtéir taifid oifigiúla is cuntais mhuintir Hill féin ach bhí an béaloideas, nuachtáin is tuairiscí cúirte is cinsil á ransú aige. Ar ndóigh ba mhór an cuidiú a thuiscint ar bhéaloideas is seanchas an cheantair.

Roinneann sé linn chomh maith an léamh atá ag staraithe is saineolaithe an lae inniu ar an bhfear agus a shaothar i nGaoth Dobhair. Rinne Áine Ní Chonghaile an t-aicsean céanna lena leabhar An Cheathrú Rua Agus Na hOileáin Sa Naoú Haois Déag, ón bhfoilsitheoir céanna. Is mór idir an cur chuige spéisiúil sin agus an liosta dátaí is cogaí ó fhoinsí an Bhéarla a bhíodh á bhfoghlaim againne tráth.

Tá cuimse eolais is fíricí is scéalta tiomsaithe ag an údar faoin bhfear spéisiúil seo agus an ré chorrach inar mhair sé. Chaith sé airgead go leor i nGaoth Dobhair – bóithre, céibh, siopa, muileann, stór/siopa, teach poist, bácús, séipéal is scoil dá chreidmhigh féin, gnóthaí cniotála is feamainne, chomh maith le cual gnóthaí eile. Thug sé ‘Albanaigh’ isteach le go leor de na gnóthaí sin a rith. Rinne sé athroinnt ar an talamh ón seanchóras comhroinnte dúchais.

Labhair sé Gaeilge agus thug Gaeilge agus amhráin na tíre dá chlann, bhí cairde i saol léann na Gaeilge agus an dinnseanchais aige, thóg sé óstán sócúil a tharraing clú agus boic mhóra ar an gceantar. Moladh go haer é i leabhar na gcuairteoirí. Ní ar chúl an chlaí a bhí sé faoina chuid oibre mar bhí siad le léamh i leabhráin ‘Facts from Gweedore’ ag a mhéit.

Ní raibh bonn ceart faoina chuid oibre i dTír Chonaill nuair a threascair dúchan agus anachain an Drochshaoil an pobal agus ní beag le rá faoi aon tiarna talún é nár bhásaigh aon duine i nGaoth Dobhair de bharr an Ghorta Mhóir agus ar lean é. Mhaith sé an cíos agus beag beann ar laissez faire Londan, chuir sé fóirithint ar fáil. Is iomaí ceantar eile ar ceileadh fóirithint orthu cheal piardaí a bheith ina gcónaí ar a gcuid eastát a mbeadh glór agus cara sa gcúirt acu.

Déarfá leat féin nach drochbhodach a bhí i George ach mo léan an mhin atá ite, sna 1850idí thosaigh Cogadh na gCaorach agus caitheadh Hill agus a chuid oibre sa bpota bréan céanna le Adair agus santacháin shuaracha bheadaí eile dá dhream.

Is minic a chuala mé Gaeil Alban ag trácht ar na Clearances sna Garbhchríocha agus an díshealbhú a rinne na caoirigh agus na tiarnaí ar a bpobal san 18ú haois ach smid ní raibh i mo leabhair Staire faoi Thír Chonaill agus an raiceáil sin.

Sagairt is easpaig, báillí is arm, cúirteanna is fíneálacha troma, caoirigh á ngoid, eireabaill á mbaint de bheithígh – tá scannán ar a laghad ann. Roghchoiste Parlaiminte i 1958 faoin drochbhail a bhí ar phobal Ghaoth Dobhair – an raibh siad beo bocht nocht nó an raibh an t-eallach agus na héadaí curtha i bhfolach acu le fóirithint a fháil? Scéim imirce go dtí an Astráil agus ina lár istigh an fear ‘soilíosach’ a thriail an dream seo a thabhairt chun sibhialtachta agus cíos a shaothrú ar an gcoimín ó thréadaithe caorach as Albain, sliabh a bhíodh mar thalamh innilte acu riamh anall.

Pobal dúchasach na hAstráile agus Mheiriceá agus an tuiscint chaipitlíoch nua ar an talamh a mheabhraigh sé dom agus tá a fhios againn ar fad anois faraor cén toradh tubaisteach a bhí ar an dúshaothrú sin ar fad.

Léamh ann féin atá sna haguisíní – chuile phingin dár chaith Hill i nGaoth Dobhair chomh maith le hinnéacs leitheadach.

Mise á rá leat go mbeidh tú sáite sa scéal seo mar tá cor gan choinne ar chuile leathanach agus só agus anó sa tírín céanna. An t-aon locht atá agamsa ar an leabhar breá go gcaithfidh tú suí ag bord lena léamh mar is deacair an beagnach 400 leathanach a choinneáil oscailte gan taca!

Maithfidh tú an diomar sin don leabhar agus tú sna sála ag Hill ó rugadh é go dtí gur bhásaigh sé in 1879 ina theach i mBaile Áir.

Drochbhodach danartha a bhí sa mhac a bhí mar oidhre air a d’fhág smál ar an sloinne Hill go deo. Is deacair liom féin gan cuimhneamh ar bhaintreach an Tiarna George ag díol uibheacha ar phingineacha i ndeireadh a saoil. Ní íseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal.

Sheol an leabhar seo mise ar ais go dtí leabhar iontach eile The End of Outrage: Post-Famine Adjustment in Rural Ireland le Breandán Mac Suibhne. Tá muid faoi chomaoin mhór ag na staraithe seo as stair ár bpobail fhéin a labhair Gaeilge a nochtadh agus a chur i dtuiscint dúinn.

Fág freagra ar 'Ná bac ‘The Crown’ ach léigh scéal An Tiarna George Hill agus pobal Ghaoth Dobhair'

  • jpmorley0@gmail.com

    Grmma as an méid sin a chur ar ár súile dhúinn.