De réir mar a léiríonn pobalbhreitheanna na Breataine go bhfuil seans níos láidre ná riamh go vótálfar i gcoinne fanacht san Aontas Eorpach sa reifreann an mhí seo chugainn, tá polaiteoirí is tráchtairí den bhunaíocht in Éirinn ag dul chun scaoill faoin scéal.
Níl iarracht dá laghad á déanamh ag RTÉ, an Irish Times, Grúpa an Independent is eile, an dá thaobh den scéal a phlé go réasúnta. Ina ionad sin tá reacaireacht uafáis ar siúl agus bréaga loma á insint faoi bhacanna ar an teorainn idir Tuaisceart is Deisceart.
Tá sé ráite go soiléir ag na polaiteoiri is tábhachtaí ar son Brexit i Sasana nach mbeidh aon bhacanna den chineál sin ann (Boris Johnson, Theresa Villiers, Nigel Farage is eile). Ach ní thugann na meáin abhus aon aird orthu.
Seo sampla den mhí-ionracas a bhíonn ar siúl. Cuireadh ceist ar iar-sheansailéir na Breataine, Nigel Lawson, an mbeadh sé riachtanach bacanna a chur ar an teorainn dá mbainfeadh inimirceoiri leas as an gcomhlimistéar taistil idir Éirinn agus an Bhreatain le dlíthe na Breataine i dtaobh inimirce a sheachaint.
D’fhreagair sé go bhféadfadh bacanna den chineál sin a bheith riachtanach sa gcás sin. Ach thuairiscigh RTÉ News go ndúirt sé go mbeadh a leitheid de bhacanna riachtanach, lánstad. Ní hin a dúirt sé ach is mar sin a thuairiscigh RTÉ an scéal.
I ndáiríre, níl éinne i Sasana – ar son nó i gcoinne Brexit – ag moladh go ndaingneofaí an teorainn. Ní bheidh na Sasanaigh ag iarraidh é a dhéanamh, ná ní bheidh muide: mar sin ní tharlóidh sé.
Ó bunaíodh stát dár gcuid féin, bhí saoirse taistil gan bhac idir an dá thír. Bhí an comhlimistéar taistil, mar a thugtar air, againn sula ndeachaigh muid isteach san Aontas Eorpach agus nuair a d’fhan an Bhreatain as Conradh Schengen d’fhan muide as freisin ar mhaithe leis an gcomhlimistéar sin a choinneáil.
Ar deireadh thiar, is léir nach chun leas na Breataine a bheadh sé deacrachtaí a chothú don trádáil idir an dá thír. Ní chothódh muide iad, agus mar sin ní tharlóidh na huafáis a dtugann na meáin an oiread sin rabhaidh fúthu.
Maidir leis an gceangal idir Sasana agus an Eoraip, tá a fhios againn go bhfuil caidreamh ón taobh amuigh cheana ag an Iorua agus an Eilbhéis leis an Aontas. Ni chun leas na hEorpa é ach an oiread ceangal den chineál céanna a dhiúltú don Bhreatain.
Ach deir na ‘saineolaithe’ Eorabhácha nach bhfuil aon tionchar ag an dá thír sin ar rialacha a gcaithfidh siad cloí leo. Bhuel, cén tionchar dáiríre atá againne agus níos lú ná aon faoin gcéad den vóta againn ar Chomhairle na hEorpa?
Rud amháin atá cinnte ámh: i gcás Brexit, chuirfí stop leis an sleamhnú i dtreo an ollstáit Eorpaigh – fiontar a bhfuil amhras ann faoi cheana féin mar gheall ar ghéarchéim an airgeadais is géarchéim na dteifeach. Agus cén dochar?
Is féidir argóint a dhéanamh ar son comhoibriú eacnamúil idir stáit na hEorpa, ach an gá neamhspleáchas is féincheannas na tíre seo a chur ar ceal mar chuid den ‘Fhiontar Eorpach’?
Nach cóir dúinn leas a bhaint as aon idirbheartaíocht úr a bheas ann i gcás Brexit le cumhachtaí a fháil ar ais – cumhachtaí a bhaineann le hiascaireacht mar shampla, nó an ceart a bheith ag an stát s’againne ról díreach a bheith aige i gcruthú fostaíochta agus ag freastal ar riachtanais shóisialta ar nós tithíocht. ‘Cumhachtaí’ iad seo atá mídhleathach faoi láthair de réir ‘Bhunreacht’ an Aontais mar a glacadh leis i gconarthaí Nice, Liospóin agus sa Socrú Fioscach.
Dar leis an Financial Times, is é an socrú is cosúla a bheas ann i gcás Brexit ná ballraíocht chomhlach; agus míniú níos iomláine ar chomhlachas ní hamháin don Bhreatain ach do thíortha eile freisin.
Sa bhfadtéarma freisin, deir siad, bheadh croí-ghrúpa ann a rachadh ar aghaidh le stát nua a chruthú, agus imeall-ghrúpa a fhanfadh mar limistéar comhoibrithe geilleagair. Creideann siad go mbeadh na tíortha Lochlannacha agus b’fhéidir na stáit Bhaltacha san imeall-ghrúpa sin. Agus cén dochar don tír seo bheith in éineacht leo?
Léirigh na reifrinn faoi Nice, Liospóin agus an Socrú Fioscach go bhfuil 40% de vótóiri an stáit seo amhrasach faoin ‘bhFiontar Eorpach’. Ach ní bhíonn a nglór le clos sna ‘díospóireachtaí’ a chuireann RTÉ ar fáil dúinn.
Tá sé in am fáil réidh leis an reacaireacht uafáis, le scéalta bréagacha an anbhá, agus díospóireacht ionraic a reáchtáil faoi na cúiseann go bhféadfadh gur chun leas na tíre seo a bheadh ‘Brexit’ agus ballraíocht chomhlach san Aontas Eorpach ar mhaithe le comhoibriú geilleagrach amháin. Is i dtigh an diabhail leis an bhfiontar Eorpach féin!
Fearn
An bhfuil Eoin ag insint dúinn go bhfuil comhcheilg ar bun ag RTÉ ( agus an Irish Times, Grúpa an Independent is eile )?
Cad chuige?
Somerfeld
Níl giorrú mar ‘EU’ ceadaithe i Scrabble. Mholfainn éalú mar seo BREATAMACH
E
Donncha Ó hÉallaithe
“Rud amháin atá cinnte ámh: i gcás Brexit, chuirfí stop leis an sleamhnú i dtreo an ollstáit Eorpaigh….” a deireann Eoin. Ní maith liomsa an bealach a bhfuil cuma ollstáit eorpach ag tíocht ar an Eoraip agus tá cuid mhaith den cheart acu faoi scéalta an uafáis a bheith á chur ar impleachtaí Brexit don tír seo. Ach nár chaith Eoin é féin na mblianta i bhfábhar agus ag cosaint ollstát Eorpach eile, Aontas na Sóibhéibhe?