Ná bac caint Martin, is cosúil gur comhrialtas le Sinn Féin agus Fianna Fáil a bheidh ann

Nuair a scrúdaítear a raibh le rá ag Micheál Martin faoi Shinn Féin, b’fhéidir nach bhfuil an scéal chomh soiléir sin is a cheapfá ó léamh na nuachtán

Ná bac caint Martin, is cosúil gur comhrialtas le Sinn Féin agus Fianna Fáil a bheidh ann

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bhuel, tá comhrialtas idir Sinn Féin agus Fianna Fáil curtha as an áireamh? I ndáiríre? Nó an scéal bréagach na tuairiscí faoi chruinniú machnaimh i dTiobraid Árann an tseachtain seo caite?

Bhí na meáin ar fad tógtha leis an scéal seo, más scéal a bhí ann. Ach fiú nuair a scrúdaítear a raibh le rá ag Micheál Martin féin, b’fhéidir nach bhfuil an scéal chomh soiléir sin is a cheapfá ó léamh na nuachtán.

Chum an Tánaiste focal nua agus é ag freagairt ceist ó iriseoirí. Nílim ag dul le categorics. Sé sin, nach raibh sé le freagra gan débhrí a thabhairt ar an gceist.

Agus, chun na fírinne a rá, ní fhéadfadh sé. Dá ndéarfadh sé go raibh comhrialtas le Sinn Féin i gceist aige, bheadh an margadh déanta agus é uilig socraithe, dar leis an bpreas. Dá ndéarfadh sé nach mbeadh a leithéid i gceist bheadh deacracht aige dá mbeadh sé riachtanach níos deireanaí cur chuige difriúil a roghnú.

I ndáiríre dhiúltaigh sé an cheist a fhreagairt. Ba chuma leis na meáin, ámh. Chum siad an scéal a theastaigh uathu.

Mar an gcéanna le ceist eile a cuireadh ar Mhicheál Martin. Fiafraíodh de an raibh sé i gceist aige a bheith i gceannas ar Fhianna Fáil tráth an olltoghcháin seo chugainn. Cén freagra a d’fhéadfadh sé a thabhairt air sin ach “cinnte, gan dabht”. Agus ghlac na meáin go fonnmhar leis na “bhfreagra” sin.

Arís, ní fhéadfadh sé rud ar bith eile a rá, nó d’osclódh sé na geataí ar an síorcheistiú faoina chomharba.

Cinnte, tá nimh san fheoil ag Martin do Shinn Féin. Murach iadsan (creideann sé féin – agus cuid mhaith eile sa bpáirtí), ní bheadh aon rogha ag daoine le claonadh poblachtach ach vótáil do pháirtí Fhianna Fáil.

Agus is cuimhin le roinnt gur bhain Martin leis an eite phoblachtach den pháirtí go dtí le déanaí. Mar shampla, nuair a bhí sé in Ógra Fhianna Fáil agus é ina stócach, luaití go láidir le Charlie Haughey é agus leis an dream nach raibh an oiread sin measa acu ar Jack Lynch.

Deirtear, agus ceapaim go bhfuil sé fíor, go mbíodh a athair féin ag freastal ar agóidí ar son na stailceoirí ocrais.

Ach nuair a thit Fianna Fáil as a chéile i ndiaidh na Tubaiste in 2011, bhí lucht stiúrtha an pháirtí sa cheannoifig den tuairim nach raibh bealach ar ais acu ach vótaí na meánaicme a mhealladh chucu féin.

Bhí leithéidí Seán Dorgan, ardrúnaí an pháirtí, den tuairim go raibh an aicme oibre caillte acu den chuid is mó, nár vótáil siad an oiread sin ar aon chuma, is nach raibh aon leigheas ann ach an mheánaicme.

Mar chuid den dearcadh sin, bhí Martin, agus an cheannoifig, sásta David McGuinness a dhíbirt ar leataobh i mBaile Átha Cliath Thiar agus Jack Chambers a chur ina ionad; agus Dáithí de Róiste (atá ina ard-mhéara ar chathair Bhaile Átha Cliath anois gan bhuíochas do Mhartin) a chur ar leataobh i mBaile Átha Cliath Lár Theas cé nach bhfuil aon suíochán ag an bpáirtí ansin ó theip faoi dhó ar Catherine Ardagh, rogha na ceannoifige.

Maidir le ceist an chomhrialtais meastar go bhfuil an páirtí scoilte 50/50, agus ar a laghad an méad céanna go láidir in aghaidh comhrialtas le Fine Gael agus atá i gcoinne dul isteach le Sinn Féin.

Ag deireadh thiar braitheann sé ar na huimhreacha i ndiaidh an olltoghcháin. Cé go bhfuil dearg-ghráin ag Martin ar Shinn Féin (agus ag Sinn Féin ar Martin), déanfaidh gach páirtí an rud a bheidh riachtanach.

B’fhearr go mór le Sinn Féin nach mbeadh orthu aon chomhrialtas a dhéanamh le Fianna Fáil ach tá an col céanna ag a lucht tacaíochta le Glasaigh Eamon Ryan nó le Páirtí an Lucht Oibre –rud atá coitianta ar ndóigh san aicme oibre ar fad.

Ach is léir go mbeidh comhrialtas de chineál éigin ann, agus feictear domsa gur dóichí gur ceann idir Sinn Féin agus Fianna Fáil a bheidh ann seachas aon rogha eile, bíodh Martin ina cheannaire ar Fhianna Fáil nó ná bíodh.

Agus maidir leis sin, táim fós den tuairim go rachaidh Martin go dtí an Eoraip agus post breá compordach éigin aige i ndiaidh na dtoghchán áitiúil is Eorpach an samhradh seo chugainn.

Tugann gach tuar faoin scéal seo sna pobalbhreitheanna le tuiscint go gcaillfidh Fianna Fáil suíocháin is go mbeidh an páirtí an-lag ag dul isteach i gcomhchainteanna le páirtí ar bith eile.

Focal rabhaidh mar sin: ná tabhair barraíocht airde ar scéalta nuachta den chineál seo. Is tábhachtaí an chúlchaint ná an ráiteas poiblí.

Fág freagra ar 'Ná bac caint Martin, is cosúil gur comhrialtas le Sinn Féin agus Fianna Fáil a bheidh ann'

  • Sibéal

    Plus ça change…

  • jpmorley0@gmail.com

    Chuirfeadh an chleasaíocht, an ghanasaíocht agus an mhargántaíocht ‘liom leat’ sin go léir domlas agus seirfean ar éinne. Aidhm amháin atá acu agus sin uile: cumhacht a cheapadh agus a choimeád. Nuair a cailleadh Arthur Griffith fuarthas pingin shuarach amháin ina phóca agus, dála an scéil, ní raibh aon chuntas bainc aige in aon áit.