Murach capaillín Chonamara is ar éigean go gcasfadh roinnt turasóirí an bealach seo go deo

Tá Capaillíní Chonamara ag tarraingt turasóirí as chuile cheard

Murach capaillín Chonamara is ar éigean go gcasfadh roinnt turasóirí an bealach seo go deo

Capall fir a bhí ann. Bhí sé suite ag an mbord ba ghaire dom agus d’aithnigh mé ar an gcomhrá a bhí idir é féin agus a chomhluadar go rabhadar tagtha chun an Chlocháin le haghaidh Díolachán an Earraigh. “Na capaillíní a thug go Conamara sibh,” arsa mé féin. Thosaigh comhrá beag idir an dá bhord.

Ba as Longfort an fear óg mór ligthe. É féin agus a chomrádaí agus an bheirt bhan a bhí in éineacht leo. Tagann siad chun an Chlocháin chuig chuile dhíolachán de chapaillíní Chonamara. “An ag díol nó ag ceannacht atá sibh?” a d’fhiafraigh mé féin. “Tógfaidh muid go réidh i dtosach é,” arsa an fear mór. “Feicfidh muid linn ansin.”

Ba léir go mba as mianach na talún a fáisceadh é.

Bhí sé gaibhte ag plé leis an bhfeilméaracht beagán blianta ó shin. Laonna diúil is mó atá aige. “Is deacair,” a deir sé “mórán brabaigh a bhaint astu sin.” Agus céard faoi na capaillíní? “Idir cúpla scór agus leathchéad de chapaillíní Chonamara.”

“By dad,” arsa mé féin “chaithfeadh sé go bhfuil píosa breá talún agat?” Tharrac sé sa gcathaoir é féin. “Bhuel tá …tá sé maith go leor…anois ní mó ná réasúnta atá cuid dhe.”

Tuigim thú, arsa mise liom féin. Ní dheachaigh foclóir na feilméarachta amú ort.

Bhíodar suáilceach. Nár dheas an rud é go raibh daoine óga mar iad ag teacht go Conamara sa stoirm. Capaillíní agus comhluadar ach na capaillíní a chruthaigh an comhluadar an chéad lá.

D’éirigh dream Longfoirt ina seasamh, d’fhág slán againn agus dúirt go rabhadar ag dul síos thart ar bhaile mór an Chlocháin. Bheadh fáilte roimh chomhluadar mar iad i dteach ósta ar bith. Suáilceas i nduairceas an Gheimhridh. Bíodh pé ar bith óstóir ar chaitheadar píosa den oíche ann buíoch don chapall.

Sa mbeár in Óstán Theach an Stáisiúin sa gClochán a bhí muid. Bhí slua tagtha ann, daoine as áiteacha eile sa tír agus ceannaitheoirí as tíortha thar lear. Tá iarsmaí a bhaineann leis an tseirbhís traenach a bhíodh idir Gaillimh agus an Clochán go fairsing sa bhfoirgnimh. Díreach ar an spota seo a thagadh an traein isteach agus a d’imíodh sí arís i dtreo an domhain mhóir idir 1895 agus 1935.

Ar thraein a d’fhág an spota seo i 1912 a thug Micheál Ó Máille as Ros Muc dhá chapall leis chuig an Seó mór – Horse of the Year Show – i Londain an bhliain sin. Sa Teach Dóite a chuaigh seisean ar bord. Bhí an Máilleach ag tarraingt aird ar mhianach dúchasach an chapaillín agus é ag súil go ndéanfaí caomhnú agus cosaint ar na hainmhithe cruachúiseacha seo. Bhí fís ag Micheál agus pé locht atá ar chúrsaí ó shin i leith, tá téagar sa gcapaillín anois agus tá an mianach slán.

Deich mbliana fichead ó shin a tosaíodh na díolacháin sa gClochán – sa mbliain 1990. Bhí Malachy Mac an Rí, fear gnó as an gCladach Dubh agus John Sweeney – fear gnó aitheanta ar fud na tíre – as an gCladach Dubh freisin i dteannta a chéile ag bunú na marglainne sa gClochán. Bhí sé ina chonspóid san am mar go raibh marglann eile le bunú sa Teach Dóite 34 ciliméadar ón mbaile sin. Bhí polaiteoirí láidre i nGaillimh, leithéid Mark Killilea, sáinnithe sa scéal. Bhí tacaíocht ar fáil as cistí Eorpacha ach cén taobh a ngabhfadh sé?

Sa deireadh socraíodh go dtabharfaí cead a gcos do chaon dream: muintir Mhic Eochaidh sa Teach Dóite agus na Sweeneys agus Malachy King sa gClochán. Seafóid, a deir go leor daoine. Ní choinneodh Conamara dhá mharglann ag imeacht.

Chruthaigh na blianta a mhalairt. Ceart go leor, ní ribín réidh é scaití ach is ansin a chruthaíonn an fiontraí agus fear an mhisnigh go bhfuil miotal agus mianach ann.

Capaillín Chonamara bun agus barr an scéil. Maítear gurb é sin an t-aon chapaillín dúchasach atá againn sa tír seo. Níl dabht ach gur mór an spórt an capaillín agus níl seó sa saol ach iad nuair a théann siad isteach sa bhfáinne ar Pháirc an tSeó sa gClochán.

D’athraigh an saol agus ní hí an úsáid chéanna atá á baint as an gcapall anois agus a bhíodh tráth den saol. Na capaill a bhfuil oiliúint léimní agus marcaíochta curtha orthu is mó a bhfuil glaoch orthu anois agus is orthu is mó a íocadh airgead an deireadh seachtaine seo a chuaigh tharainn sa gClochán. Tugadh €7,500 ar cheann acu. Éiríonn go maith leo ag comórtais eachtraíochta ar fud na hEorpa agus feileann siad do mharcaigh óga freisin.

Ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Cuireann an capaillíní go mór leis an bpictiúr nádúrtha de Chonamara agus le tionscal na turasóireachta agus is ag treisiú atá an tsuim sa gcapaillín dúchasach.

Capall Chonamara bun agus barr an scéil ach gan fís agus fiontraíocht ní chuirfí in aithne é don domhan mór. Tugtar chun cuimhne Micheál Ó Máille agus a aistear as Conamara go Londain i 1912. Tugtar aitheantas freisin do John Sweeney as an gCladach Dubh, fiontraí cumasach a chuir slacht ar ionad na seantraenach sa gClochán agus a bhuail faoi bhealaí gnó nach raibh ann cheana – díolacháin capall ar cheithre ócáid sa mbliain ina measc.

Tá súil agam go bhfuair an feilméara óg as Longfort praghas maith ar a chuid capaillíní sa gClochán an deireadh seachtaine seo caite. Murach capaillín Chonamara is ar éigean go gcasfadh sé an bealach go deo – é féin agus a chomhluadar.

Fág freagra ar 'Murach capaillín Chonamara is ar éigean go gcasfadh roinnt turasóirí an bealach seo go deo'