Ní raibh fonn ar an Taoiseach cúrsaí airgid ná ama a phlé agus plean chun tramlíne Luas a thógáil i gcathair Chorcaí á sheoladh aige Dé Luain.
D’fhiafraigh iriseoirí de Mhicheál Martin sonraí a thabhairt maidir le maoiniú agus tráthchlár oibre na scéime. Freagra soiléir faraor níor thug sé.
Dhéanfadh an rialtas, a dúirt sé, “a mbeidh ar ár gcumas” leis an bplean a chur i gcrích “go tráthúil”. Bhí fonn air luas na hoibre a ghéarú, a dúirt sé, ach leid níor thug sé faoin mbrí ba chóir a bhaint as a chuid cainte.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire níos deireanaí go mb’fhéidir nach mbeadh paisinéirí ag taisteal ar Luas Chorcaí go ceann 15 bliain.
Theastaigh gealltanas maoinithe agus amchlár tógála chomh luath agus ab fhéidir ón Ardmhéara Dan Boyle – dhá rud nach neosfar go luath.
Mura n-athraítear gnáthchur chuige an státchórais, is féidir críoch an scéil seo a thuar gan mórán dua. I bhfianaise ar tharla i gcás thramlínte Bhaile Átha Cliath, bheadh éacht nach ndearnadh fós déanta dá mbeadh tramanna Luas ag taisteal ar shráideanna Chorcaí roimh 2035.
Is treise an trua go bhfuil moill ionann agus cinnte, tharla gur léir an riachtanas. Tugann gach foinse údarásach le fios nach laghdófar astaíocht charbóin na tíre mar a socraíodh faoi 2030 agus go ngearrfar pionóis mhóra ar an stát dá bharr.
Tá achoimre dheas i léaráid ar láithreán Béarla an togra www.luascork.ie: is leor tram amháin chun 300 duine a iompar. Theastódh ceithre bhus nó 240 gluaisteán (ar an meán) chun freastal ar an méid sin daoine.
Dála an scéil má fhágtar teidil na n-eagras atá páirteach sa scéim as an áireamh, níl oiread agus focal Gaeilge ar an láithreán.
Ní córas dáiríre ach líne amháin 18 ciliméadar atá molta a thógáil i gCorcaigh a shínfeadh ó Bhaile an Chollaigh ar an taobh thiar den chathair go dtí Machain ar an taobh thoir.
Tá stadanna ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh, ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, i lár na cathrach, ag Stáisiún Cheannt agus ag Páirc Uí Chaoimh ar an líne a foilsíodh. Tá locht amháin follasach áfach ar an líne atá beartaithe: níl a slí cóngarach do stáisiún Bhus Éireann i bPlás Parnell.
Mar a tharla sular fógraíodh tógáil dhá líne Luas i mBaile Átha Cliath, níl aon trácht sa phlean a sheol an Taoiseach ar fholínte ná ar chóras a d’fhreastalódh amach anseo ar cheantair eile sa chathair – Dúglas agus Wilton sa deisceart mar shampla, nó An Linn Dubh agus Baile na mBocht ar an taobh ó thuaidh.
Is mar gheall ar an moill a cuireadh ar thógáil an dá líne Luas i mBaile Átha Cliath (agus ar shíneadh gairid atá beartaithe) a chaithfear a bheith amhrasach faoi chur i bhfeidhm an phlean bhreá cois Laoi.
Ní foláir cuimhneamh mar shampla gur i 1996 a ritheadh reachtaíocht a chuir togra Luas na príomhchathrach ar bun ach nár thosaigh an tseirbhís go dtí 2004 agus nár ceanglaíodh an dá líne le chéile go dtí 2017.
Is fiú cuimhneamh freisin gur in 2021 a foilsíodh plean chun síneadh ceithre chiliméadar go Fionnghlas a chur leis an gcóras ach nár chinn an rialtas go dtógfaí é go dtí 2024. Níl oscailt na líne nua beartaithe go dtí 2031 – deich mbliana tar éis foilsiú phlean sonraithe lena tógáil.
Is ríléir faoin am seo nár bhrostaigh an feabhas follasach a chuir Luas ar chóras taistil Bhaile Átha Cliath – feabhas a théann chun sochair do mhuintir na cathrach agus do dhaoine eile – scéimeanna atá molta i gCorcaigh agus i nGaillimh. Múineann gá moill rómhinic in Éirinn.
Dúirt an Taoiseach agus an plean á sheoladh aige go raibh fíorchomhairliúchán poiblí riachtanach. Tá cruinnithe poiblí á reáchtáil ag foireann na scéime agus glacfar le tuairimí ón bpobal ar www.luascork.ie go dtí an 9 Meitheamh.
D’admhaigh Micheál Martin go raibh drogall air clár ama sonrach a thabhairt toisc go mbeadh a chomhlíonadh á chasadh leis amach anseo. Léirigh an admháil an fhadhb: fiú má fhógraítear sprioc-am críochnaithe nuair a sheoltar mórthogra riachtanach sa tír seo, déantar talamh slán de go hiondúil nach dá réir a chríochnófar é.
Is é sin má thosaíonn an obair in aon chor agus má chríochnaítear í i gceart agus go hiomlán.
Fág freagra ar 'Mura n-athraítear gnáthchur chuige an státchórais, is léir an chríoch a bheidh le scéal ‘Luas’ Chorcaí'