56 uair i gcúirteanna éagsúla ar thóir na fírinne go dtí seo. Beidh muintir Sheán Brown, a maraíodh beagnach ocht mbliana fichead ó shin, ar ais sa chúirt arís an tseachtain seo chugainn nuair a dhéanfaidh rialtas na Breataine an dara hiarracht fiosrú poiblí a cheilt orthu.
‘Mór idir an chaint nuair a bhí siad sa bhfreasúra agus iompar an pháirtí ó tháinig siad i gcumhacht i mí Iúil seo caite,’ arsa Clare Loughran, iníon Sheán Brown. Bhí súil ag an teaghlach go gcuideodh cur chuige an Lucht Oibre i rialtas leo an fhírinne a aimsiú faoin marú i 1997 mar go gcaithfidís i dtraipisí Acht Oidhreachta na gCaomhach lena bhac ar fhiosruithe agus ar thóraíocht an chirt. Údar díomá dóibh a bhfuil tarlaithe faoin rialtas nua.
Tá giotaí den reachtaíocht chonspóideach á gcur ar ceal ag rialtas Keir Starmer ach is cosúil nach ionann ‘aisghairm’ i gcaint an Phríomh-Aire agus an Státrúnaí Hillary Benn agus an bhrí a bhaineann an gnáthdhuine as an téarma sin.
Ba é Sean Brown, 61, cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael i mBéal Achaidh. Bhí sé ag cur glas ar gheataí an chlub oíche an 12 Bealtaine 1997 nuair a d’fhuadaigh dílseoirí ón LVF é. Scaoileadh marbh é deich míle slí ar shiúl, i mBaile Randaill áit ar frítheadh a chorp in aice lena charr a cuireadh trí thine.
Níor ciontaíodh éinne as an eachtra. Sceith bhéil is ea é as claonpháirtíocht agus as faillí san dualgas fiosrú éifeachtach a dhéanamh. Tháinig sé chun solais anuraidh go raibh cúigear is fiche bainteach leis an marú, gníomhairí stáit ina measc. Rialaigh breitheamh nárbh fhéidir ionchoisne a thabhairt chun críche toisc go raibh faisnéis riachtanach á ceilt chun slándáil an stáit a chosaint. D’ordaigh an breitheamh gur fiosrú poiblí oifigiúil an t-aon phróiseas a mbeadh sé ar a chumas déileáil leis an gcás.
Dhiúltaigh an Státrúnaí Hilary Benn fiosrú poiblí. Dúirt sé le Bridie Brown, baintreach an fhir mhairbh, a dhul i muinín an Choimisiúin a bunaíodh faoin Acht Oidhreachta, an ICRIR. Ní raibh iontaoibh ag an teaghlach as an gCoimisiún agus chuaigh siad ar ais chun cúirte. I mí na Nollag rialaigh an Ardchúirt go raibh dlíthe chearta an duine á sárú ag an rialtas agus d’ordaigh fiosrú poiblí. Rialaigh an Breitheamh Humphreys nár moladh aon rogha inoibrithe eile agus dá bhrí sin go raibh se soiléir go gcaithfí fiosrú reachtúil a bhunú.
Oíche chinn bhliana d’fhógair Oifig Thuaisceart Éireann go raibh achomharc á dhéanamh ag an Státrúnaí Hilary Benn in aghaidh an bhreithiúnais. Mhaígh siad go raibh ábhair thromchúiseacha, ceisteanna bunreachtúla ina measc, ag eascairt ón rialú. Éistfear an cás Déardaoin na seachtaine seo chugainn ó rialaigh an Príomh-Bhreitheamh, Siobhan Keegan ar an Luan go raibh práinn leis an obair ó bhí an cás imithe i bhfad.
Ní he cás Sheán Brown an t-aon cheann a bhfuil laincis curtha ag ceisteanna faoi shlándáil an stáit air. Liosta le háireamh iad. Cúpla lá ó shin tugadh sléacht Kingsmills chun cuimhne, an t-uafás a tharla ar an 5 Eanáir 1976 nuair a mharaigh an tIRA deichniúr oibrithe Protastúnacha in ionsaí seicteach. Ceileadh faisnéis ar ionchoisne faoin eachtra sin freisin agus d’éiligh cuid de ghaolta na marbh fiosrú poiblí.
Is iomaí duine a cheistíonn cur chuige an stáit faoi sheanfhaisnéis a cheilt. Cén duine nó cé na cleachtais a bheadh i mbaol de bharr oscailteachta? Níl aon chiall le cuid den cheilt a dhéantar – is mó amhras agus soiniciúlacht a chothaítear. Cé a shíl gur léiriú ar riar na córa é leathanaigh iomlána gan oiread is focal amháin fágtha gan cheilt a sholáthar d’ionchoisne Sheán Brown?
An ndéanfaidh an Príomh-Aire Starmer nó an Státrúnaí Benn beart chun mí-úsáid na bréag-argóina faoi shlándáil a mhaolú?
Ní chothódh a gcur chuige go dtí seo dóchas.
Fág freagra ar 'Muintir Sheán Brown ag dul chun cúirte ag éileamh an chirt don 57ú huair'