Mugaí spreagúla agus bábóga Marvel: an siopa leabhar mar pháirc spraoi

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: baineadh siar as ár gcolúnaí nuair a thug sé athchuairt ar shiopa leabhar a thaobhaíodh sé sa Bhrasaíl

Mugaí spreagúla agus bábóga Marvel: an siopa leabhar mar pháirc spraoi

Agus mé ar ais ar feadh tamaill i Salvador na Brasaíle, tharla mé san ionad siopadóireachta ina bhfuil an siopa leabhar is mó sa chathair, agus níor fhéad mé gan dul isteach.

Baineadh siar asam.

Rinneadh athchóiriú ó bhun go barr ar an siopa ó bhí mé i mo chónaí anseo cheana, agus ar éigean a d’aithin mé an áit. Bhí leabhair ann, cinnte – ach brúite i leataobh i gcoinne na mballaí a bhí siad, nó geall leis, agus bhí lár stáitse ar na boird mhóra i lár an tsiopa ag earraí nach raibh ach gaol i bhfad amach acu le cúrsaí litríochta: lampaí léitheoireachta, mugaí agus frásaí spreagúla clóite orthu, bábóga de chuid laochra Marvel agus bréagáin do-aitheanta eile a bhí ag splancadh agus ag bípeáil leo. Meu Deus, a shíl mé liom féin, tá mé tar éis siúl isteach i bpáirc spraoi.

Ba ansin a thug mé suntas do na custaiméirí. Sna déaga nó i dtús na bhfichidí agus gléasta sa stíl ‘emo’ a bhí an chuid is mó acu: éadaí dubha, gruaig ghorm, spéaclaí agus frámaí troma orthu, an cineál sin ruda. Ina suí agus ina luí ar thoilg bhoga a bhí scaipthe timpeall an tsiopa a bhí siad, gualainn cromtha in éadan gualainne nó ceann ar chliabhrach, súile sáite i scáileáin a gcuid guthán póca, beag beann, shílfeá, ar na leabhair a bhí ag bailiú dusta ina dtimpeall. (Seans go bhfuilim ag dul thar fóir anseo: bhí an siopa glan agus aerchóirithe. Ach tháinig mé ar dhialann don bhliain 2024.)

Cén saghas múnla gnó atá ag an áit seo ar chor ar bith? a d’fhiafraigh mé díom féin, agus ba ansin a shéid boladh caife agus pão de queijo – rollaí cáise teo – isteach i bpolláirí mo shróine. Thuig mé láithreach nach raibh sna leabhair ach maisiú, bealach chun déagóirí sochorraithe agus a dtuistí saibhre a mhealladh isteach le hearra luachmhar: deis chun cuma chultúrtha a chur orthu féin.

Tá leabhair an-daor sa Bhrasaíl. Chaith cara a bhí i mo chuideachta an luach céanna agus a chaithfeá ar thrí dhinnéar ar leabhar a chíorann, tráthúil go leor, léirithe mustair lucht an rachmais sa Bhrasaíl.

Gan dabht chaith mé féin tamall ag breathnú ar na seilfeanna agus bhí cuma mhaith ar leabhar nó dhó a tháinig amach ó d’fhág mé an Bhrasaíl, ach shocraigh mé gur sa siopa leabhar beag sa chomharsanacht ina mbíodh cónaí orm a cheannóinn iad. Caithfear tacú le gnólachtaí áitiúla, fiú mura mbíonn cónaí ort san áit a thuilleadh!

Ar ámharaí an tsaoil bhí an siopa beag sin fós i mbun gnó. Siopa Charlie Byrne i gcathair na Gaillimhe a mheabhródh an siopa sin duit ach é i bhfad níos lú; gach rud i mullach a chéile agus gan aon spás le corraí, ach buíochas leis na Béithe ní raibh radharc ar mhugaí spreagúla nó bábóga de chuid laochra Marvel.

Ach mar a tharla dom go minic sa siopa úd i nGaillimh, ní raibh na leabhair a theastaigh uaim ar fáil agus shiúil mé amach le carn leabhar eile. Beidh orm aghaidh a thabhairt ar an bpáirc spraoi emo san ionad siopadóireachta arís, agus beidh orm spás breise a chruthú i mo mhála lena chois.

Fág freagra ar 'Mugaí spreagúla agus bábóga Marvel: an siopa leabhar mar pháirc spraoi'