Mórghealach le feiceáil os cionn spéir na hÉireann anocht 

Bíonn cuma níos mó agus níos gile ar an mórghealach a bheidh le feiceáil anocht agus amárach

Mórghealach le feiceáil os cionn spéir na hÉireann anocht 

Táthar ag moladh do dhaoine lán na súl a bhaint as an spéir anocht mar a mbeidh mórghealach ann.

Bíonn cuma níos mó agus níos gile ar an mórghealach, a bheidh ann arís amárach.

Táthar buartha, áfach, nach mbeidh an lánghealach le feiceáil chomh soiléir is ba cheart de dheasca na drochaimsire a d’fhéadfadh an radharc a mhilleadh ar dhaoine.

Bíonn mórghealach ann nuair a bhíonn lánghealach ag an bpointe is giorra dá fithis timpeall an domhain.

De ghnáth bíonn an ghealach timpeall 384,400 ciliméadar ón domhan ach 357,264 ciliméadar uainn a bhíonn an mhórghealach.

Deir Astronomy Ireland gur anocht le héirí na gealaí is fearr breathnú ar an iontas seo sa spéir. Bíonn éirí na gealaí ann ag an am céanna le dul faoi na gréine.  Ag an tráth seo den lá a thagann Seachmall na Gealaí i gceist, feiniméan a chuireann cuma níos mó fós ar an ngealach.

Ag 10pm anocht atá éirí na gealaí, nuair a bheidh an ghealach ina buaic. 10.20pm a bheidh éirí na gréine oíche amárach.

Beidh an dara mórghealach an mhí seoo ann oíche an 30 Lúnasa.

Beidh mórghealach an 30 Lúnasa ina gealach ghorm mar gurb í an dara mórghealach in aon mhí amháin a bheidh ann.

2018 an uair dheireanach ar tharla a leithéid agus ní tharlóidh sé arís go dtí 2037. Ón bhfeiniméan sin a thagann an nath Béarla ‘once in a blue moon’, a chiallaíonn nach dtarlaíonn rud ach uair sna naoi n-aird nó go fíorannamh.

Ceithre mhórghealach a bheidh againn i mbliana agus is í ceann na hoíche anocht an dara ceann. Beidh an mhórghealach dheireanach den bhliain againn ar an 29 Meán Fómhair – gealach na gcoinleach.

Fág freagra ar 'Mórghealach le feiceáil os cionn spéir na hÉireann anocht '

  • Pádraig

    Faraor, beag seans ag éinne in Éirinn a dhath a fheiceáil agus é chomh scamallach fliuch fad fud na tíre!

  • Pól Ó Braoin

    Beidh eiteallán ag teastáil anseo abhus má tá muid ag iarraidh sin a fheiceáil. Seans an tsneachta in ifreann mar a déarfá…