Molaimis na múinteoirí atá mar ‘Sciath’ chosanta na gcluichí Gaelacha

Tá Sciath na Scol i gCorcaigh mar eiseamláir den sárjab atá á dhéanamh ag múinteoirí ar fud na tíre

Molaimis na múinteoirí atá mar ‘Sciath’ chosanta na gcluichí Gaelacha

Íomhá ó chluiche idir An Gleanntán agus Cloch Reo i Sciath na Scoil i mbliana. Pictiúr: Sciath na Scol/Flickr.com

De ghnáth cúrsaí iomána idirchontae agus club a bhíonn faoi chaibidil sa cholún seo chomh maith le cuid mhaith eile a bhaineann leis an gcluiche sin, ar an bpáirc agus lasmuigh di.

An Satharn seo déanfaidh mé iarracht cur síos a dhéanamh ar an obair iontach a dhéanann Sciath na Scol i gCorcaigh mar eiseamláir den sárjab atá á dhéanamh ag múinteoirí ar fud na tíre chun ár gcluichí Gaelacha a chaomhnú, a láidriú agus a scaipeadh.

Eagraíonn Sciath na Scol i gCorcaigh comórtais pheile do bhuachaillí agus do chailíní, mar aon le comórtais sa chamógaíocht agus san iomáint.

Ina sraitheanna a ritear na cluichí. Bíonn suas le trí mhíle cluiche ar fad sna ranna difriúla. Imrítear na comórtais pheile san fhómhair agus na cinn iomána ag deireadh an earraigh agus tús an tsamhraidh. 

Buaileann an dá fhoireann ag barr na sraitheanna éagsúla ar a chéile i gcluichí ceannais a bhíonn ar siúl, de ghnáth, i bPáirc Uí Chaoimh nó sa Rinn. Dar ndóigh bíonn an-tóir ag na páistí a bheith ag imirt sna staideanna tábhachtacha, iomráiteacha sin.

Tá sé mar ráiteas misin ag an Sciath spórt, cairdeas agus carachtar na bpáistí a fhorbairt trí chluichí Gaelacha sna bunscoileanna. 

Tá a fhios agam go bhfuil mórán cainte, tuairimí, tuairiscí, aontas agus easaontas faoin iomaíocht a bhaint as an spórt do pháistí agus, go ginearálta, aontaím leis sin. Mar sin féin ní foláir iomaíocht éigin a bheith ann chun caighdeán na spórtanna éagsúla a ardú agus ionas go mbeadh sprioc ag na himreoirí óga atá tugtha dá spórtanna éagsúla.

Sásaíonn comórtais Sciath na Scol an tóir a bhíonn ag páistí ar na spriocanna sin.

Ar laethanta na gcluichí ceannais mar a chéile díreach a ritear na réamhchluichí agus an cluiche ceannais féin. Bíonn gach ball de na painéil páirteach sa phrapáil.

An t-aon difríocht a bhíonn idir an fhoireann a bhuann agus an ceann a chailleann ná go bhfaigheann an fhoireann a bhuann corn.

Roimh gach cluiche ceannais, seasann an dá fhoireann ina línte díreacha os comhair an tseastáin, áit a mbíonn na leantóirí glóracha suite, agus cuirtear gach ball den phainéal in aithne do chách. Glaoitear amach gach ainm agus croitheann gach páiste a lámh lena lucht tacaíochta claonta féin. Ina dhiaidh sin croitheann gach imreoir lámh le gach imreoir atá ag an bhfreasúra.

Ansin imrítear an cluiche. Bíonn cuid acu aontaobhach agus cuid acu cothrom go leor agus cuid eile ina gclasaicí cearta. Ag an deireadh tugtar an onóir chéanna don dá fhoireann arís. Déanann an fhoireann bhuacach garda onóra don fhoireann a chaill agus iad ar a slí chuig an ardán chun na boinn a bhailiú. Bronntar na boinn ar gach imreoir duine ar dhuine.

Ansin tagann an fhoireann bhuacach aníos chun an corn agus na boinn a bhailiú. Ní bhíonn aon óráid i gceist. 

Uaireanta d’fheicfeá deora agus brón ar aghaidheanna chuid de na himreoirí a chaill ach, tríd is tríd, is iontach an ócáid í d’imreoirí, dá lucht leanta, dá múinteoirí agus dá dtuismitheoirí.

Nuair a bhíos féin ag plé leis an múinteoireacht tráth, is iomaí foireann bhuacach agus chaillteach a bhí againn sna cluichí.  Lá nó dhó ina dhiaidh sin, ní bhíodh mórán cainte ann faoin gcluiche ach minic go leor nuair a bhuailim le hiarscoláirí, is é an lá i bPáirc Uí Chaoimh an príomhábhar cainte a bhíonn againn, agus is cuma buacach nó caillteach a bhíomar.

Mar a scríobh an file Ralph Waldo Emerson: “is aistear é an saol seo agus ní ceann scríbe”.

Aontaím go hiomlán leis. Tá an t-aistear i bhfad níos tábhachtaí ná an chreach a bhailímid i rith ár saoil.

Blianta i ndiaidh do na páistí a bheith ag imirt cluiche mór sa phríomhstaid, is tábhachtaí go mór leo an taithí agus an ócáid ná cé a bhuaigh nó cé a chaill.

Tugann an Sciath an seans sin dóibh agus foghlaimítear mórán, ach fágtar acu an tsaontacht go fóill.

Fág freagra ar 'Molaimis na múinteoirí atá mar ‘Sciath’ chosanta na gcluichí Gaelacha'