Mistéir na leabhar athláimhe

Ní gá dom ach mo lámh a leagadh ar an gclúdach agus bím ag siúl i lár na coille, i ndomhan mistéireach Federico García Lorca

Mistéir na leabhar athláimhe

Sa siopa leabhar seo bhí boladh an iúir, na darach, an chuilinn agus na caithne. Bhraitheas scéalta na coille á gcartadh amach ós na céadta leabhar a bhí leagtha ar na seilfeanna. Sa siopa seo chuala na leathanaigh ag siosarnaigh mar a bhíonn na duilliúir i lár an tsamhraidh. Pé duine a leag peann ar na leathanaigh seo bhí na scéalta á scaipeadh i bhfad is i gcéin. Bhraithfeá go raibh míle teanga á n-aithris ag an am céanna, amhail na héin ag breacadh lae.

Thána ar an siopa leabhar seo ar chúlsráid i Malaga. Ní féidir aon ghúgláil a dhéanamh ar an ionad. Tá an áit seo ann don té sin a thiocfadh air de sheans. Fear óg a bhí i gceannas na háite. Tharraingíos an leabhar, ‘Antología Poética’ le Federico García Lorca anuas den tseilf ach n’fhaca aon phraghas air. Nuair a cheistíos fear an tsiopa is é seo an freagra a tugadh dom; ‘I siopa leabhar dara lámh bíonn an costas i gcónaí scríte laistigh den gclúdach ar bharr an leathanaigh.’ Bhí clúdach crua ar an leabhar seo agus bhí boladh an dúigh agus an pháir mar a bheadh sé nuachlóite. I gcúinne an leabhair bhí an costas €3 scríte i bpeann luaidhe. Ní raibh easpa airgid i bpócaí mhuintir an tí ag cur aon mhairg orthu.

Sa siopa seo shamhlóinn go mbeadh an lucht siúil ag preabadh na gcos agus go mbeadh an slua ag bualadh bos le rithimí an bhundúchasaigh. Fiú mura ndíolfaí na leabhair d’fhéadfaí staighre a dhéanamh astu nó falla nó tigh bábóige. Bhí a lán spáis san áit. 

Ní raibh ach beirt eile sa láthair agus an chuma orthu go dtagann siad anseo go minic. Bhí fallaí darach an tsiopa seo ina scáth ó theas an lae. I leabhar áirithe thána ar litir ghrá. I gceann eile thána ar chleite agus duilleog cnó capaill. Bhí solas is gealach san áit. Ní raibh an áit seo oiriúnach don té atá chomh bán le púca agus a chaitheann laethanta fada istigh i gcúinne dorcha na leabharlainne.

Ní haon bhean mhór léitheoireachta mise ach geallaim dhuit go gcuirfeadh an siopa seo fonn léite ort. Níl ort ach lámh a leagadh ar an gclúdach, boladh an pháir agus bhraithfeá go rabhais cheana féin tumtha i scéal an údair. Bhí aer na coille san áit seo. D’eitil péileacán isteach an fhuinneog agus bhí colúir ag canadh dá ngearcaigh nuashaolaithe i neadacha ar dhíon an tí.

Ó shin i leith táim tar éis a bheith ar thurais go mórchathracha na Spáinne, Sevilla agus Donostia ina measc, ach níor thána ar aon siopa leabhar mar a bhí i Malaga.

Cheannaíos carn leabhar an lá úd. Thugas liom iad go dtí an bodega ag bun an chnoic, ina bhfaigheadh na Briogáidí fothain le linn chogadh cathartha na Spáinne. D’osclaíos ‘Antología Poética’ le Federico García Lorca ag leathanach a seachtó a dó;

MADRUGADA

Pero como el amor
los saeteros
están ciegos….

AR MAIDIN MOCH

Ar chuma an ghrá
tá na seateros (amhránaithe sean-nóis Andalucia)
dall….

N’fheadar an bhfillfead ar shiopa Malaga. Ní mar an gcéanna an dara turas agus an chéad turas. Tá na leabhair seo anois ar an tseilf i bPort Láirge. Ní thuigim leath acu ach is cuma. Ní gá dom ach mo lámh a leagadh ar an gclúdach agus bím ag siúl i lár na coille, i ndomhan mistéireach an údair. 

Fág freagra ar 'Mistéir na leabhar athláimhe'

  • Antain Mac Lochlainn

    D’fhéadfainn laethanta fada as a chéile a chaitheamh i siopaí leabhar athláimhe. Bhain mé sult ar dóigh as an alt seo. Scríbhneoireacht bhríomhar shlachtmhar.

  • Darragh Ó Caoimh

    Píosa álainn!

  • Bridget

    Alt fileata!