Mise Éire (agus Tuaisceart Éireann) – fadhbanna téarmaíochta, Thuaidh agus Theas

Cá bhfuil ‘oileán na hÉireann’ más ionann ‘Éire’ agus an stát ó dheas? Téann ár gcolúnaí i ngleic leis an bhéarlagair uile-oileáin Thuaidh/Theas

Cartún cropped

Foirmle atá ag éirí leitheadach sa Bhéarla ná Ireland/Northern Ireland. Fiú eagraíochtaí stáit ar nós na hInstitiúide um Shláinte Phoiblí in Éirinn, tá tionscadal acu ar a dtugtar Ireland and Northern Ireland’s Population Health Observatory. Níl dúil agam ann, mar nós. Tá cúiseanna polaitiúla agam leis sin, gan dabht; má táthar ag maíomh gurb ionann Éire agus an stát a rialaítear as Baile Átha Cliath, cá bhfágann sin an pobal ar an taobh thuaidh den teorainn atá dílis don fhéiniúlacht Éireannach, agus atá i dteideal Éireannaigh a thabhairt orthu féin de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta? Is duine den phobal sin mé féin.

Admhaím gur deacair mise a shásamh sna cúrsaí seo. Níor théigh mo chroí le ‘Tuaisceart Éireann’ riamh. Ach oiread le daoine eile sa phobal náisiúnach, is é mo rogha ainm ná ‘Na Sé Chontae.’ Dála an scéil, níl an t-ainm sin díreach chomh polaitiúil agus a mheasfá – cluinim é ag daoine i nGaeltacht Thír Chonaill nach raibh lá airde riamh acu ar an ‘cheist náisiúnta’ ach ar deacair dóibh ‘Tuaisceart Éireann’ a rá nuair atá siad féin ina gcónaí i dtuaisceart na hÉireann.

Mar sin féin, bhí sé ina airteagal creidimh agam riamh nár cheart mo dhearcadh féin a bhrú ar dhaoine eile. Más Northern Ireland atá le haistriú agam, is é ‘Tuaisceart Éireann’ a scríobhfaidh mé. Rud eile ar fad, áfach, is ea ‘Éire/Tuaisceart Éireann’. Is geall le botún é ar mhéad is atá sé as alt le gnás na Gaeilge agus le meon na nGael. Tá sé míloighciúil, athráiteach, frithgheografach.

Féach, cuir i gcás, an scéim de chuid na hInstitiúide um Shláinte Phoiblí a luaigh mé thuas. Is é atá ann ná tionscadal taighde a bhailíonn agus a léirmhíníonn staitisticí faoi shláinte an phobail ar fud ‘oileán na hÉireann’. Ach cá bhfuil ‘oileán na hÉireann’ más ionann ‘Éire’ agus an stát ó dheas? Agus cad é a déarfá le habairt chomh hamscaí leis seo: ‘Is é atá i bhFaireachlann Shláinte Phobal na hÉireann agus Thuaisceart Éireann ná bunachar eolais ar shláinte mhuintir oileán na hÉireann.’ Pwhat? Is ar chúiseanna stíle, seachas cúiseanna idé-eolaíochta, ab fhearr liom a leithéid seo: ‘Is é atá i bhFaireachlann Shláinte Phobal na hÉireann ná bunachar eolais ar shláinte mhuintir na hÉireann, Thuaidh agus Theas.’

Nó cén bhrí a bhainfeá as an abairt seo: ‘Is comórtas staire uile-oileáin é seo do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.’ Comórtas náisiúnta nó comórtas atá á reáchtáil ag Comhairle Ceantair na nOileán? Níl an fhoirmle ‘oileán na hÉireann’ saor ó locht ach oiread, cé go míneodh sé, b’fhéidir, faillí an Rialtais in oileáin Árann. Le fírinne, níl ann ach slí leithscéalach mhaolchluasach le ‘Éire gan roinnt’ a rá.

Is chuige seo atá mé: má tá meon polaitiúil ag baint le leaganacha ar nós ‘na Sé Chontae’, níl foirmlí mar ‘Éire agus Tuaisceart Éireann’ neodrach ach oiread. Friotal ciotach camchosach atá ann a ceapadh as ceartchreideamh na críochdheighilte. Nár dhona an rud é, agus Glúin na Réabhlóide á comóradh againn, go mbeadh faitíos orainn ‘Éire’ a úsáid ina ciall stairiúil féin?

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Mise Éire (agus Tuaisceart Éireann) – fadhbanna téarmaíochta, Thuaidh agus Theas'

  • pip

    Cath beag eile in aghaidh na críochdheighilte. Nuair atá mé ar tí a rá, ‘Éire, thuaidh agus theas’ lena chur in iúl gur an t-oileán ar fad atá i gceist agam, athraím é go dtí,’Éire, thoir agus thiar’ a dhéanann an jab céanna agus a chuireann daoine ag smaoineamh.

  • Breandán Delap

    Alt iontach spéisiúil ar cheist thar a bheith cigilteach. Bhí sé mar pholasaí go dtí lár na seachtóidí ag an Stát ó dheas ‘na sé chontae’ a thabhairt air. Tá sé sin le feiceáil go soiléir i gcáipéisí de chuid na státsheirbhíse. Sílim gurb é Garret Fitzgerald a d’athraigh an polasaí seo nuair a bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha idir na blianta 1973-77

    • pip

      SIn ceist chigilteach eile: ar cheart an tAire Gnóthaí Eachtracha a chur i mbun dualgas a bhaineann le hÉirinn, thoir agus thiar?

  • Breathnóir

    ‘Rud eile ar fad, áfach, is ea ‘Éire/Tuaisceart Éireann’. Is geall le botún é ar mhéad is atá sé as alt le gnás na Gaeilge agus le meon na nGael. Tá sé míloighciúil, athráiteach, frithgheografach.’

    Tá an ceart ar fad ag Antain anseo. Ba chóir an abairt seo a chur i meamram chuig gach roinn agus chuig gach comhlachas Stáit, cé gur dócha go mbeidh gá lena haistriú go Béarla i gcuid mhór cásanna. Níl TG4 féin gan locht, tá Éire/TÉ feicthe agam ar an scáileán ag tagairt do na huimhreacha teileafóin atá le húsáid i gcuid de na seónna tallainn a bhíonn acu.

  • Seán

    Bhuel tá sé simplí go maith. Nuair a scríobhtar ‘Éire/Tuaisceart Éireann’ is é an rud atá á chur i luí ná Éire na ndaoine a shamhlaíonn an t-oileán mar aonad polaitíochta/sóisialta nó a chuireann isteach ar phas a fháil ó rialtas an tSaorstáit, nó Tuaisceart Éireann tromlach na Sé Chontae a shantaíonn neamhspleáchas Tuaisceart Éireann nach bhfuil compordach le bheith á locadh isteach in aonad polaitíochta amháin leis an gcuid eile don oileán. Ní gá d’aonad polaitíochta nó ainm náisiúin bheith ag teacht le tíreolaíocht nó tradisiúin.

  • paddy

    Tá sé simplí go leor, a Antain. Má tá “Ireland/Northern Ireland” le haistriú ón Bhéarla, ag meabhrú dhearcadh an scríbhneora ansin ina shuí ag a dheasc i Roinn an Taoisigh i mBÁC, is é an leagan is cruinne i nGaeilge ná “Iarthair na Breataine/Na daoine deasa sin ar nós Mike Nesbitt”