MIONLÉIRMHEAS: Páistí lárchathracha Shasana sna 1970idí – cá bhfuil siad inniu?

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha

MIONLÉIRMHEAS: Páistí lárchathracha Shasana sna 1970idí – cá bhfuil siad inniu?

Lárchathracha Shasana sna 1970idí

Like You’ve Never Been Away
ISBN 9781908457387 (crua)
ISBN 9781908457417 (bog)
Toisí: 200 x 250mm
134 lch
Foilsithe ag Bluecoat Press

Bhí Paul Trevor ar dhuine de na grianghrafadóirí a ghlac grianghraif de pháistí na Breataine sna 1970idí, íomhánna a léirigh spealadh eacnamaíoch na tréimhse sin sa Bhreatain.

B’in nuair nach raibh grianghrafadóirí chomh cúramach is atá siad inniu nuair a ghlactar grianghraif de pháistí. Uaireanta déarfá leat féin faoi chuid de na híomhánna seo: cá bhfuil na daoine sin inniu? An bhfuil páistí dá gcuid féin acu?

Go minic, léirítear páistí ina ndomhan beag (mór!) féin, beag beann ar an gcorraíl shóisialta thart orthu.

Stocaí pollta! Insíonn an méid sin a lán . . .

Cé thusa?

Do I Know You?
Grianghraif le Eugene Richards
Foilsithe ag Many Voices Press, 2025
160 lch
53 pictiúr daite
Toisí: 7¼x9¾”

Go leor de na leabhair sa tsraith seo, ní díreach seatanna randamacha iad: a bhformhór díobh, tá coincheap

nó cuspóir éigin ag baint leo; téama, más maith leat. Sa chás seo, braitheann daoine áirithe a labhraíonn le Richards (r.1944) gur fearr a thuigeann siad iad féin, fáth a mbuartha, fáth a ngáire, agus braitheann siad faoiseamh éigin faoi mar a bheidís tar éis a bpeacaí a insint dó!

Nuair a ghlacann Richards grianghraf díobh, mothaíonn siad go bhfuil siad tar éis seasamh amach as an scáil ar chuma éigin agus a dhearbhú don saol mór gurb ann dóibh, gur beo dóibh.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Páistí lárchathracha Shasana sna 1970idí – cá bhfuil siad inniu?'

  • Seán Ó Piarda

    Ar fheabhas!