MIONLÉIRMHEAS: ‘Níor thugais síos an Reeperbahn é! I gcuntas Dé . . .’

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, an taobh dorcha de Hamburg agus leabhar grianghraf eisceachtúil ón nGraonluinn

MIONLÉIRMHEAS: ‘Níor thugais síos an Reeperbahn é! I gcuntas Dé . . .’

Café Lehmitz
Grianghraif le Anders Petersen
Téacs le Roger Anderson
Réamhrá le Tom Waits
Prestel, Lakewood, a d’fhoilsigh, 2023.
Teanga: Béarla
120 lch
Toisí:  8¾xx¾”.

Is cuimhin liom go maith mo mháthair ag tabhairt amach do m’Uncail Curt a bhí tar éis an taobh dorcha de Hamburg a thaispeáint dom agus mé sna déaga luatha:

‘Níor thugais síos an Reeperbahn é! I gcuntas Dé . . .’ Ó, bhí sí ar buile leis.

Nuair a fhéachaim ar an leabhar seo, cuimhním ar amhrán Hans Albers:

Auf der Reeperbahn nachts um halb eins,

Ob du’n Mädel hast oder ob kein’s . . .

(Ar an Reeperbahn istoíche ar leathuair tar éis a dó dhéag, bíodh cailín agat nó ná bíodh).

Sráid i gceantar na soilse dearga a thaithíodh mairnéalaigh agus striapacha ab ea an Reeperbahn agus chaith an grianghrafadóir Petersen trí bliana ag glacadh grianghraf ann, go háirithe na custaiméirí a thagadh go Café Lehmitz, beár beorach. Bhíodh daoine sa

chaifé sin agus ní ligfí isteach aon áit eile iad!


Leabhar Eisceachtúil

James’ House
Grianghraif le Jacob Aue Sobol
Super Labo, Tóiceo, 2023.
Teangacha: Seapáinis & Béarla
152 lch
82 íomhá

Sa Ghraonlainn atá an leabhar grianghraf eisceachtúil seo suite agus baineann sé leis an ngrá a bhí ag grianghrafadóir Danmhargach

d’fhear Ionúiteach agus dá mhuintir.

Ag iarraidh a bheith ina shealgaire agus ina iascaire in Oirthear na Graonlainne a bhí Sobol agus taifead a dhéanamh ar an saol a bhí aige ann.

Léirigh James dó conas teacht ar rónta agus conas uirlisí an tsealgaire a úsáid. Mhúin sé dó cathain ba cheart dó a bhéal a oscailt agus cathain ba cheart dó a bheith ina thost. (Gúrú mar sin atá uaimse, a deir daoine áirithe fúm).

Ba é lár na cruinne é teach an Ionúitigh sin, a deir an grianghrafadóir linn, teach lán de gháire, lán de dheora bróin, lán de thost. Ceiliúradh ar a thréimhse i dteach James atá sa leabhar neamhchoitianta seo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: ‘Níor thugais síos an Reeperbahn é! I gcuntas Dé . . .’'