MIONLÉIRMHEAS: Newcastle upon Tyne sular athraigh sé go deo agus Ghost Net Collective na hAstráile

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha. An babhta seo, taifeadadh ar Newcastle upon Tyne sular athraigh sé go deo agus saothar Ghost Net Collective na hAstráile

MIONLÉIRMHEAS: Newcastle upon Tyne sular athraigh sé go deo agus Ghost Net Collective na hAstráile

Newcastle upon Tyne sular athraigh sé go deo

Byker
Foilsithe ag Dewi Lewis.
£40.00 clúdach crua
140 pláta, 160 lch

Toisí: 290mm x 260mm

Súil siar ar ré eile is ea Byker le Sirkka-Liisa Konttin, an Fionlannach mná a dhein taifeadadh ar Newcastle upon Tyne sular athraigh sé go deo:

Ba sa bhliain 1984 a foilsíodh Byker ar dtús agus aithnítear anois ina chlasaiceach grianghrafadóireachta é.

Deireadh leis an longtógáil agus le cúrsaí innealtóireachta ar an mbaile ba chúis leis an athrú tobann.


Líonta Ealaíonta

Tháinig ealaíontóirí Astrálacha, Bundúchasaigh ina measc, le chéile chun saothair ealaíne a chruthú as líonta iascaireachta a caitheadh i dtraipisí, nó fearas iascaireachta a cailleadh – potaí, gaistí agus mar sin de.

Tá saothar an dreama seo, an Ghost Net Collective (GNC), le moladh go mór agus samhlaím go bhféadfadh ealaíontóirí na hÉireann inspioráid a fháil uathu. Bíonn go leor deiseanna ag ealaíontóirí na tíre seo faoin scéim Ealaín Phoiblí agus bheadh obair den sórt seo ní hamháin ealaíonta ach tairbheach chomh maith ó thaobh na timpeallachta de.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomharghnó GNC anseo.

Is féidir breathnú ar shaothair ealaíne phoiblí in Éirinn anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Newcastle upon Tyne sular athraigh sé go deo agus Ghost Net Collective na hAstráile'