MIONLÉIRMHEAS: Is minic gurb iad na smaointe simplí is fearr ar fad ach iad a aithint

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo grianghraif neamhchoitianta atá againn, idir scuideanna is tearmann dúlra i Loch Garman

MIONLÉIRMHEAS: Is minic gurb iad na smaointe simplí is fearr ar fad ach iad a aithint

SCUID-EALAÍN: Ink

Grianghraif le Tanya Marcuse
Foilsithe ag Fall Line Press, 2021 
60 leathanach 
22 léaráid lándaite
Toisí:  11×14″

I measc na leabhar is neamhchoitianta sa tsraith mionléirmheasanna seo ar leabhair neamhchoitianta, bheadh an leabhar seo INK go hard ar an liosta agam.

An maith leat calamari? Rud amháin is ea scuid a ithe. Rud eile is ea leas a bhaint as scuid chun íomhánna aisteacha aeracha a chruthú. I gcúrsaí ealaíne – agus i gcúrsaí eolaíochta –  is minic a bhíonn toradh spéisiúil ar thimpiste. Ní raibh i gceist ag Tanya Marcuse grianghraif a ghlacadh de scuideanna go dtí go ndeachaigh a mac, Jonah, amach ag iascach scuideanna oíche shamhraidh in Maine, sna Stáit Aontaithe.

Thug sé leathbhuicéad scuideanna abhaile leis agus an lá dár gcionn bhí Tanya á nglanadh ar leatháin de shean-nuachtáin nuair a thuig sí go raibh sí meallta ar fad ag na híomhánna a bhí os a comhair.

Leath an dúch ón scuid ar fhógraí agus ar scéalta nuachta agus ghlac Tanya grianghraif ar IPhone den ‘nuacht’ a bhí á cruthú os a comhair ar an sean-nuachtán.

Smaoineamh álainn simplí! Is minic gurb iad na smaointe simplí na smaointe is fearr ar fad, ach iad a aithint. Nach ea? Tá rud éigin saghas osnádúrtha ag baint leis na híomhánna seo – ach an-nádúrtha mar sin féin.

Is fiú breathnú ar shaothar eile léi ar an suíomh gréasáin aici a thugann eolas dúinn chomh maith faoina saol go dtí seo:

http://tanyamarcuse.com/bio-contact


Máistir eile de bhunadh na hÉireann

Tá scata grianghrafadóirí de bhunadh na hÉireann ar máistrí grianghrafadóireachta iad. Duine acu is ea Tom McGahan. Tháinig a thuismitheoirí go Sussex sa bhliain 1971. Carmanach ab ea a mháthair agus b’as Tír Eoghain dá athair. Rugadh Tom sa bhliain 1973.

Is maith le Tom siúl a dhéanamh sa tearmann áitiúil (Blackwater Estuary Reserve). Níl mórán le feiceáil ann i gcomparáid le hiarthar na hÉireann, abair, agus is annamh aon Chríostaí eile amuigh ag siúl ann. Chloisfeá an roilleach nó an pilibín, b’fhéidir. Is beag eile.

Tháinig Tom ar Dhia ann. Ní raibh sé á lorg ná aon ní. Tháinig sé ar Dhia sa chiúnas, sa tost, sa neamhní, sa díseart fliuch, gan chuireadh gan iarraidh.

I Am Always Here teideal an leabhair aige – an chéad leabhar uaidh ar chaith sé ocht mbliana á chur le chéile – agus tá YouTube inspioráideach déanta aige chun poiblíocht a fháil don leabhar.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Is minic gurb iad na smaointe simplí is fearr ar fad ach iad a aithint'