MIONLÉIRMHEAS: Búdaghraif agus an buachaillín a raibh ocras air

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, saothar a bhfuil an Búda ina chroílár agus íomhá cháiliúil ó Amstardam

Tugaimse Búdaghraif ar shaothar an ghrianghrafadóra seo sa mhéid gur Búdalárnach ar fad atá saothar Matthieu Ricard, an Búda ina chroílár.

Dá gcuirfeá an ceol fliúite thuas ar siúl agus tú ag breathnú ar a chuid grianghraf, seans maith go mblaisfeá den tséimhe chomhbhách atá laistiar dá shaothar.

A Naofacht, an 14ú Dálaí Lama agus é i dteannta oide spioradálta athionchollaithe de chuid Ricard, Dilgo Khentse Rinpoche (1910 -1991)

Thíos: manaigh ag damhsa i Neipeal


An buachaillín a raibh ocras air

Seans maith nach bhfaca tú an grianghraf seo cheana, Buachaillín tanaí agus

bia á lorg aige in Amstardam. Tá an grianghraf feicthe ag go leor Ollannach, áfach, agus thar aon íomhá eile meabhraíonn sé an Fhorghabháil dóibh.

Adhlacadh go leor Giúdach san Ísiltír i reiligí Críostaí le linn na Forghabhála

chun nach dtarraingeofaí aird na Naitsithe ar an teaghlach.

As an leabhar Hidden Lens le Emmy Andriesse, foilsithe ag Schilt Publishing.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Búdaghraif agus an buachaillín a raibh ocras air'